Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 49 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLIX. Breiṫeaṁnus ṁuinntir Ammon, 9 Edom, 23 Ḋamascus, 28 Cedar, 30 Hasor, 34 agus Persia.

1 Attaoḃ na Nammoníteaċ, is marso a deir an TIĠEARNA; An ḃfuilid mic ar biṫ ag Israel? naċ ḃfuil oiġreaḋa ar biṫ aige? cred maiseaḋ as a ḃfuil a ríġ na oiġre ar Ġad, agus a náitreaḃann a ṁuinntir iona ċaiṫreaċaiḃ?

2 Uimesin, féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttiuḃra misi fa deara caismirt ċogaiḋ do ċluinsion ann Rabbah na Nammoníteaċ; agus biáiḋ sí na cárn ḋólásaċ, agus loisgfiġear a hinġeana le teine: annsin biáiḋ Israel na oiġre air an luċt do ḃí na noiġriġiḃ airsion, a deir an TIĠEARNA.

3 Núall, a Hesbon, óir do creaċaḋ Ai: éiġiḋ, a inġeana Rabbah, gaḃaiḋ siḃ féin a saicéadaċ; cáoiḋiġ, agus rioṫuiḋ síos agus súas láiṁ ris na sáltuiḃ; óir raċaiḋ a ríġ a mbraiġdionas, a ṡagairt, agus a ṗrionnsaḋa a naoinfeaċt.

4 Cred fa ngáirdiġion tú annsa ġleann, ann do ġleann tuileaṁuil, a inġean ṁíoċoinġiollaċ? do ḋóṫċusuiġ iona saiḋḃrios, ag ráḋ, Cía ṫiucfas dom ionnsaiḋsi?

5 Féuċ, do ḃéara mé eagla ort, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, ó nuile ḋuine dá ḃfuil ad ṫimċioll; agus dibeorṫar siḃ a nuile ḋuine amaċ go díreaċ; agus ní ċruinneoċuiḋ duine ar bíṫ an té ṡeaċránas.

6 Agus na ḋiáiġ sin do ḃéara mé liom a rís ḃraiġde ċloinne Ammon, a deir an TIĠEARNA.

7 ¶ A ttáoḃ Edom, is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; An ḃfuil, críonnaċt ó so amaċ ann Teman? nar imṫiġ coṁairle seaċad ón ġlic? a ndeaċuiḋ a neagna ar neiṁní?

8 Téiġiḋsi, filliḋ ar ḃur nais, áitreaḃuiġ go doṁuinn; áitreaḃṫaċa Dédan; óir do ḃéara misi aindeisi Esau air, a nuáir ṫiucfas mé ḋa ḟéuċuia.

9 Má ṫiġid luċt cnúasta cáor ċugad, naċ fúigfid cáora díoġloma? má ṫigid gaduiġṫe san noiḋċe, sladfuid síad nó go raiḃ go lór aca.

10 Aċt do rinne misi Esau lom, do noċt mé a áite secréideaċa, agus ní ḟéadfa sé é féin do ċeilt: do creaċaḋ a ṡíol, agus a ḋearḃráiṫre, agus a ċoṁarsana, agus ní ḃfuil sé féin ann.

11 Fág do ḋílleaċtaiġ, cuiṁdeoċa misi beó íad; agus bíoḋ dóṫċus aig do ḃaintreaḃaċaiḃ ionnam.

12 Oír is márso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, androng naċ raiḃ a mbreaṫ iḃe don ċupán diḃiodar go deiṁin; agus an tusa an té raċus go hiomlán gan ċoiriuġaḋ? ní reaċa tú gan ċoiriuġaḋ, aċt go deiṁin ioḃa tú ḋe.

13 Oír do ṁionnuiġ misi ṫríom féin, a deir an TIĠEARNA, go mbia Bosrah na fásaċ, na scannail, na húaignios, agus na malluġaḋ; agus go mbéid a ccaiṫreaċa uile na ḃfasáċ ṡíorruiḋe.

14 Do ċúala mé iomráḋ ón TTIĠEARNA, agus do cuireaḋ teaċta ċum na ngeinteaḋ, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, agus tígiḋ na haġaiḋ, agus éirġiḋe súas ċum an ċaṫa.

15 Oír, féuċ, do ḋéana misi beag ṫú a measc na ngeinteaḋ, agus tarcuisneaċ a measc ḋaoine.

16 Do ṁeall húaṫḃás ṫú, agus úaḃar do ċroiḋe, ṫusá ċoṁnuiġios a scealpuiḃ na ccarrac, ċóngṁus áirde an ċnoic: bíoḋ go ndeantá do nead coṁárd ris a niolar, do ḃeara misi a núas as sin ṫú, a deir an TIĠEARNA.

17 Biáiḋ Edom fós na fásaċ: biáiḋ úaṫḃás air gaċ áon dá ngéaḃa ré na táoḃ, agus do ḋéanaid scige fa na pláġaiḃ.

18 Aṁuil mar do ḃí a scrios Ṡodom agus Ġomorra agus iona ccaiṫreaċaiḃ coṁarsann sion, a deir an TIĠEARNA, ní ḟanfa duine annsin, ní mó áitreoḃus mac duine ann.

19 Féuċ, tiucfa sé aṁuil leoṁan a níos ó árd Iordan gus a náitreaḃ neartṁar: aċt do ḃéara misi air rioṫ go hobann uáiṫe: agus cía an duine toġṫa, óirdeoċus mé ós a cionn? óir cía is cosṁuil riom? agus cía ċinnfios a naimsir ḋaṁ? agus cía an tréaduiġe ṡeasfas as mo ċoinne?

20 Uimesin éistiġ coṁairle an TIĠEARNA, do rinne sé a naġaíḋ Edom; agus na tionnscanta, do ṫionnscain sé a naġaiḋ áitreaḃṫaċa Téman: Go deiṁin díbeoruiḋ ann té as luġa doa tréad amaċ íad: go deiṁin do ḋéana sé a ttiġṫe fáon foláṁ maille ríu.

21 Do ċorruiġ an talaṁ lé torann a ttuitṁe, do ċlos coṁairc a ngoṫa san muir Ruáiḋ.

22 Féuċ, tiucfa sé a níos agus eitillfiḋ sé aṁuil iolar, agus leaṫneoċuiḋ sé a scíaṫáin ós cionn Ḃosrah: agus annsa ló sin biáiḋ croiḋe ḋaóine árraċta Edom aṁuil croiḋe mná iona doiġṫiḃ.

23 ¶ A ttaoḃ Ḋamascus. Do claóiḋeaḋ Hamat, agus Arpad: óir do ċúaladar droiċsgéala: atáid lagċroiḋṫeaċ; atá gruáim air an ḃfairge; ní ḟéadan sí ḃeiṫ ciúin.

24 Atá Damascus lag, agus dfill sí í féin do ṫeiṫioṁ, agus do ġlac eagla griem uirre: do ġaḃ dobrón agus doilġios í, mar ṁnaói ré nioḋnuiḃ.

25 Ciondus naċ ḃfagṫar caṫair an ṁolta, caṫair mo ṡóláis!

26 Ar a naḋḃarsin tuitfid a daoine óga iona sráidiḃ, agus gearrfuiġear amaċ a nuile ḟear cogaiḋ annsa lósin, a deir TIĠEARNA na slóġ.

27 Agus lasfa mé teine a mballa Ḋamascus, agus loisgfiḋ sé páláis Ḃenhadad.

28 ¶ A ttáoḃ Cedar, agus a ttáoḃ rioġaċta Hasor, noċ ḃuáilfios Nebuċadressar ríġ na Babiloine, is marso a deir an TIĠEARNA; Eirġiḋe, imṫiġiḋ súas go Cedar, agus creaċuiḋ daóine a noirṫir.

29 Glacfuid a bpáillíuin agus a ttréada: béaruid síad ċuca féin a ccúirtíniġe, agus a soiṫiḋe uile, agus a ccáṁuill; agus fuáigeoruid síad dóiḃ, Eagla do ḃeiṫ air gaċ uile ṫaóiḃ.

30 ¶ Teiṫiḋ, imṫiġiḋ a ḃfad, áitreaḃuiġ go doṁuin, a áitreaḃṫaċa Hasor, a deir an TIĠEARNA; óir do ġlac Nebuċadnessar ríġ na Babilóine coṁairle ḃur naġaíḋ, agus do ċinn sé tionnscnaṁ ḃur naġaíḋ.

31 Eírġiḋe, imṫiġiḋ súas gus an ccineaḋ ṡaiḋḃir, ċoṁnuiġios gan ċúram, a deir an TIĠEARNA, ag naċ ḃfuilid geataḋa nó barraḋa, noċ áitreaḃus na náonar.

32 Agus béid a ccáṁuill na néadáil, agus iomad a náirnéise na ccreiċ: agus sgaóilfead annsna huile ġáoṫaiḃ an dream atá annsna coirnéaluiḃ imċíana; agus do ḃéara mé a naindeisi ó gaċ uile ṫaóiḃ ḋe, a deir an TIĠEARNA.

33 Agus biáiḋ Hasor na áitreaḃ dragún, agus na ḟásaċ go bráṫ: ní ḟanfa duine ar biṫ ann, ní áitreoḃuiḋ mac duine ar biṫ ann.

34 ¶ Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic gus an ḃfáiḋ Ieremiah a naġaiḋ Elam a ttosaċ rioġaċt Ṡedeciah ríġ Iúdah, ġa ráḋ,

35 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, brisfe mé boġa Elam, ceann a neirt.

36 Agus do ḃéara mé ar Elam na ceiṫre gáoṫa ó ċeiṫre háirdiḃ neiṁe, agus sgaóilfiḋ mé íad leaṫ ris na gáoṫaiḃ sin uile; agus ní biáiḋ cineaḋ ar biṫ naċ ttiucfaiḋ díbéarṫuiġ Elam ċuca.

37 Oír do ḃéara mé ar Elam anḃfainninġaḋ a laṫair a náṁad, agus a laṫair na druinge íarrus a mbás: agus do ḃéara mé olc orra, eaḋon mfearg ḃorḃ, a deir an TIĠEARNA; agus cuirfiḋ mé an cloiḋeaṁ na ndiáiġ, nó go ccuiriḋ mé deireaḋ léo:

38 Agus suíḋeoċa mé mo ċaṫaóir ríoġa ann Elam, agus muirfiḋ mé as sin an ríġ, agus na prionnsaḋa, a deir an TIĠEARNA.

39 ¶ Aċt tiucfuiḋ a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ttiuḃra misi ar a nais a rís braiġde Elam, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan