Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Is leasuġaḋ gnioṁ, do ċonṁas Iudah ó ḃrúid, 4 agus ni maóiḋeaṁ as an tteampall, 21 no as ioḋbairt, 25 no as Sinnsioraċt.

1 An focal ṫáinic go Ieremiah ón TIĠEARNA, ġá ráḋ,

2 Seas a ngeata ṫiġe an TIĠEARNA, agus fúagair an ráḋso annsin, agus abair, Eistiġsi bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile, ṫigios a steaċ annsna geataḋuiḃsi daḋraḋ an TIĠEARNA.

3 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, Leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus do ḃéara misi oruiḃ áitreaḃ annsa náitsi.

4 Ná táoḃuiġiḋ ré bríaṫruiḃ bréagaċa, ġa ráḋ, Teampall an TIĠEARNA, Teampall an Tiġearna, Teampall an Tiġearna, íad so.

5 Oír má leasuiġṫí ḃur sliġṫe go hiomlán agus ḃur ngníoṁa; má ḃearṫaói breiṫeaṁnus go hiomlán idir duine agus a ċoṁarsa;

6 Muna mbrúiġti an coiṁṫiġeaċ, an dilleaċta, agus an ḃaintreaḃaċ, agus gan fuil neiṁċiontaċ do ḋórtaḋ ann sa náitsi, agus gan siuḃal a ndiáiġ dée oile ċum ḃur ndoċair féin:

7 Annsin do ḃéara misi oruiḃ áitreaḃ ann sa náitsi, ansa dúṫaiġ ṫug mé dá ḃur naiṫriḃ, go bráṫ agus ċoiḋċe.

8 ¶ Feuċuiḋ, créd ṫig do ḃríaṫruiḃ bréagaċa, naċ ḃféudann tárḃuġaḋ.

9 An ngadfuiḋe, an muirfiḋe, a ndéantaói aḋaltrannas, agus mionna bréige do ṫaḃairt, agus túis do losgaḋ do Ḃaal, agus imṫeaċt a ndiáiġ dée oile naċ feas díḃ;

10 Agus teaċt agus seasaṁ am ḟiaḋnuisise annsa tiġsi, noċ goirṫear a mainm, agus a ráḋ, Atámaoidne sáor ó ḋéanaṁ na gráineaṁlaċtsa uile?

11 An ḃfuil an tiġse, goirṫear am ainmsi, na ṗruċlais ṡladṁóireaḋ ann ḃur raḋarcsa? Féuċ, eaḋon do ċonnairc misi sin, a deir an TTIĠEARNA.

12 Aċt éirġiḋe anois dom áitsi noċ do ḃí a Siloh, mar ar ṡuiġiḋ mé mainm an ċéaduáir: agus féuċuiḋ cred do rinne mé ann ar son uilc mo ṗobail Israel.

13 Agus anois, do ḃríġ go ndéarnaḃair na hoibreaċaso uile, a deir an TIĠEARNA, agus gur laḃair misi riḃ, ag éirġe go moċ agus ag laḃairt, aċt ní ċúalaḃairsi; agus do ġoir mé siḃ, aċt níor ḟreagraḃair;

14 Uimesin do ḋéana mé ris an ttiġse, ġoirṫear am ainm, iona ḃfuil ḃur ndóiġsi, agus ris a náit ṫug mé ḋíḃ agus dá ḃur naiṫriḃ, mar do rinne mé re Siloh.

15 Agus teilgfiḋ mé siḃ as mo raḋarc, mar do ṫeilg mé ḃur ndearḃráiṫre uile amaċ, eaḋon síol Eṗraim uile.

16 Uimesin ná guiḋsi ar son na ndaóinesi, agus ná tóig coṁairc na urnaiġ ar a son, agus ná cuir impíḋe orumsa: óir ní ċluinfiḋ mé ṫú.

17 ¶ Naċ ḃfaicionn tú cred do níd síad a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah agus a sráidiḃ Ierusalem?

