Ieremiah 50 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil L. Tiocfaiḋ claói na Ccaldéanaċ, agus fuascalta Israel faḋeiriḋ. 1 An ḃríaṫar do laḃair an TIĠEARNA a naġaíḋ na Babiloine, agus a naġaíḋ tíre na Ccaldéanaċ tré Ieremiah an fáiḋ. 2 Foillsiġiḋsi a measc na ngeinteaḋ, agus fúagruiḋ, agus cuiriḋ brataċ súas; fúagruiḋ, agus ná ceiliḋ: abruiḋ, Do gaḃaḋ an Ḃabilóin, do claóiḋeaḋ Bel, do briseáḋ Merodaċ na bloḋuiḃ; do milleaḋ a hioḋuil, do briseaḋ a hioṁáiġe na mbloḋuiḃ. 3 Oír tiucfuiḋ cineaḋ amaċ na haġaíḋ as an ttuáisceart, noċ ḋéanas a tír na fásaċ, agus ní áitreoḃuiḋ duine ar biṫ ann: áṫroċuid síad, imeoċuid, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ. 4 ¶ Annsna láeṫiḃsin, agus annsa nam sin, a deir an TIĠEARNA, tiucfaiḋ clann Israel, íad féin, agus clann Iúdah a naóinḟeaċt, ag imṫeaċt agus ag gul: imeoċuid síad, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía féin. 5 Iarrfuid síad an tsliġe go Sion maille re na naiġṫe don taoiḃ sin, ag ráḋ, Tigiḋ, agus ceanglam sinn féin don TIĠEARNA a cunnraḋ síoṫḃúan naċ dearmodṫar. 6 Bá caóiriḋ ar ndul a muġa mo ṗobalsa: do ċuireadar a náoḋaireaḋa ar séaċrán íad, dfilleadar seaċad íad ar na sléiḃtiḃ: do ċúadar ó ṡlíaḃ go cnoc, do ḋearmadar áit a suáiṁnis. 7 Duáiḋ a nuile ḋuine dá rug orra íad: agus a dúḃradar a neasccáirde, Ní ċiontuiġemíd, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar a naġaíḋ an TIĠEARNA, áitreaḃ an ċeirt, eaḋon an TIĠEARNA, dóṫċus a naiṫreaḋ. 8 Aṫruiġiḋ amaċ as lár na Babilóine, agus éirġiḋe amaċ as críċ na Ccaldéanaċ, agus bíṫi mar na gaḃruiḃ firionna roiṁe na tréaduiḃ. 9 ¶ Oír, féuċ, tóigfe misi súas agus do ḃéara mé fa deara ar ċoiṁṫionól ṁorán cineaḋaċ teaċt súas a naġaíḋ na Babilóin ón tír ṫuáiġ: agus cuirfid íad féin a nórduġaḋ na haġuíḋ; béarṫar as sin í béid a soiġide aṁuil buḋ ó ḋuine ġasta neartṁar; ní ḟillfiḋ ar biṫ go díoṁaóin. 10 Agus biáiḋ Caldeá na créiċ: gaċ a ccreaċfuiġ í biáiḋ sáiṫeaċ, a deir an TIĠEARNA. 11 Do ḃríġ go raḃaḃair lúaṫġáireaċ, do ċionn gur gáirdiġeaḃair, a ċreaċadóireaḋa moiġreaċtasa, do ḃríġ go raiḃ siḃ méiṫ aṁuil an ċolpaċ ar an ḃféur, agus ag géimniġ mar na tairḃ; 12 Claóiḋfiġear ḃur maṫair go hiomarcaċ; biáiḋ an ḃean rug siḃ náireaċ: féuċ, biáiḋ deireaḋ na ngeinteaḋ na ḃfasaċ, na ḃfearann ṫirim, agus na ndíoṫraṁ. 13 Ní biáiḋ sé áitreaḃṫa, do ḃríġ feirge an TIĠEARNA, aċt biáiḋ na ḟásaċ go hiomlán: biáiḋ úaṁan ar a nuile ḋuine ġéaḃus láiṁ ré Babilóin, agus sgigfid fa na huile ṗláġaiḃ. 14 Cuiriḋ siḃ féin a nórduġaḋ a naġaíḋ na Babilóin timċioll fa ccuáirt: siḃse uile ṡíneas an boġa, caiṫiḋ ría, na coigliḋ soiġde, óir do ṗeacuiġ sí a naġaíḋ an TIĠEARNA. 