Ieremiah 52 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil LII. Aṫ‐aiṫris ar ġaḃala Ierusalem, agus ḃreiṫe na héadala don Ḃabiloin. 1 Do ḃí Sedeciah blíaḋuin agus fiṫċe daóis an tan do ṫosuiġ sé a ríoġaċt, agus do rioġuiḋ sé aóinḃlíaḋuin déag an Ierusalem. Agus dó bé ainm a ṁaṫar Hamutal inġean Ieremiah ó Libnah. 2 Agus do rinne sé an ní dob olc a suiliḃ an TIĠEARNA, do réir a nuile ní dá ndéarna Iehoiacim. 3 Oír tre ḟeirg an TIĠEARNA tárla ann Ierusalem agus ann Iúdah, gur ṫeilg sé amaċ íad as a ḟiaḋnuisi, agus go ndeaċaiḋ Sedeciah a neasuṁlaċt a naġaiḋ riġ na Babilóine. 4 ¶ Agus tárla annsa naoṁaḋ blíaḋain dá rioġaċt, ansa deaċṁaḋ mí san deaċṁaḋ lá don ṁí, go ttáinic Nebuċadressar ríġ na Babilóine, é féin agus a ṡlúaġ uile, a naġaiḋ Ierusalem, agus gur ṡuiġiḋ sé na haġáiḋ, agus go ndéarna puirt na haġaiḋ timċioll fa ccuáirt. 5 Marsin do cuireaḋ slúaġ na ṡuiġe ar an ccaṫruiġ go nuige an táonṁaḋ blíaḋain déag don ríġ Sedeciah. 6 Annsa ċeaṫraṁaḋ mí, annsa naoṁaḋ lá don ṁí, do ḃí an ġorta trom annsa ccaṫruiġ, iondus naċ raiḃ arán ar bioṫ ag muinntir na tíre. 7 Annsin do briseaḋ súas an ċaṫair, agus do ṫeiṫeadar na fir ċogaiḋ uile, agus do ċúadar amaċ as an ccaṫruiġ san noiḋċe a sliġe an ġeata idir an dá ḃalla, noċ do ḃí ag gáirdin an ríġ; (anois do ḃádar na Caldéanuiġ láiṁ ris an ccaṫruiġ ṫimcioll fa ccuairt:) agus do ċúadar a sliġe an réitiġ. 8 Aċt do lean slúaġ na Ccaldéanaċ a ndiáiġ an ríġ, agus rugadar ar Ṡedeciah a réiteaċ Ieriċo; agus do ḃí a ṡlúaġ uile ar na ṡráonaḋ úaḋ. 9 Annsin do ġaḃadar an ríġ, agus rugadar súas é ċum ríġ na Babilóine go Riblah a ḃfearann Hamat; mar a rug sé breiṫeaṁnus air. 10 Agus do ṁarḃ ríġ na Babilóine mic Ṡedeciah a ḃfíaġnuisi a ṡúl: do ṁarḃ sé fós uile ṗrionnsaḋa Iúdah ann Riblah. 11 Annsin do ċuir sé súile Ṡedeciah amaċ; agus do ċeangail ríġ na Babilóine a slaḃraḋuiḃ é, agus rug don Ḃabilóin é, agus do ċuireadar a bpríosun é go ló a ḃáis. 12 ¶ Annois annsa ċúigeaḋ mí, annsa deaċṁaḋ lá don ṁí, do bé sin an náoṁaḋ blíaḋain déag do Nebuċadressar ríġ na Babilóine, ṫáinic Nebusaradan, caiptín an ġárda, noċ do ḟrioṫoil do ríġ na Babilóine, go Hierusalem, 13 Agus do loisg sé tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ; agus uile ṫiġṫe Ierusalem, agus tiġṫe na ndaóine móra uile, loisg sé lé teine: 14 Agus do ḃris slúaġ na Ccaldéanaċ, noċ do ḃí ag caiptín an ġarda, uile ḃallaḋa Ierusalem síos timċioll fa ccuáirt. 15 Annsin rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda leis a mbraiġdionus uiḃir áiriġ do ḃoċtaiḃ an ṗobail, agus don ṗobal an ċuid oile dfan annsa ċaṫruiġ, agus an ṁuinntir dimṫiġ rompa do ṫarla ċum ríġ na Babilóine, agus an ċuid oile don ṗobal. 16 Aċt dfag Nebusar‐adan caiptín an ġárda cuid do ḃoċtuiḃ na tíre mar ṡáoṫraċaiḃ fíneaṁna agus mar luċt oibre. 17 ¶ Mar an ccéadna do ḃriseadar na Caldéanuiġ, na piléir ṗráis do ḃí a ttiġ an TIĠEARNA, agus na basa, agus an fairge práis do ḃí a tiġ an TIĠEARNA, agus rugadar an prás uile díoḃ don Ḃabilóin. 