18 Cruinniġid an ċlann connaḋ, agus dearguid na haiṫre an teine, agus súaṫaid na mná táos, do ḋéanaṁ bairġion do ḃainríoġuin neiṁe, agus do ḋórtaḋ amaċ ofrálaċ diġe do ḋéeiḃ oile, dom ḃrostuġaḋsa ċum feírge.

19 An ccorruiġid síad mé ċum feirge? a deir an TIĠEARNA: naċ íad féin ḃrostuiġid síad do náiriuġaḋ a naiġṫeaċ féin?

20 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, dóirtfiġear mfearg agus mo ċúṫaċ amaċ air a náitsi, ar ḋuine, agus air ainṁiḋe, agus ar ċrannuiḃ an ṁaċaire, agus air ṫoraḋ na talṁan; agus loisgfiḋ sé, agus ní múċfuiġear é.

21 ¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Cuiriḋ ḃur noḟrálaċ loisge a gcionn ḃur níoḋbarṫaċ, agus iṫiḋ feóil.

22 Oír níor laḃair misi re ḃur naiṫriḃ, ní mó daiṫin mé ḋíoḃ annsa ló a ttug mé as talaṁ na Hégipte íad, a ttáoḃ ofrálaċ loisge nó íoḋbarṫa:

23 Aċt daiṫin mé an ní so ḋíoḃ, ḋá ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus buḋ misi ḃur Ndía, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa: agus siuḃluiġiḋ annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin mé, ċor go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ.

24 Aċt níor éistiodar, ní mó do ċláonadar a ccluás, aċt do ṡiúḃladar a ccoṁairleaċaiḃ agus a neasurraim a ndroċċroiḋe féin, agus do ċúadar ar a ccúl, agus ní air a naġaiḋ.

25 On ló fá ttangadar ḃur naiṫre amaċ as criċ na Hégipte gus a niuġ do ċuir me mo ṡeirḃísiġ uile ċugaiḃ na fáiġe, ag éirġe go moċ go laéṫeaṁuil agus dá ccur uáim:

26 Giḋeaḋ níor éisteadar riom, níor ċláonadar a cclúas, aċt do ċruaiḋeadar a muinéil: do rínneadar níos measa náid a naiṫre.

27 Uimesin a déara tú na bríaṫraso uile ríu; aċt ní éistfidsion riot: goirfiḋ tú orra mar an ccéadna; aċt ní freagoruid síad ṫú.

28 Aċt a déara tú ríu, Is cineaḋ íad so naċ úṁluiġionn do ġúṫ an TIĠEARNA a Ndía, agus naċ gaḃann smaċd: déug a nfírinne, agus do gearraḋ amaċ í ó na mbéul.

29 ¶ Geárr ḋiot do ġruág, a Ierusalem, agus teilg uait í, agus toig súas caóineaḋ ar áitiḃ árda; óir do ṫarcuisniġ an TIĠEARNA agus do ṫréig sé ginealaċ a ḟeirge.

30 Oír do rinneadar clann Iúdah olc ann mo raḋarc, a deir an TIĠEARNA: do ċúireadar a ngráineaṁlaċda annsa tiġ ġoirṫear a mainmsí, dá ṫruáilleaḋ.

31 Agus do ṫógḃadar áite árda Tóṗet, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do losgaḋ a mac agus a ninġean annsa teíne; ni naċ ar aiṫin misi, agus naċ ttáinic ann mo ċroiḋe.

32 ¶ Uimesin, féuċ, tiucfa an lá, a deir an TIĠEARNA, naċ goirfiġear Tóṗet de ní sa mó, nó gleann ṁic Hinnom, aċt gleann a náir: óir aḋlaicfid síad ann Tóṗet, nó go raḃuid gan ionad aca ann.

33 Agus béid cuirp na ndaóinesi na mbiaḋ ag éunuiḃ a naiéir, agus ag beaṫaċuiḃ na tahnhan; agus ní ḋibéora aónduine ḋíoḃ íad.

34 Ann sin do ḃéara mé fa deara sgur ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus ó ṡráidiḃ Ierusalem, gúṫ an tsúḃaċus, agus gúṫ na lúaṫġaire, gúṫ a nfir núaḋṗosda, agus gúṫ na mná núaḋṗósta: óir biáiḋ an dúṫaiġ na fásaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan