Ieremiah 48 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLVIII. Tairrġir a naġaiḋ Ṁoab arson a díomas, &c. 1 Anaġaiḋ Ṁoab is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; A ṁairg do Nebo! óir atá sí airgṫe: do náiriġeaḋ Ciriataim agus do ġaḃaḋ í: atá a Misgab ar na náiriuġaḋ agus atá sí anḃfann. 2 Ní ḃiáiḋ níosa ṁó do ṁolaḋ ar Ṁoab: do ṫionnscnadar olc na haġaiḋ ann Hesbon; déanam, gearram amaċ í ó ḃeiṫ na cineaḋ. Géarrfuiġear fós síos ṫú, a Ṁadmen; leanfuiḋ an cloiḋeaṁ ṫú. 3 Biáiḋ guṫ a néiġiṁ ó Horonaim, creaċaḋ agus aiḋṁilleaḋ ṁór. 4 Ata Moab ar na scríos; ṫug a haóin ḃeaga fa deara coṁairc do ċluinsion. 5 Oir a ndul súas Luhit raċaiḋ gul gnáṫaċ súas; óir a ndul síos Horonaim do ċúaluiḋ an náṁuid guṫ a naiḋṁillte. 6 Teiṫiḋ, sáḃáluiġ ḃur nanmanna, agus bíṫí cosṁuil ris an ḃfráoċ ann sa ḃfasaċ. 7 ¶ Oír do, ḃríġ gur ċreid tú ann hoibreaċaiḃ agus ann hionnmbusaiḃ, géuḃṫar ṫusa fós: agus raċa Ċemos amaċ a mbraiġdionas maille re na ṡagartaiḃ agus re na ṗrionnsaḋuiḃ a naóinḟeaċt. 8 Agus tiucfuiḋ an creaċadóir ar gaċ uile ċaṫruiġ, agus ní raċaiḋ caṫair ar biṫ as: millfiġear fós an gleann, agus scriosfuiġear an réiġteaċ, mar do laḃair an TIĠEARNA. 9 Tugaiḋ sciaṫáin do Ṁóab, ċor go tteiṫfiḋ sé agus go nimeoċaiḋ sé roiṁe: óir béid a ċaiṫreaċa úaigneaċ, gan áitreaḃaċ air ḃiṫ ionta. 10 Go maḋ malluiġṫe an té do ní oibreaċa an TIĠEARNA go meaḃlaċ, agus go maḋ malluiġṫe an té ċoinneoċus a ċloiḋeaṁ ar ais ó ḟuil. 11 ¶ Do ḃí Moab a suáiṁneas ó na óige, agus do ṡuiġiḋ sé air a ṁoirtiḃ, agus níor folṁuiġeaḋ é ó ṡoiṫeaċ go soiṫeaċ, ní mó do ċúaiḋ a mbraiġdionas: uimesin mairiḋ a ḃlas ann féin, agus níor háṫruiġeaḋ a ḃolaḋ. 12 Uimesin, féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go ccuirfiḋ misi rúagaireaḋa ċuige, ċuirfios dfiaċaiḃ air seaċrán do ḋéanaṁ, agus ḟoilṁeoċus a ṡoiṫeaḋa, agus ḃrisfios a mbuidéil. 13 Agus biáiḋ náire ar Ṁoab fa Ċemos, mar do ḃí tiġ Israel náireaċ fa Ḃetel a ndóṫċus. 14 ¶ Ciondus a dearṫaóise, Atámaóidne ar ḃfearuiḃ cuṁaċtaċa agus neartṁara ċum an cogaiḋ? 15 Do creaċaḋ Moab, agus do ċuáiḋ sé súas as a ċaiṫreaċaiḃ, do ċuáiḋ toġa a ḋaóine óga síos ċum a náir, a deir an ríġ, dar bainm TIĠEARNA na slóġ. 16 Is fogus daindeis Ṁoab teaċt, agus deiṫfriġiḋ a aṁgar go lúaṫ. 17 Gaċ a ḃfuiltí na ṫimċioll, guiliḋ air a ṡon; agus siḃsi uile dar baiṫnid a ainm, abruiḋ, Ciondus do ḃriseáḋ an bata láidir, agus an tslat sgíaṁaċ! 18 Ṫusa a inġean áitreaḃus ann Díbon, tárr a núas ód ġlóir, agus suiḋ a ttart; óir tiucfaiḋ creaċaire Ṁóab ort, agus scriosfuiḋ sé do ḋaingneaċa láidre. 19 O a áitreaḃṫuiġ Aroer, seas annsa tsliġe, agus fuirḟeiṫ; fíafruiġ don ti ṫeiṫios, agus don mnaói ṫéid as, agus abair, Cred do rinneaḋ? 20 Do claóiḋeaḋ Móab; óir do ḃriseaḋ síos é: núalluiġ agus éiġiḋ; innisiḋsi ann Arnon, gur creaċaḋ Móab, 21 Agus go ttáinic breiṫeaṁnus air an ttír réiḋ; ar Holon, agus ar Iahasah, agus air Ṁeṗaat, 22 Agus air Ḋíbon, agus ar Nebo, agus ar Ḃet‐diblataim, 23 Agus ar Ċiriataim, agus ar Ḃetgamul, agus ar Ḃet‐meon, 24 Agus ar Ċeriot, agus air Ḃosrah, agus air uile ċaiṫreaċaiḃ ṫire Moab, a cceín nó a ḃfogus. 25 Do gearraḋ aḋarc Ṁoab amaċ ḋe, agus do briseaḋ a ríġ, a deir an TIĠEARNA. 26 ¶ Cuiriḋsi ar meisce é: óir do ṁóruiġ sé é fein a naġaíḋ an TIĠEARNA: unfuirtfiġ Móab é féin mar an ccéadna íona sceaṫruiġ, agus biáiḋ sé fós na sgige. 27 Oír naċ raiḃ Israel na ṁagaḋ aguiḃsi? ar fríṫ é a measg ġaduiġṫe? óir ó nam far laḃair tú air, do ling tú le lúaṫġáir. 28 O siḃsi áitreaḃus ann Móab, fágḃuiḋ na caiṫreaċa, agus coṁnuiġiḋ annsna cairgiḃ, agus bíṫí cosṁuil ris an ccolum do ni a nead a leaṫ taóiḃ ḃéil an tuill. 29 Do ċúalamar úaḃar Ṁóab, atá sé ro úaiḃreaċ a ṁórḋaċt, agus a úaḃar, agus a ríṁiaḋ, agus áirde a ċroiḋe. 30 Is aiṫnid daṁsa a ḟearg, a deir an TIĠEARNA; aċt ní ḃía sin mairsin; ní ċuideoċuid a ḃréaga díoṁaóin leis. 31 Ar a naḋḃarsin núallfuiḋ misi ar son Ṁoab, agus goirfiḋ mé na coṁairc ar son Ṁoab uile; osnaḋfuiḋ mo ċroiḋe ar son ḟear Ṡir‐heres. 32 O a ḟíneaṁnin Ṡibmah, guilfiḋ mé ar do ṡon maille re gul Iaser: do ċuáiḋ do ṗlanndaḋa ṫar fairge, roiċid go fairge Iaser: do ṫuit an creaċadóir ar do ṫóirṫe saṁraiḋ agus ar ṫoraḋ ṫfíneaṁan. 33 Agus rugaḋ gáirdeaċus agus lúaṫġair ón maċaire ṫóirṫeaṁuil, agus ó ṫir Ṁóab; agus ṫug mé fa deara fíon dfailliuġaḋ ó na nomaruiḃ fíona: ní ṡailteoruiḋ duine ar biṫ maille re gáir; ni buḋ éanġáir a ngáir. 34 O éiġioṁ Hesbon eaḋon go Heleáleh, agus go Iahas, do ġoireadar an ċoṁairc, ó Ṡóar go Horonaim, aṁuil colpaċ ṫrí mblíaḋan daóis: óir béid fós uisgeaḋa Nimrim uáigneaċ. 35 Tuilleaṁ oile do ḃéara mé fa deara do ċosg ann Móab, a deir an TIĠEARNA, an té ofrálus annsna háitiḃ árda, agus an té loisgios túis dá ḋéiḃ. 36 Uimesin fuáimneoċuiḋ me ċroiḋe aṁuil píoba ar son Ṁóab, agus fuaimneoċuiḋ mo ċroiḋe aṁuil píoba ar son ḟear Ċir‐herés: do ḃríġ go ndeaċaiḋ an saiḋḃrios fuáir sé seaċad. 37 Oír biáiḋ a nuile ċeann máol, agus gaċ uile ḟeasóg beárrṫa: biaid geárrṫa air na huile láṁuiḃ, agus saicéadaċ air na leasraċaiḃ. 38 Biáiḋ cuṁaiḋ go coitċeann ar ṁullaḋuiḃ ṫeaġ Ṁóab agus iona ṡráidiḃ: óir do ḃris mé Móab aṁuil soiṫeaċ ann naċ bíḋ taitneaṁ ar biṫ, a deir an TIĠEARNA. 39 Núallfuiḋ síad, ag ráḋ, Ciondus do briseaḋ síos e! ciondus diompóiġ Moab a ċúl tré náire! mar sin ḃias Móab na ṁagaḋ agus na úaṁan dá ḃfuil ar gaċ taóiḃ ḋe uile. 40 Oír is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, eitillfiḋ sé aṁuil iolar, agus leaṫnoċuiḋ a sciaṫáin ós ccíonn Ṁóab. 41 Do gaḃaḋ na caiṫreaċa, agus do gaḃaḋ na daingne láidre, agus biáid croiḋṫe na ḃfear nárraċta ann Móab san ló sin aṁuil croiḋe mná iona doiġṫiḃ. 42 Agus scriosfuiġear Móab ó ḃeiṫ na ṗobal, do ḃríġ gur ṁéaduiġ sé é féin a naġaíḋ an TIĠEARNA. 43 Bíaiḋ eagla, agus úaiġ, agus paintéar ort, a áitreaḃṫuiġ Ṁóab, a deir an TIĠEARNA. 44 An té ṫeiṫios ó neagla tuitfiḋ sé annsa nuáiġ; agus an té ṫiucfas a níos as an bpoll géaḃṫar san ṗaintéar é: óir do ḃéara misi air, eaḋon air Ṁóab, blíaḋuin a ccúartuiġṫe, a deir an TIĠEARNA. 45 Do ṡeasadar fa ḋíon Hesbon an drong do ṫeiṫ tre ainneart: aċt tiucfuiḋ teine amaċ as Hesbon, agus a sair as lár Sihon, agus loisgfiḋ sí cuáinne Ṁóab, agus coróin ċinn na ndaóine cceannairgeaċ. 46 A ṁairg ḋuit, a Ṁóab, atá pobal Ċemos ar na milleaḋ: óir do gaḃaḋ do ṁic a mbraiġdionas, agus hinġeana a láiṁdeaċus. 47 ¶ Giḋeaḋ fillfe misi braiġdeanas Ṁóab annsna laéṫiḃ deiġionaċa, a deir an TIĠEARNA. Breiṫeaṁnus Ṁóab go nuige so. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society