Ieremiah 46 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLVI. Trom‐ṫairrgir a ttaoḃ na Hégipte. 1 Briaṫar an TIĠEARNA noċ ṫáinic go Ieremiah an fáiḋ a naġaíḋ na ngeinteaḋ; 2 A naġaíḋ na Hégipte, a naġaíḋ ṡlóiġ Ṗárao‐neċo ríġ na Hégipte, noċ do ḃí láiṁ ré haḃuinn Euṗrátes ann Carċemis, noċ do ḃuáil Nebuċadnessar ríġ na Babilóine annsa cceaṫraṁaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah. 3 Gléusuiḋse an buicléir agus an sgíaṫ, agus tigiḋ a ḃfogus don ċaṫ. 4 Uġamuiġ na heiċ; agus éirġiḋe súas, a ṁarcṡlúaġ, agus seasuiġe si súas re ḃur cclogadaiḃ; deanuiġ soillseaċ na sleaġa, cuiriġ oruiḃ na huċdeaduiġeaḋ. 5 Créd fa ḃfaca mé ag ainḃfainneaḋ íad agus ag filleaḋ ar a ccúl? agus a ndaóine neartṁara buáilte síos, agus ar tteiṫeaṁ go lúaṫ, agus gan féuċuin na ndiáiġ: óir do ḃí eagla timċioll fa ccuáirt, a deir an TIĠEARNA. 6 Ní ṫeiṫfiḋ an duine lúaṫ, agus ní léigfiġear an duine neartṁar do ḋul as; do ġeaḃuid síad tuisleaḋ, agus tuitfid do ṫaoiḃ an tuáisceart láiṁ ré haḃuinn Euṗrátes. 7 Cía hé so ṫig súas aṁuil tuile, agá ḃfuilid a uisgeaḋa ag corruġaḋ mar na sroṫa? 8 Eíreoċuiḋ a Négipt súas aṁuil tuile, agus corroċṫar a huisgeaḋa súas aṁuil aiḃne; agus a deir sé, Raċa mé súas, agus foileoċa mé an talaṁ; scriosfa mé an ċaṫair agus a háitreaḃṫaċa. 9 Tigiḋ súas, a eaċraiḋ; agus iomrúaguiḋ, a ċarbada; agus tigedis na daóine neartṁara amaċ; na Hetíopiġ agus na Líbianuiġ, ġlacus an scíaṫ; agus na Lídianuiġ, ġlacus agus ċromas an boġa. 10 Oír isé so lá an Tiġearna DIA na slóġ, lá an dioġaltais, ċor go ndiġeoluiḋ sé é féin air a naṁuid: agus sluigfiḋ an cloiḋeaṁ, agus sáiseoċṫar é agus cuirfiġear ar meisce é lé na ḃfuilsion: óir atá íoḋbuirt ag an Ttiġearna DIA na slóġ annsa tír ṫuáiġ láiṁ re haḃuinn Euṗrátes. 11 Eíriḋ súas go Gilead, agus glac íce, a ṁaiġdion, a inġean na Hégipte: is go díoṁaóin ġlacus tú mórán leiġis; óir ní leiġeostar ṫú. 12 Do ċúala na cineaḋaċa do náire, do líon do ċoṁairc an tír: óir do ṫuisliġ an duine neartṁar a naġaíḋ an ċuṁaċdaiġ, agus do ṫuiteadar aráon a naóinḟeaċt. 13 ¶ An focal do laḃair an TIĠEARNA ré Ieremiah an fáiḋ, mar ṫiucfaḋ Nebuċadnessar ríġ na Babilóine agus go mbuáilfeaḋ sé críoċ na Hégipte. 14 Foillsiġiḋse san Négipt, agus fúagruiḋ ann Migdol, agus innsiḋ an Noṗ agus an Tahpanhes: abruiḋ, Seas go daingion, agus ullṁuiġ ṫú féin; óir muirfiḋ an cloiḋeaṁ fa ccuáirt ad ṫimċioll. 