Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 51 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil LI. Léirscrios re teaċt ar Ḃabiloin ardċaṫair na Ccaldéanaċ ann Assíria.

1 Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, tóigfe mé súas a naġaíḋ Ḃabilón, agus a naġaíḋ an luċta áitreaḃus iona lár, noċ éirġios súas am aġaíḋ, gáoṫ aiḋṁillteaċ;

2 Agus cuirfiḋ mé luċt cáiṫte don Ḃabilóin, noċ ċáiṫfios í, agus ḟoilṁeoċus a dúṫaiḋ: óir a ló na buáiḋearṫa béid síad na timċioll fa ccuáirt.

3 A naġaíḋ an té ċromas feacaḋ an soiġdeóir a ḃoġa, agus a naġaíḋ an té ṫógḃus é féin súas ann a uċtéideaḋ: agus ná coigliġiḋ a daóine óga; marḃuiḋ ṫríd a maċ a slúaġ uile.

4 Marso tuitfid an mairḃ a ccríċ na Ccaldéanaċ, agus an drong ṡáiṫfiġear tríoṫa iona sráidiḃ.

5 Oír níor tréigeaḋ Israel, ná Iúdah ó na Ndía, ó a ṪIĠEARNA na slóġ; bíoḋ gur líonaḋ a ndúṫaiḋ do ṗeacaḋ a naġaiḋ Aóin Náoṁṫa Israel.

6 Teiṫiḋ amaċ as lár na Babilóine, agus sáoraḋ a nuile ḋuine a anam: ná géarrṫar amaċ siḃ ann a hégceart; óir isí anois uáir ḋioġaltais an TIĠEARNA; cúiteoċa sé luáiġeaċd le.

7 Do ḃí an Ḃabilóin na cupán órḋa a láiṁ an TIĠEARNA, do rinne an talaṁ uile ar meisce: dioḃaḋar na geinte dá fíon; uimesin atáid na geinte ar buile.

8 Do ṫuit an Ḃabilóin go hobann agus do milleaḋ í: núalluiġ ar a son; glacaiḋ íce ar a heasláinte, maḋ féidir mar sin a leiġios.

9 Do leiġeosamaóis an Ḃabilóin, aċt ní ḃfuil sí leiġeasta: tréigiḋ í, agus éirġiom gaċ uile ḋuine aguinn dá ṫír féin: óir roiṫċiḋ a breiṫeaṁnus go neaṁ, agus do tógḃaḋ súas é gus na spéiriġ.

10 Ṫug an TIĠEARNA ar ḃfíréantaċdne amaċ: tigiḋ, agus foillsiġiom ann Sion obair an TIĠEARNA ar Ndia.

11 Déanuiḋ na soiġde loinnreaċ; cruianigbiḋ na scíaṫa: do ṫóig an TIĠEARNA spiorad ríġ na Médianaċ: óir is a naġaiḋ na Babilóine atá a ṫríall dá milleaḋ; do ḃríġ gur bé dioġaltas an TIĠEARNA é, dioġaltas a ṫeampuill.

12 Cuiriḋ súas an ḃrataċ ar ḃallaḋuiḃ na Babilóine, neartuiġiḋ a nfaire, cuiriḋ súas an fear faire, gléusuiḋ na luiḋeaċáin: óir do ṫríall an TIĠEARNA ar áon agus do rinne án ní sin do laḃair sé a naġaíḋ áitreaḃṫaċ na Bábilóine.

13 O ṫusa áitreaḃus ar ṁórán uisgeaḋ, saiḋḃir a nionnṁusaiḃ, ṫáinic do ċríoċ, agus miosúr do ṡainte.

14 Do ṁionnuiġ TIĠEARNA na slóġ tre na anam féin, ag ráḋ, Go deiṁin líonfa mé ṫú lé daóiniḃ, mar buḋ lé catirpiléuruiḃ, agus tógfuid síad gáir súas ad aġaíḋsi.

15 Do rinne sé an talaṁ lé na ċuṁaċt, do ḋaingniġ sé an doṁan lé na ġliocus, agus do ṡín sé amaċ na flaiṫis le na ṫuicsin.

