Ieremiah 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VIII. Ata an pobal, an duine críona, an sagart agus an faiġ, santaċ, bréugaċ, ann Ierusalem. 1 Ann sa namsin, a deir an TIĠEARNA, do ḃéuruid síad amaċ as a nuaiġiḃ, cnáṁa ríġṫe Iúdah, agus cnáṁa a bprionnsaḋ, agus cnáṁa na sagart, agus cnaṁa na ḃfáiġeaḋ, agus cnáṁa áitreaḃṫaċ Ierusalem: 2 Agus leaṫnoċuid síad íad as coinne na gréine, agus na gealuiḋe, agus ṡlóiġ neiṁe uile, noċ dob ionṁuin léo agus dá ndeárnadar seirḃís, agus a ndiáiġ ar ṡiúḃluiġeadar, agus noċ díarradar, agus noċ do aḋradar: ní ċruinneoċṫar íad, ní haḋlocṫar íad, biáid ċum aóiliġ ar ġnúis na talṁan. 3 Agus béarṫar bás do roġuin tar ḃeaṫa leis an méid ḃías dfuiġioll na droċṁuinntiresi uile, noċ ḃías dfuiġioll ann gaċ uile áit ann a ndíbéora misi íad, a deir TIĠEARNA na slóġ. 4 ¶ Tuilleaṁ fós a déara tú ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA; An ttuitfid, agus gan éirġe? an ḃfillfiḋ sé, agus gan aiṫḟilleaḋ? 5 Cred fa ḃfuilid an pobalso Ierusalem ag sleaṁnuġaḋ síar le míoċoinġioll síorruiḋe? congṁuid siad cealg go daingion, díultuiġid síad filleaḋ. 6 Déist misi agus do ċúala mé, aċt níor laḃradarsan go ceart: níor ġaḃ aiṫreaċus áonduine iona olc, ġa ráḋ, Cred do rinne mé? dfill gaċ áonduine da ċúrsa fein, mar sgeinneas an teaċ ċum an ċaṫa. 7 Aseaḋ, bí fios a haimsire cinte ag an ccorr‐ġláis ann sa naiéir; agus coṁarṫuiġ an turtuír agus an ċórrṁónaḋ agus a náinleóg am a tteaċta féin: aċt ní ḟeidir mo ḋaóinesi breíṫeaṁnus an TIĠEARNA. 8 Ciondus a dearṫaói, Atámaóid críonna, agus atá dliġeaḋ an TIĠEARNA aguinn? Féuċ, go dearḃṫa is go díoṁaoin do rinne sé é; is go dioṁaóin atá peann na scriḃneóireaḋ. 9 Atá náire air na daoíniḃ críonna, atáid ar líoṫaḋ agus ar na ngaḃáil: féuċ, do ḋíultadar bríaṫra an TIĠEARNA; agus cred an gliocas atá ionnta? 10 Uimesin, do ḃéara misi a mná dfearuiḃ oile, agus a ḃfearuinn don druing ġéaḃus a noiġreaċt: óir atá gaċ uile ḋuine ón mbeag gus an ṁór ar na ṫaḃairt do ṡaint, on ḃfáiġ gus an sagart do ní gaċ uile ḋuine go bréagaċ. 11 Oír do leiġisiodar lot inġine mo ḋaóine go héatrom, ġa raḋ, Sioṫċáin, síoṫċáin; agus gan síoṫċain ann. 12 An raiḃ náire orra a núair do rinneadar gráineaṁlaċt? ní heaḋ, ní raiḃ náire orra ar aonċor, ní mó dféadadar deargaḋ: uimesin tuitfid siad a measg na druinge ṫuitfíos: a naimsir a ccúarta teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA. 13 ¶ Go deiṁin scriosfuiḋ mé íad, a deir an TIĠEARNA: ní ḃiáiḋ aointríopall ar an ḃfíneaṁuin, nó fígiḋe ar an ccrann fíge, agus críonfa an duille; agus imṫeoċuiḋ na neiṫe úaṫa ṫug mé ḋóiḃ. 14 Cred fa a ḃfanmaóid ar suiġe? cruinniġiḋ siḃ féin, agus déanam a steaċ annsna caiṫreaċaiḃ daingne, agus bímid ar ttoċd annsin: óir do ċuir an TIĠEARNA ar Ndía ar toċd sinn, agus ṫug sé uisge domblois dúinn re ól, do ḃríġ gur ṗeacuiġeamar a naġaiḋ an TIĠEARNA. 15 Do ḃí súil aguinn ré síoṫċain, aċt ní ṫáinic maiṫ ar biṫ; agus ré haimsir ṡláinte, agus féuċ an buáiḋreaḋ! 16 Do ċlós tormán a eaċruiḋe ó Ḋan, do ċríoṫnuiġ an talaṁ úile le fuáim ṡeitriġe a eaċ láidir; óir ṫángadar, agus do ṁilleadar an tír, agus a ḃfuil innte; an ċaṫair agus an ṁéid ċóṁnuiġios innte. 17 Oír, féuċ, cuirfiḋ mé naiṫreaċa niṁe, cocatrísiġ, ḃur measc, naċ géaḃa ré piseoguiḃ, agus bainfid greim asuiḃ, a deir an TIĠEARNA. 18 ¶ A nuáir do ṡaóilios mé féin do ṡólásuġaḋ a naġaiḋ an dóláis, atá mo ċroiḋe lag ionnam. 19 Féuċ gúṫ ċoṁairc inġine mo ḋaoine do ḃríġ na muinntire áitreahhus a ttir imċéin: Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ann Sion? naċ ḃfuil a ríġ inte? Cred as ar ḃrostuiġeadar misi ċum feirge le na níoṁáiġiḃ greanta, agus le díoṁaóineasuiḃ coiṁṫiġeaċa? 20 Do ċuáiḋ an foġṁar ṫoruinn, do críoċnuiġeaḋ an saṁraḋ, agus níor coḃruiġeaḋ sinne. 21 Ar son gortuiġṫe inġine mo ḋaóine atáimsi gortuiġṫe; atáim dúḃ; rug úaṫḃás greim orum. 22 An neaḋ naċ ḃuil íoc slainte a Ngílead? an neaḋ naċ ḃfuil liáiġ ar biṫ ann? maiseaḋ cred fa naċ aisiogṫar sláinte inġine mo ḋaóinesi? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society