18 Na hoiġne fós, agus na sluaiste, agus na glantóiriḋe, agus na scálaḋa, agus na líaċa, agus na huile ṡoiṫiġe práis lé miniostralaidís, rugadar léo íad. 19 Agus na báisiniġe, agus na hoiġne teineaḋ, agus na bullaḋa, agus na fuirnísi, agus na coinnleóiriġ, agus na líaċa, agus na cupain; an ní do ḃí dór a nór, agus an ní do ḃí dairgiod, a nairgiod, rug caiptín an ġárda leis. 20 An dá ṗiléar, aónḟairge, agus ḋá ṫarḃ ḋéag ṗráis do ḃí fáoi na fulangniḃ, noċ do rinne an ríġ Solaṁ a ttiġ an TIĠEARNA: níor ḃféidir prás na soiṫeaċso uile do ċoṁṫromaḋ. 21 Agus a ttáoḃ na bpiléur, do bé áirde gaċ aóinṗiléir ḋíoḃ oċt ccuḃaid déag; agus do ċompásuiḋ snaiṫe ḋá ċuḃad déag é; agus do buḋ ceiṫre horluiġe a ttíuiġe: agus do ḃí sé tollta. 22 Agus do ḃí ceann práis air; agus do buḋ cúig cuḃaid áirde gaċ aoinċinn, maille ré hobair lionruiḋ agus pomgranait air na ceannaiḃ timċioll fa ccuáirt, do ṗrás uile. Buḋ cosṁuil ríu so an dara piléar agus na pomgranaid. 23 Agus do ḃádar nóċad agus sé pomgranait ar áontaoiḃ; agus ba céad na pomgranait uile ar an líonobair timċioll fa ccuáirt. 24 ¶ Agus do ġaḃ captín an ġárda Seraiah an tárdṡagart, agus Seṗaniah an dara sagart, agus tríur coiṁéaduiġe an doruis: 25 Rug sé fós leis seomradoir as an ċaṫair, agá raiḃ cúram ḟear an ċogaiḋ; agus móirṡeisior don luċt do ḃí a ḃfogus do ṗearsuinn an ríġ, noċ do fríṫ annsa ċaṫruiġ; agus scriḃneóir prinnsiopalta an tslóiġ, noċ do áirṁeaḋ daoine na tíre; agus trí fiṫċid duine do ṁuinntir na tíre, do fríṫ a lár na caiṫreaċ. 26 Marsin do ġaḃ Nebusar‐adan caiptín an ġárda íad, agus ṫug leis íad go ríġ na Babilóine go Riblah. 27 Agus do ḃuail ríġ na Babilóine íad, agus do ċuir ċum bais íad ann Riblah a ḃfearann Hamat. Marso rugaḋ Iúdah a láiṁ as a ṫír féin. 28 ¶ Isé so an pobal rug Nebuċadressar leis a láiṁ: annsa seaċtṁaḋ blíaḋain trí ṁíle Iúduiġe agus tríur ar ḟiṫċid: 29 Annsa noċtṁaḋ blíaḋain déag do Nebuċadressar rug se léis a láiṁ as Ierusalem oċt ccéad anam, tríoċad agus a dó: 30 Annsa treas blíaḋain fiṫċiod do Nebuċadressar rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda leis a láiṁ do na Iúduiġiḃ seaċt ccéad ceaṫraċad daoine agus cúigear: do buḋ ceiṫre ṁíle agus sé ċéad na pearsanna uile. 31 ¶ Agus tárla san seaċdṁaḋ blíaḋain ar ṫríoċad do ḋáoirsine Iehoiacim ríġ Iúdah, annsa dara ṁí déag, annsa ċúigeaḋ lá fiṫċiod don ṁí, gur ṫóg Eḃil‐meródaċ ríġ na Babilóine súas an ċéid ḃlíaḋuin dá ríġe ceann Iehoiacim ríġ Iúdah, agus ṫug amaċ as príosún é, 32 Agus do laḃair go cinealta ris, agus do ċuir sé a ċaṫaóir ós cionn ċaṫaóireaċ na ríoġ do ḃí iona ḟoċair san Ḃabilóin, 33 Agus do ṁalairt sé a ċulaiḋ ṗríosúnta: agus a duáiġ sé arán a ccoṁnuiḋe as a ċoinne uile láeṫe a ḃeaṫa. 34 Agus ar son a ḃíḋ, do ḃearṫaoi bíaḋ go cinnte ḋó ó ríġ na Babilóine, cuid ronna gaċ aon lá go lá a ḃáis, ar féaḋ láeṫe a ḃeaṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society