16 An tan léigios sé amaċ a ġúṫ, bíd iomad uisceaḋ annsna neaṁuiḃ; agus do ḃeir sé ar na deaṫuiġiḃ dul súas ó imliḃ na talṁan: do ní sé tinnteaċ maille re fearṫuinn, agus do ḃeir sé amaċ a ġáoṫa as a stórúsaiḃ.

17 Atá gaċ uile ḋuine brúideaṁuil le na éolus; atá gaċ uile ḟear ceirde millte lé híoṁaiġ ġreanta: óir is neiṁḟirinne a íoṁáiġe leaġṫa, agus ní ḃfuil anál ar bioṫ ionta.

18 Is díoṁaóineas íad, obair ṡeaċráin: dioġḃáiġfid a naimsir a ccúarta.

19 Ní cosṁuil roinn Iácob ríu; óir isé sin cumadóir a nuile neiṫe: agus sé Israel slat a oiġreaċta: sé TIĠEARNA na slóġ a ainm.

20 Is tú mo ṫúaḋ ċaṫa agus mo arm cogaiḋ: óir is maille riotsa ḃreisfeas me na ceineaḋaċ, agus is maille riot ṁillfios mé rioġaċta;

21 Agus is maille riot ḃrisfios mé na mbloḋuiḃ an teaċ agus a ṁarcaċ; agus is maille riot ḃrisfeas mé na mbloḋuíḃ an carbad agus a ṁarcaċ;

22 Is maille riot fós ḃrísfios mé na mbloḋuiḃ fear agus bean; agus is maille riot ḃrisfios mé na mbloḋuiḃ sean agus óg; agus is maille riot ḃrisfios mé na gcotċaiḃ an tógánaċ agus an cailín;

23 Brisfiḋ mé marsin maille riot an táoḋaire agus a ṫréud; agus is maille riot ḃrisfios mé an fear tiġe, agus an ċúpla daṁ; agus is maille riot ḃrisfios mé na ccodċaiḃ caiptíniġe agus úaċtaráin.

24 Agus cúiteoċa mé ris an Mbabilóin agus ré uile áitreaḃṫaċaiḃ na Caldea a nuile olc dá ndeárnadar ann Sion ad raḋarcsa, a deir an TIĠEARNA.

25 Féuċ, atáim ad aġaíḋ, a ṡléiḃ ṁilltiġ, a deir an TIĠEARNA, noċ aiḋṁillios an talaṁ uile: agus sínfe mé mo láṁ amaċ ort, agus iomainfiḋ mé a núas ṫú as na cairgiḃ, agus do ḋéana mé ad ṡlíaḃ loisge ṫú.

26 Agus ni ġlacfuid síad ḋíot cloċ mar ċuáinne, nó cloċ mar ḋurṫaċ; aċt biáiḋ tú uáigneaċ go bráṫ, a deir an TIĠEARNA.

27 Cuiriḋsi brataċ súas annsa tír, séidiġ an stoc a measc na ccineaḋaċ, ullṁuiġiḋ na críoċa na haġaíḋ, goiriḋ a ccionn a ċéile na haġaíḋ rioġaċta Ararat, Minni, agus Asċénas; órduiġiḋ caiptín na haġaíḋ; tugaiḋ aír a heaċaiḃ ṫeaċt súas aṁuil catirpilearuiḃ garḃa.

28 Gléasuiḋ na haḋuiġ na geinte maille re ríġṫiḃ na Média, agus a caiptíne, agus a húaċdaráin uile, agus tíorṫa a tiġearnuis uile.

29 Agus crioṫnoċuiḋ agus caóiḋfiḋ an tír uile: óir coiṁlíonfuiġear uile ṫionnscnaṁ an TIĠEARNA a naḋuíġ na Babilóine, do ḋéanaṁ críċ na Babilóine na fásaċ gan áitreaḃṫaċ.

30 Do léigiodar daoine árraċta na Babilóine ḋíoḃ troid, dfanadar iona ndaingneaċaiḃ: dfailliḋ a neart; atáid aṁuil mná: do loisgeadar a háite coṁnuíḋe; do briseaḋ a barraḋa.

31 Rioṫfuiḋ posta do ṫeagṁáil re ar oile, agus teaċtaire do ṫeagṁail ré ar oile, dá ḟoillsiuġaḋ do ríġ na Babilóine gur gaḃaḋ an ċaṫair fá ḋeireaḋ,

32 Agus go ḃfuilid na sliġṫe ar na ndrud, agus gur loisgeaḋ an ġiolcaċ le teine, agus go ḃfuilid na fir ċogaiḋ imeaglaċ.

33 Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Is cosṁuil inġean na Babilóine ré hurlár buáilte, is miṫid a búalaḋ: giḋeaḋ tamall beag, agus tiucfaiḋ aimsir a foġṁair.

34 A dúaiḋ Nebuċadressar ríġ na Babilóine misi, do ḃrúiġiḋ sé mé, do rinne sé soiṫeaċ folaṁ ḋíom, do ṡluig sé súas mé aṁuil dragún, do lion sé a ḃolg dom neiṫiḃ sóḃlasta, do ṫeilg sé amaċ mé.

35 Bioḋ an foiréigion do rinneaḋ orumsa agus ar mfeóil, air an Mbabilóin, a déaraiḋ áitreaḃaċ Ṡion; agus mfuilsi ar ṁuinntir Ċaldeá, a déaraiḋ Ierusalem.

36 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, taigeora misi do ċúis, agus do ḋéana mé dioġaltas ar do ṡon; agus tiormoċa mé súas a fairge, agus do ḋéana mé a fíoruisgeaḋa tirim.

37 Agus biáiḋ an Ḃabilóin na cárnuiḃ, na háit ċoṁnuiḋe do ḋragúnaiḃ, agus na húaṫḃás, agus na sgige, gan áitreaḃaċ.

38 Núallfuid lé ċeile do nós leoṁan: crionċonfuid aṁuil coiléin leoṁain.

39 Iona tteas do ḋéana misi a ḃféusta, agus cuirfe mé ar meisce íad, ċor go ngáirdeoċuid, agus go ccoideoluid codlaḋ síoṫḃúan, agus naċ múisgeoluid síad, a deir an TIĠEARNA.

40 Do ḃéara mé a núas íad aṁuil uáin ċum a marḃṫa, cosṁuil ré reiṫiḋiḃ maille re pocaiḃ.

41 Ciondus do gaḃaḋ Sesaċ! agus ciondus do hionnraḋ molaḋ na talṁan uile! ciondus do ḃí an Ḃabilón ná húaṫḃás a measc na ccineaḋaċ!

42 Ṫáinic a nfairge a níos ar Ḃabilón: do foluiġeaḋ í lé biomad a tonna.

43 Atáid a caiṫreaċa na ḃfasaċ, na ḃfearann ṫirim, agus na ndíoṫraṁ, fearann ann naċ ccoṁnuiġionn duine ar biṫ, ní mó ġaḃus mac duine ar biṫ láiṁ ris.

44 Agus smaiċteoċa misi Bel annsa Ḃabílóin, agus do ḃéara mé amaċ as a ḃéul an ní ṡluig sé súas: agus ní líonfuid na cineaḋaċa a ccionn a ċéile ċuige ní sa ṁó: a seaḋ, tuitfiḋ fós balla na Babilóine.

45 Mo ṗobal, éirġiḋ amaċ as a lár, agus sáoraḋ gaċ nduine agaiḃ a anam féin ó ḟeirg ḋíscir an TIĠEARNA.

46 Deagla go laigeoċaḋ ḃur ccroiḋe, agus go neagloċaḋ siḃ leis an sgéul do ċluinfiḋe annsa tír; tiucfa iomráḋ a mblíaḋuin, agus na ḋiáiġsin a mblíaḋuin oile tiucfa iomráḋ, agus foiréigion annsa tír, úaċtarán a naġaiḋ úaċdaráin.

47 Uimesin, féuċ, tiucfaid na láeṫe, go ndéana misi breiṫeaṁnas ar íoṁáiġiḃ greanta na Babilóine: agus scriosfuiġear a dúṫaiġ uile, agus tuitfid a mairḃ uile iona lár.

48 Annsin gáirdeoċuiḋ neaṁ agus talaṁ, agus a nuile ní dá ḃfuil ionnta ar son na Babilóine: óir tiucfuid na creaċadóiriḋ ċuice ón tuáisceart, a deir an TIĠEARNA.

49 Mar ṫug Babilon ar ṁarḃuiḃ Israel tuitim, marsin tuitfid san Ḃabilóin uile ṁairḃ na talṁan.

50 Imṫiġiḋ roṁuiḃ, siḃse do ċuáiḋ as ón ccloiḋeaṁ, ná fanuiḋ ḃur seasaṁ: cuiṁniġiḋ an TIĠEARNA a nimċéin, agus tigeaḋ Ierusalem ann ḃur ninntinn.

51 Do náiriġeaḋ sinn, do ḃríġ go ccúalamar scannail: dfoluiġ náire ar náiġṫe: óir ṫangadar coiṁṫiġiḋ go sanctóra ṫiġe an TIĠEARNA.

52 Uimesin, féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go ndéana misi breiṫeaṁnus air a hioṁáiġiḃ greanta, agus úċḃaḋfúiḋ an créaċtaċ ar feaḋ a dúṫaiḋe uile.

53 Dá mbeiṫ go ndéireoċaḋ an Ḃábilon súas go neaṁ, agus dá mbeiṫ go neartoċaḋ sí mullaċ a neirt, ṫairis sin tiucfuiḋ creaċadóiriḋ uáimsi na cionn, a deir an TIĠEARNA.

54 Ṫigfuáim éiġṁe ón Ḃabilóin, agus dioġḃáil ṁór ó ṫír na Ccaldeánaċ.

55 Do ḃríġ gur ċreaċ an TIĠEARNA an Ḃabiloin, agus gur scrios aiste amaċ an gúṫ mór; an tan ḃéicid a tonna aṁuil uisceaḋa móra, foillsiġear fuáim a ngoṫa:

56 Do ḃríġ go ttáinic an creaċadóir uirre, eaḋon ar Ḃabilón, agus gur do ġaḃaḋ a daoine cuṁaċdaċa, do briseaḋ a mboġaḋ uile: oir go deiṁin ccúiteoċuiḋ an TIĠEARNA Día na luáiġeaċtaḋ.

57 Agus cuirfe mé a prionnsaḋa ar meisce, agus a daoine críonna, a caiptíne, agus a huaċtaráin, agus a daoine cuṁaċdaċa: agus coideoluid codlaḋ siorruiḋe, agus ní ṁuisceoluid, a deir an ríġ, darab ainm TIĠEARNA na slóġ.

58 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Brisfíġear ṫríd amaċ ballaḋa leaṫna na Babilóine, agus loisgfíġear lé teine a geataḋa árda; agus saóiṫreoċuid na daóine go dioṁaóin, agus na cineaḋaċa san teine, agus béid coirṫe.

59 ¶ An ḃríaṫar daiṫin Ieremiah an fáiḋ do Ṡeraiah ṁac Neriah, ṁic Maaseiah, an tan do ċuáiḋ sé le Sedeciah ríġ Iúdah don Ḃabilóin annsa cceaṫraṁaḋ bliaḋain dá ríġe. Agus do buḋ prionnsa ceannsuiġ an Seraiahsa.

60 Marsin do scríoḃ Ieremiah a leaḃar a nuile olc da ttiucfaḋ air an Mbabilón, eaḋon na huile ḃríaṫraso atá scríoḃṫa a naġaiḋ na Babilóine.

61 Agus a duḃairt Ieremiah re Seraiah, An tan ṫiucfas tú don Ḃabilóin, agus ċiḋfios tú, agus léiġfios tú na bríaṫraso uile;

62 Annsin a déara tú, A ṪIĠEARNA, do laḃair tú a naġaiḋ na haitesi, dá gearraḋ amaċ, iondus noċ ḃfanfaḋ áon innte, do ḋuine nó do ḃeaṫaċ, aċt go mbía sí na fásaċ go bráṫ.

63 Agus is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ċríoċnoċus tú an leaḃarso do léaġaḋ, go cceingeola tú cloċ ḋe, agus go tteilgfe tú a lár Euṗrátes é:

64 Agus a déara tú, Is marso raċus an Ḃabilóin a níoċtar, agus ní éireoċa sí ó nolc do ḃéara misi uirre: agus béid siad coirṫe. An ċoṁḟadsa atáid bríaṫra Ieremiah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan