Ieremiah 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil V. Atá gaċ sórt ḋaóine ar cláonaḋ go holc. 1 Rioṫuiḋsi síos agus súas ar feaḋ ṡráideaḋ Ierusalem, agus féuċuiḋ anois, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, agus íarruiḋ iona háitiḃ fairsionga, an ḃfuiġṫí duine, an ḃfuil neaċ do ní breiṫeaṁnus, íarrus a nfírinne; agus do ḃéara misi maiṫeaṁnus ann. 2 Agus mátá go nabruid síad, Mairiḋ an TIĠEARNA; go deiṁin mionnuiġid síad go bréagaċ. 3 O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ. 4 Uimesin a dúḃairt mé, Go deiṁin atáid so boċt; atáid síad leaṁ: óir ní ḃfuil fios sliġeaḋ an TIĠEARNA aca, nó bréiṫeaṁnus a Ndé. 5 Raċa mé go nuige na daóiniḃ móra, agus laiḃeora mé ríu; óir atá fios sliġeaḋ an TIĠEARNA aca, agus breiṫeaṁnus a Ndé: aċt do ḃrisiodar so go hiomlán an ċuing, agus do réubadar na cuiḃreaċa. 6 Uimesin muirfiḋ leoṁan as an ḃforaóis íad, agus millfiḋ madraḋ alla an díoṫraiṁ íad, do ḋéana liopard faire ós cionn a ccaiṫreaċ: réubfar na ḃloḋuiḃ a nuile ḋuine raċus amaċ as sin: do ḃríġ gurab iomḋa a ccionta, agus gur lionṁar a ndul ar ais. 7 ¶ Ciondus ṁaiṫfios mé so ḋuit? do ṫréig do ċlann mé, agus do ṁionnuiġeadar san ndroing naċ ḃfuil na ndeiḃ: a nuáir do líon mé íad le bíaḋ, annsin do rinneadar aḋaltrannas, agus do ċruinniġeadar íad féin iona ndrongaiḃ go tiġṫiḃ na meirdreaċ. 8 Do ḃádar mar eaċaiḃ bíaḋta air maidin: gaċ áonduine ag setriġ a ndiáiġ mná a ċoṁarsan. 9 Naċ ḃféuċfa misi ar son na neiṫeannso? a deir an TIĠEARNA: agus naċ ccúiteoċuiḋ manam ar a leiṫéid so do ċineaḋ? 10 ¶ Imṫiġiḋ súas ar a ballaḋuiḃ, agus scriosuiḋ; aċt ná déanuiḋ crioċnuġaḋ iomlán: beanaiḋ a báirrdeaḃṫa ḋi; óir ní leis an TTIĠEARNA íad. 11 Oír do rinne tiġ Israel agus tiġ Iúdah go ro ṁeaḃlaċ am aġuiḋsi, deir an TIĠEARNA. 12 Do ċuireadar bréag ar an TTIĠEARNA, agus a duḃradar, Ní hé atá ann; ní mó ṫiucfas olc ċugainn; ní mó ċífiom cloiḋeaṁ nó gorta: 13 Agus tiucfuid na fáiġe ċum ḃeiṫ na ngáoiṫ, agus ní ḃfuil an ḃriaṫar ionta: is marso do ḋéantar ríu. 14 Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA na slóġ, Do ḃriġ go laḃarṫaói an focalso, féuċ, do ḋéana misi mfocal ann do ḃéul na ṫeine, agus an pobalso na cconnaḋ, agus loisgfiḋ sé íad. 15 ¶ Féuċuiḋ, do ḃéara mé cineaḋ oruiḃ a himċéin, a ṫiġ Israel, a deir an TIĠEARNA: is cineaḋ cuṁaċdaċ é, is cineaḋ seannda é, cineaḋ naċ aiṫnid ḋuitsi a ġlór, ní mó ṫuigios tú cred a deirid síad. 16 Atá a mbolgán soiġead aṁuil uáiġ oscuilte, is daóine curata íad uile. 17 Agus íosfuid síad súas ṫfóġṁar, agus harán, noċ díosaidís do ṁic agus hinġeana: íosfuid síad súas do ṫréada agus hairġeaċa: iosfuid síad súas ṫfíneaṁna agus do ċrainn fígeaḋ: boiċtecċuid síad leis an ccloiḋeaṁ do ċaiṫreaċa daingne, iona ḃfuil do ḋóṫċus. 18 Ṫairis sin annsna láeṫiḃsin, a deir an TIĠEARNA, ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán riḃ. 19 Agus tiucfa a ccríċ, an tan a naibeorṫaói, Cred fá ndéan an TIĠEARNA ar Ndía na neiṫesi rinn? ann sin freigeora tú íad; Aṁuil mar do ṫréigeaḃairsi misi, agus do ḟoġuaḃair do ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa ann ḃur ttalaṁ, is marsin ḟoiġeontaoi do ċoiṁṫiġeaċuiḃ a ndúṫuiġ naċ liḃ féin. 20 ¶ Foillsiġ so a ttiġ Iácob, agus fúagair so ann Iúdah, ḋa ráḋ, 21 Eístiġ so anois, a ṗohal amadánaċ, agus gan tuigsi; agá ḃfuilid súile, agus naċ ḃfaicionn; agá ḃfuilid clúasa, agus naċ ccluinn: 22 Naċ ḃfuil eagla oruiḃ roṁamsa? a deir an TIĠEARNA: naċ ccrioṫnoċuiḋe am laṫairsi, noċ do áitreiḃ an gaineaṁ mar ṫéoruinn do nfairge maille ré hórduġaḋ síoṫḃúan, naċ féidir lé ḋul ṫairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, giḋeaḋ ní ḃéaruid buáiḋ; mátá go ttonnġáirfid, aċt ċeana ní raċuid ṫairis? 23 Aċt atá croiḋe diombúan easúṁal aig na daóiniḃsi; do iompoiġeadar agus do imṫiġeadar. 24 Ní mó a deirid síad iona ccroiḋe, Bioḋ anois eagla an Tiġearna DIA oruinn, noċ do ḃeir fearṫuinn, fa ṫús agus fa ḋeireaḋ iona ham féin: coiṁéaduiġ sé ḋúinne seaċdṁuine cinnte a nfóġṁair. 25 Dfilleadar ḃur ccionta féin na neiṫesi uáiḃ, agus do ċongṁadar ḃur bpeacuiḋe neiṫe maiṫe uáiḃ. 26 Oír do ġeaḃṫar a measg mo ṗobail droċḋaóine: cuirid luiḋeaċ án, aṁuil an té ċuirios lionta; cuirid dul, gaḃuid síad daóine. 27 Aṁuil ḃíos clíaḃán lán déunuiḃ, is mar sin ḃíos a ttiġṫe lán do ċeilg: uimesin dfasadar mór, agus atáid síad saiḋḃir. 28 Dfásadar méiṫ, agus déallruiġid: fós, sáruiġid síad gníoṁa na ndroċḋaoine: ní ḃreaṫnuiġid síad an ċúis, cúis an dílleaċda, giḋeaḋ tigid ar a naġaiḋ; agus ní ḃreaṫnuiġid cóir a neasḃuiḋiġ. 29 Naċ ccuairteoċa misi ar son na neiṫeannsa? a deir an TIĠEARNA: naċ bia manam dioġaltaċ ar a leiṫéid so do ċineaḋ? 30 Do rinneaḋ ní iongantaċ aḋḟúaṫṁar annsa ttír; 31 Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society