15 Eíġiḋ na haġaíḋ timċioll fa ccuáirt: ṫug sí a láṁ: do ṫuiteadar a bunáite, do teilgeaḋ síos a ballaḋa: óir isé sin díoġaltas an TIĠEARNA: déan dioġaltas uirre; déan ría, mar do rinne sí. 16 Géarr amaċ an síoladóir ón Ḃabilóin, agus an té ġlacus an corrán a naimsir a nfoġṁair: deagla an ċloiḋiṁ ṁilltiġ fillfeaḋ gaċ uile ḋuine ċum a ḋaoine, agus teiṫfiḋ gaċ uile ḋuine dá ḋúṫaiġ féin. 17 ¶ Is cáoiríġ spréiḋte Israel; do ḋíbreadar na leoṁuin seċad é: ar ttús a dúaiġ ríġ na Hassíria é; agus fa ḋeireaḋ do ḃris Nebuċadnessar ríġ na Babilóine a ċnáṁa. 18 Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, smaiċteoċa misi ríġ na Babilóine, agus a ṫir, mar do smaċduiġ mé ríġ na Hassíria. 19 Agus do ḃéara mé Israel a rís dá áitreaḃ, agus bíaṫfuiḋ sé ar Ċarmel agus ar Ḃasán, agus biáiḋ a anam sáiṫeaċ ar ṡliaḃ Eṗraim agus Ġilead. 20 Annsna láeṫiḃsin, agus fa namsin, a deir an TIĠEARNA, loirgeorṫar éigceart Israel, agus ní ḃiaiḋ sé ann; agus peacuiḋe Iúdah, agus ní biáid re faġáil: óir maiṫfiḋ misi don ṁéid do ċoiṁéad mé. 21 ¶ Eírġiḋ súas a naġaíḋ ṫíre Merataim, agus a naġaíḋ áitreaḃṫaċ Pecod: fásaiġ agus marḃ go hiomlán na ndiáiġ, a deir an TIĠEARNA, agus déan do réir a nuile ní dar aiṫin misi ḋíot. 22 Atá torann caṫa annsa ttir, agus aiḋṁilleaḋ mór. 23 Ciondus do gearraḋ ó ċeile agus do briseaḋ órd buáilte na talṁan uile! agus ciondus ṫáinic Babilon ċum ḃeiṫ na fasáċ a measc na gcineaḋaċ! 24 Do ċuir misi paintéar fád ċoṁair, agus fós do gaḃaḋ ṫú, a Ḃabilón, agus ní raiḃ tú air do ċoiṁéad: do fríṫ ṫú, agus fós do gaḃaḋ ṫú, do ḃríġ gur ṫroid tú a naġaíḋ an TIĠEARNA. 25 Dfoscail an TIĠEARNA a airmṫiġ, agus ṫug sé amaċ airm a ḋioġaltais: óir isi so obair an Tiġearna DIA na slóġ a ccríċ na Caldéanaċ. 26 Tigiḋ na haġaíḋ ón ttéoruinn is faide amaċ, foscluiḋ a hionuṁuis: teilgiḋ súas í aṁuil cárn, agus scriosuiḋ ṫríd amaċ í, ná fágṫar éainui ḋi. 27 Marḃuiḋ a bulóga uile; tigidis síos uile ċum a náir: a ṁairg ḋóiḃ! óir ṫáinic a lá, aimsir a ccuarta. 28 Gúṫ na droinge ṫeiṫios agus raċus as ó ċríċ na Babilóine, dfoillsiuġaḋ ann Sion dioġaltas an TIĠEARNA ar Ndia, dioġaltas a ṫeampuill. 29 Goiriḋ a cceann a ċéile na soiġdeóiriġ a naġaiḋ Ḃabilón: siḃsi uile ṡíneas an boġa, suiġiḋ na haġaíḋ timċioll fa ccuáirt; agus ná bíoḋ dul as aice: cúitiġ ría do réir a sáoṫair; do réir a nuile neiṫe dá ndéarna sí, déanuiḋsi ría: óir do ḃí sí uáiḃreaċ a naġaíḋ an TIĠEARNA, a naġaíḋ Aóin Náoṁṫa Israel. 30 Uimesin tuitfid a daóine óga annsna sráidiḃ, agus géarrfuiġear amaċ a fir cogaiḋ uile san ló sin, a deir an TIĠEARNA. 31 Féuċ, atáim ad aġaíḋ, as úaiḃ ríġ, a deir an Tiġearna DIA na slóġ: óir ṫáinic do lá, aimsir do ċúarta ḋaṁsa. 32 Agus tuisliġfiḋ agus tuitfiḋ an tuáiḃreaċ, agus ní ṫógfuiḋ duine ar biṫ súas é: agus lasfuiḋ mé teine iona ehaiṫreaċaiḃ, agus lóisgfiḋ mé a nuile uí iona ṫimċioll fa ccuáirt. 33 ¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Do sáruiġeaḋ clann Israel agus clann Iúdah a naóinḟeaċd: agus a nuile dar ġaḃ a láiṁ íad do ċongṁadar íad go daingion; do ḋíultadar léigean dóiḃ imṫeaċt. 34 Is láidir a Ḃfúascaltóir; TIĠEARNA na slóġ isé a ainm, taigeoruiḋ sé a ccúis ṫrid amaċ, lé a ttiuḃra sé socaṁal don tír, agus go mbuaiḋriġ sé muinntir na Babilóine. 35 Atá cloiḋeaṁ ar na Caldéanaċaiḃ, a deir an TIĠEARNA, agus air áitreaḃṫaċaiḃ na Babilóine, agus air a prionnsaḋuiḃ, agus air a daóiniḃ glioca. 36 Atá cloiḋeaṁ air na daóiniḃ bréagaċa; agus éigcíallfuid: atá cloiḋeaṁ air a daoiniḃ cuṁaċtaċa; agus biáiḋ úaṁan orra. 37 Atá cloiḋeaṁ air a neaċaiḃ, agus air a ccarbaduiḃ, agus air an bpobal cumuiscṫe uile atá iona lár; agus béid aṁuil mná: atá cloiḋeaṁ air a hionnṁusaiḃ; agus sladfuiġear íad. 38 Agus atá tiormaċ air a huisgeaḋuiḃ; agus tiormoċṫar súas íad: óir isí tír na níoṁáiġeaċ ngreanta í, agus a táid ar buile ar a nioḋaluiḃ. 39 Uimesin áitreoḃuid beaṫuiġ állta an díoṫraiṁ maille re ainṁinṫiḃ állta na noiléan innte, agus áitreoḃuid na hulċaḃcáin ann: agus ní ḃíaiḋ ní sa ṁó ar suiġiuġaḋ go bráṫ; ní mó ċoiṁneoċṫar innte ó ġinealaċ go ginnealaċ. 40 Aṁuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah agus a ccaiṫreaċa coṁarsan, a deir an TIĠEARNA; marsin ní ḟanfuiḋ duine ar biṫ annsin, ní mó ċoiṁneoċus mac duine ar biṫ ann. 41 Féuċ, tiucfuid daóine ón ttuáisceart, agus cineaḋ mór, agus tóigfiġear súas móran ríġṫe ó imliḃ na talṁan. 42 Glacfuid an boġa agus an gaṫ: atáid síad fuilteaċ, agus ní ṫaisbeanfuid síad trócaire ar bíṫ: gáirfiḋ a ngúṫ cosṁuil ris an ḃfairge, agus do ḋéanuid marcuiġeaċd ar eaċaiḃ, gaċ duine ar na ċur a nórd, aṁuil fir ċum caṫa, ad aġaíḋsi, a inġean na Babilóine. 43 Do ċúaluiḋ ríġ na Babilóine a ttuarusgḃáil, agus dfásadar a láṁa lag: rug doilġios gréim air, agus doiġṫe mar ṁnaói re nioḋnuiḃ. 44 Féuċ, tiucfaiḋ sé a níos aṁuil leoṁan ó at Iórdan go háitreaḃ an neartṁair: aċt do ḃéara misi orra rioṫ go hobann uáiṫe: agus cía an duine toġṫa, oirdeoċus mé ós a cionn? óir cía is cosṁuil riom? agus cía ċinnfios a naimsir ḋaṁ? agus cía an tréaduiġe ṡeasfas as mo ċoinne? 45 Ar a naḋḃarsin éistiġsi coṁairle an TIĠEARNA, noċ do ġlac sé a naġaíḋ na Babilóine; agus a ṫionnscanta do ṫionnscain sé a naġaíḋ ḋúṫaiġe na Ccaldéanaċ: Go deiṁin díbeoruiḋ an té is luġa do na tréaduiḃ amaċ íad: go dearḃṫa do ḋéana sé a náitreaḃ uáigneaċ maille ríu. 46 Lé torann gaḃṫa na Babiloine do ċorruiḋ an talaṁ, agus do ċlos an ċoṁairc a measc na ccineaḋaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society