Ieremiah 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Dioġḃáil agus doġruinn an ṗobuil, arson a bpeacaḋ. 1 Oa ċlann Ḃeniamin, cruinniġiḋ siḃ féin a cceann a ċéile, do ṫeiṫeaṁ amaċ as lár Ierusalem, agus séidiġ an stoc ann Tecoa, agus cuiriḋ súas coṁarṫaḋa teineaḋ a Mbeṫaccerem: óir atá olc ag teaċt ón tuáisceart, agus dioġḃáil ṁór. 2 Do ṡaṁluiġ mé inġean Sion ré mnaói scíaṁuiġ ṡaóiṫeaṁuil. 3 Tiucfuid na háoḋaire go na ttréuduiḃ na gar; suiḋfid a lóistíne as a coinne timċioll fa ccuáirt; bíaṫfuid síad gaċ uile ḋuine iona áit féin. 4 Gléusuiḋsi cogaḋ na haġaiḋ; éirġiḋe, agus déanam súas san meaḋón laói. A ṁairg ḋúinne! óir atá an lá ag imṫeaċt ṫoruinn, óir atáid néulla an tráṫnóna ar na síneaḋ amaċ. 5 Eírġiḋe, agus imṫiġeam san noiḋċe, agus sgriosam a páláis. 6 ¶ Oír is marso a duḃairt TIĠEARNA na slóġ, Gearruiḋ sios crainn, agus teilgiḋ port a naġaiḋ Ierusalem: isí so an ċaṫair ionċúartuiġṫe; is leaṫtrom í iona lár uile. 7 Aṁuil mar ṫeilgios tiobruid a huisceaḋa amaċ, is marsin ṫeilgiḋ sí amaċ a cionta: do ċlos foiréigin agus milleaḋ innte; atá dom laṫairsi a ccoṁnuiġe doilġios agus cneaḋa. 8 Gaḃsa teagasc, a Ierusalem, deagla go ndeileaċaḋ manam riot; deagla go ndéanuinn uáigneaċ ṫú, tír gan áitreaḃ. 9 ¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Dioġluimfid síad fuiġeall Israel go hiomlán mar ḟíneaṁuin: fill ar hais do láṁ aṁuil cnuáisteóir tríopall annsna clíaḃuiḃ. 10 Cía ré a laiḃeora misi, agus dá ttiuḃra mé raḃaḋ, ċor go ccluinnfid? féuċ, atá a cclúas gan timċillġearraḋ, agus ní ḟéaduid síad éisteaċt: féuċ, is masla ḋóiḃ bríaṫar an TIĠEARNA; ní ḃfuil dúil aca innte. 11 Uimesin atáim lán dfeirg an TIĠEARNA; atáim coirṫe do ḃeiṫ am ṫoċt: dóirtfiḋ mé amaċ í ar an cclainn a muiġ, agus ar oireaċtus na ndaóine óg a naóinḟeaċt: óir géuḃṫar an fear agus fós an ḃean, an táosta maille ris an tí ḃíos lán do láeṫiḃ. 12 Agus iompoċṫar a ttiġe ċum daoine oile, maille re na ḃfearann agus le na mnáiḃ aráon: óir sínfiḋ mé mo láṁ amaċ ar ḋúṫċusaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA. 13 Oír atá gaċ áon díoḃ ón té is lúġa ḋíoḃ gus an té is mó ḋíoḃ ar na ṫaḃairt do ṡaint; agus ón ḃfáiġ gus an sagart do níd uile go bréagaċ. 14 Do leiġisiodar fós lot inġine mo ṗobail go héattrom, ġa ráḋ, Síoṫċáin, síoṫċáin; a nuáir naċ bíonn aointsíoṫċáin ann. 15 An raiḃ náire orra a nuáir do rinneadar gráineaṁlaċd? ní heaḋ, ní raḃadar náireaċ ar áonċor, ní mó dféadadar lasaḋ: uimesin tuitfid síad idir an droing ṫuitfios: a nuáir ṫiucfas misi ar cuáirt ċuca teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA. 16 Is marso a deir an TIĠEARNA, Seasuiḋ annsna sliġṫiḃ, agus féuċuiḋ, agus íarruiḋ na seanċasáin, cáit a ḃfuil an tsliġe ṁaiṫ, agus siuḃluiġiḋ innte, agus do ġeaḃṫaói suáiṁneas da ḃur nanam. Aċt a dúḃradarsan, Ní ṡíuḃoluimne innte. 17 Do ċuir mé fós luċt faire ós ḃur ccionn, ġa ráḋ, Eistiġ ré gúṫ an stuic. Aċt a dúḃradarsan, Ní éistfiom. 18 ¶ Uimesin cluiniḋ, a ċineaḋaċa, agus bíoḋ a ḟios aguiḃ, a ċóṁċruinniuġaḋ, cred atá iona measc. 19 Eíst, a ṫaluiṁ: féuċ, do ḃéara mé olc ar an muinntirsi, eaḋon toraḋ a smúaintiġe, do ḃríġ nár éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, nó rem ḋliġeaḋ, aċt a tarcuisniuġaḋ. 20 Cred an fáṫ as a ttiucfaḋ túis ċugamsa ó Ṡeba, agus giolcaċ milis ó ṫír imċéin? ní taitneaṁaċ ḃur nofrála loisge, ní mó atáid ḃur níoḋbarṫa milis daṁsa. 21 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, cuirfiḋ mé cip ṫuisliġṫe roiṁe an bpobalso, agus tuitfid na haiṫre agus na mic a néinḟeaċd orra; sgriosfuiġear an ċoṁarsa agus a ċara. 22 Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, tíucfuid daóine ón tír ṫuáiġ, agus tóigfiġear cineaḋ mór as táoḃuiḃ na talṁan. 23 Glacfuid síad greim do ḃóġa agus do ġáṫ; atáid síad fuílteaċ, agus ní ḃfuil trócaire ionta; conġáirid aṁuil a nfairge; agus do níd marcuiġeaċt ar éaċuiḃ, béid a nórduġaḋ aṁuil luċt cógaiḋ ad aġaiḋsi, a inġean Sion. 24 Do ċúalamar a ttúaruscḃáil sin: atáid ar láṁa ar na lagúġaḋ: do ġlac doiġ greim oruinn, agus pían aṁuil bean re nioḋnuiḃ. 25 Ná himṫiġiḋ amaċ fán maċaire, ná siúḃluiġiḋ ar a tsliġe; óir atá cloiḋeaṁ na náṁad agus guáis air gaċ uile ṫáoḃ. 26 ¶ O a inġean mo ḋaóine, criosluiġ ṫú féin a saicéadaċ, agus onfuirt ṫú féin a luáiṫreaḋ: déana ṫú féin cúṁṫaċ, aṁuil as buḋ ar son aóin ṁic aṁáin, caóineaḋ ro ġéur: óir tiucfuiḋ an creaċadóir oruinn go hobann. 27 Do ṡuiġiḋ mé ṫú mar ṫór agus mar, ḋaingion a measc mo ḋaoine, ċor go mbía fios agad agus go ndeirḃeoċṫá a sliġe. 28 Atáid uile na ttréigṫeaċaiḃ deanaċta, ag siuḃal go cealgaċ: is prás agus íarann íad; atáid uile na millteóriḃ. 29 Do loisgeaḋ na builg, do caiṫeaḋ an luáiġe leis an tteine; leaġaiḋ an fear leaġṫa go díoṁaoin: óir níor táirngeaḋ na droċḋaoine as. 30 Goirfid daóine droċ airgiod díoḃ, do ḃríġ gur ḋíult an TIĠEARNA íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society