15 Cred as ar sgúabaḋ do ḋaóine neartṁara uait? níor ṡeasadar, do ḃríġ gur ḋíoċuir an TIĠEARNA íad. 16 Ṫug sé air ṁórán tuitiom, aseaḋ, do ṫuit aón ar a ċéile: agus a dúḃradar, Eirgiḋ, agus déanam a rís ċum ar ndaóine féin, agus go tír ar ndúṫċuis, ó ċloiḋeaṁ na diḃḟeirge. 17 Déiġṁiodar annsin, Ní ḃfuil aċt tormán ann Ṗárao ríġ na Hégipte, do ṡáruiġ sé a nuáir ċinnte. 18 Mar ṁairimsi, deir an ríġ, darab ainm TIĠEARNA na slóġ, Go deiṁin mar atá Tabor a measg na sleiḃtiḃ, agus Carmel láiṁ ris an ḃfairge, is marsin ṫiucfas sé. 19 A inġean áitreaḃus annsa Négipt, déan soiṫiġe ḋuit féin ċum dul a mbraiġdionas: óir biáiḋ Noṗ na fásaċ agus uáigneaċ gan áitreaḃṫaċ. 20 Is cosṁuil a Négipt ré colluid ḃréaġḋa, aċt ṫig an taiḋṁilleaḋ; ṫig sé ón ttuáisceart. 21 Atáid fós búannuiġe iona meaḋon aṁuil láoġa bíaḋta; óir atáidsion fós ar na ḃfilleaḋ ar a nais, agus do ṫeiṫiodar a náoinḟeaċd: níor ṡeasadar, do ḃríġ go ttáinic lá a naindesi orra, agus aimsir a ccúartuiġṫe. 22 Raċaiḋ a ġúṫ sin amaċ aṁuil naiṫir niṁe; óir raċaid air a naġaíḋ ré slúaġ, agus tiucfuid na haḋuíġ lé túaġuiḋ, mar ḃúanaḋa connaiġ. 23 Gearrfuid síad síos a foraois, a deir an TIĠEARNA, má tá naċ féidir a spíonaḋ; do ḃríġ gur lía íad náid na dréolláin teasḃuiḋ, agus naċ féidir a náireaṁ. 24 Náireoċṫar inġean na Hégipte; do ḃéarṫar a láiṁ ṁuinntire an tuáisceirt í. 25 A deir TIĠEARNA na sloġ Día Israel, Féuċ, smaiċteoċa misi slúaġ No, agus Ṗarao, agus a Négipt, maille le na ndéiḃ, agus ré na ríġṫiḃ; eaḋon Ṗárao, agus a nuile ḋuine ḋóṫċusuiġios ann: 26 Agus seaċóda mé íad a láiṁ na druinge íarrus a mbás, agus a láiṁ Nebuċadressar ríġ na Babilóine, agus a láiṁ a ṡeirḃíseaċ: agus na ḋiáiġ sin áitreoċṫar í, mar is na láeṫiḃ a nallód, a deir an TIĠEARNA. 27 ¶ Aċt ná heagluiġse, ó mo ṡeirḃíseaċ Iácob, agus ná bí anḃfann, a Israel: óir, féuċ, cuiṁdeoċa misi ṫú ó imċéin, agus do ṡlioċd ó ṫír a ndaoirsine; agus fillfiḋ Iácob, agus biáiḋ sé a suáiṁneas agus a socaṁul, agus ní ċuirfiḋ duine ar biṫ eagla air. 28 Ná bíoḋ eagla ort, a Iácob mo ṡeirḃíseaċ, a deir an TIĠEARNA: óir atáimsi maille riot; do ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán do nuile ċineaḋ ċum ar ṫeilg mé ṫú: aċt ní cuirfiḋ mé deireaḋ iomlán leaċdsa, aċt smaiċteoċa mé ṫú a measarḋaċt; giḋeaḋ ní ḟúigfiḋ mé ṫú go hiomlán gan smaċtuġaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society