Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 44 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLIV. Teaċtaireaċt Dé ċum na Niuduiġeaḋ do ḃi sa Négipt.

1 An focal ṫáinic go Ieremiah a ttáoḃ na nuile Iúduiġeaḋ noċ ċoṁnuiġios a ccríċ na Hégipte, noċ áitreaḃas ag Migdal, agus ag Tahpanhes, agus ag Noṗ, agus a ttír Ṗatros, ġa ráḋ,

2 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ċoncaḃair a nuile olc ṫug misi ar Ierusalem, agus ar ċaiṫreaċaiḃ Iúdah uile; agus feuċuiḋ, a niuġ atáid síad na ḃfásaċ, agus ní áitreaḃann duine ar biṫ ionta,

3 Do ḃríġ a nuilc do rinneadar dom ḃrostuġaḋ ċum feirge, an tionad a ndeaċadar do losgaḋ túise, agus dfoġnaṁ do ḋéeiḃ oile, naċ ar ḃaiṫne ḋóiḃ, ḋóiḃ féin, ḋiḃsi, ná dá ḃur naiṫriḃ.

4 Matá gur ċuir misi ċugaiḃ mo ṡeirḃísiġ na fáiġe, ag éirġe go moċ agus agá ccur uáim, ġa ráḋ, Oh, ná déanuiḋ an ní aḋḟuaṫṁarso noċ ḟúaṫuiġimsi.

5 Aċt níor éisteadarsan, ní mó do ċláonadar a cclúas dfilleaḋ ó na nolc, gan túis air biṫ do loscaḋ do ḋéiḃ oile.

6 Uimesin do dóirteaḋ amaċ mo ainteas agus mfearg, agus do lasaḋ í a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem; agus atáid na ḃfásaċ agus uáigneaċ, do réir an láe a niuġ.

7 Uimesin anois is marso a deir an TIĠEARNA, Día na slóġ, Día Israel; Cred fá ndéintí an tolc mórso a naġaíḋ ḃur nanmann, do ġearraḋ úaiḃ amaċ fear agus ban, leanaḃ agus naoiḋean, amaċ as Iúdah, go naċ ḃfágfuiḋ fuiġioll agaiḃ re marṫumn;

8 An tionad ar ḃrostuiġeaḃair misi ċum feirge lé hoibreaċaiḃ ḃur láṁ, ag losgaḋ túise do ḋéiḃ oile a ccríċ na Hégipte, mar a ndeaċaḃair do ċoṁnuiḋe, ċor go ngéarrfaiḋ siḃ amaċ, agus go mbeiṫ siḃ mar ṁalluġaḋ agus mar scannail a measc uile ċineaḋaċ an doṁuin?

9 Nar ḋearmadaḃair uilc ḃur naiṫreaḋ, agus uilc ríġṫeaḋ Iúdah, agus uilc a mban, agus ḃur nuilc féin, agus uilc ḃur mban, noċ do rinneadar a ttír Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem?

10 Níor húṁluiġeaḋ íad gus a niuġ, ní mó do úaṁnuiġeadar, nó do ṡiuḃluiġeadar ann mo ḋliġeaḋsa, nó ann mo statúidiḃ, do ċuir mé roṁuiḃ agus roiṁe ḃur naiṫriḃ.

11 ¶ Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, cuirfe misi maġaíḋ ḃur naġaíḋsi ċum uilc, agus do ġearraḋ amaċ Iúdah uile.

12 Agus glacfa mé fuiġioll Iúdah, do ċur a naiġṫe do ḋul go críċ na Hégipte ar cuáirt annsin, agus scriosfuiġior uile íad, agus tuitfid a ccríċ na Hégipte; eaḋon muirfiġear íad leis an ccloiḋeaṁ agus leis an ngorta: éugfuid síad, ó ḃeag go mór, leis an ccloiḋeaṁ agus leis an ngorta: agus béid na malluġaḋ, agus na núaṫḃás, agus na mallaċd, agus na scannail.

13 Oír smaiċdeoċuiġ misi an drong áitreaḃas a ccríċ na Hégipte, mar do smaċduiġ mé Ierusalem, leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ:

14 Iondus naċ raċaiḋ as, agus naċ mairfiḋ aoinneaċ dfuiġioll Iúdah dá ndeaċaiḋ go críċ na Hégipte do ċoṁnuiḋe annsin, lé ḃfillfidís go tír Iúdah, mar a ḃfuil fonn orra dáitreaḃaḋ ann: óir ní fillfiġear aċ an ṁéid raċus as

15 ¶ Annsin do ḟreagair a nuile ḋuine dá raiḃ a ḟios gur loisgeadar a mná túis do ḋéeiḃ oile, agus na huile ṁná dar ṡeas na ḃfoċair, a ccoiṁṫionól ṁór, eaḋon an pobal uile dáitreiḃ a ccríċ na Hégipte, ann Patros, do Ieremiah, ġa ráḋ,

16 Ar son a nfocail do laḃair tú rinne a nainm an TIĠEARNA, ní éistfiom riot.

17 Aċd do ḋéanam go deiṁin gaċ uile ni dá ttéid amaċ as ar mbéul féin, do losgaḋ túise do ḃainríoġain neiṁe, agus do ḋórtaḋ ofrála diġe ḋí mar do rinneamar féin, agus ar naiṫre, ar ríġṫe, agus ar bprionnsaḋa, a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem: óir annsin do ḃí fairsinge ḃíḋ aguinn, agus do ḃámar go maiṫ, agus ní ḟacamar olc ar biṫ.

18 Aċt ó nuáir fár sguireamar do loscaḋ túise do ḃainríoġain neiṁe, agus ofráil díġe do ḋórtaḋ amaċ ḋi, do ḃí easḃuiḋ a nuile néiṫe maiṫe oruinn, agus do marḃaḋ sinn leis an ccloiḋeaṁ agus leis an ngorta.

19 Agus an tan do loisgeamar túis do ḃainríoġan neiṁe, agus do ḋóirteamar amaċ ofrála diġe ḋí, a ndéarnamar cácaḋa ḋí dá haḋraḋ, agus do ḋórtaḋ ofrála diġe ḋí, a ḃféagṁaois ar ḃfear?

20 ¶ Annsin a dúḃairt Ieremiah rís an bpobal uile, ris na fearuiḃ, agus ris na mnáiḃ, agus ris an bpobal uile ṫug an ḟreagra sin air, ġa ráḋ,

21 Naċ ar ċuiṁniḋ an TIĠEARNA an túis do loisgeaḃair a gcaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, siḃ féin, agus ḃur naiṫre, ḃur ríġṫe, agus ḃur bprionnsaḋa, agus daóine na tíre, agus naċ ttáinic sé ann a inntin?

22 Iondus nar ḟéad an TIĠEARNA iomċar ni buḋ faide, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa, agus do ḃríġ na ngráineaṁleaċd do rinneaḃair; uimesin atá ḃur ttír na fásaċ, agus na húaṫḃás, agus na malluġaḋ, gan áitreaḃṫaċ, mar atá a niuġ.

23 Do ḃríġ gur loisgeaḃair túis, agus do ḃriġ gur ṗeacuiġeaḃair a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus nar úṁluiġeaḃair do ġúṫ an TIĠEARNA, agus nár ṡiúḃluiġeaḃair iona ḋliġeaḋ, no iona reaċtuiḃ, nó ann a ḟíaġnúisiḃ; uimesin táinic an tolcso oruiḃ, mar atá a niuġ.

24 Tuilleaṁ oile a dúḃairt Ieremiah ris an bpobal uile, agus ris na mnáiḃ uile, Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile atá a ccríċ na Hégipte:

25 Marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, ġa ráḋ; Do laḃraḃair féin agus ḃúr mná aráon lé ḃúr mbéul féin, agus do ċríoċnuiġeaḃair le ḃur láṁuiḃ, ġa ráḋ, Coiṁlíonfam go deiṁin ar móide ṫugamar, do losgaḋ túise do ḃainríoġain neiṁe, agus do ḋórtáḋ ofrála diġe ḋi: daingneoċṫáoi go deiṁin ḃur móide, agus coiṁlíonfuiḋe go deiṁin ḃur móide.

26 Ar a naḋḃarsin éistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile ċoṁnuiġios a ccríċ na Hégipte; Féuċuiḋ, ṫug misi mionna fám ainm mór, a deir an TIĠEARNA, naċ ainmneoċar mainm ní sa ṁó a mbéul áonduine ar biṫ do Iúdah a nuile ċríċ na Hégipte, ġa ráḋ, Mairiḋ an TIĠEARNA Día.

27 Féuċ, bía misi ag faire ós a ccionn ċum uilc, agus ní ar ṁaiṫ: agus muirfiġear a nuile ḋuine do Iúdah ḃías annsa Négipt leis an ccloiḋeaṁ agus leis an ngorta, nó go raiḃ deireaḋ aca.

28 Giḋeaḋ an núiḃir ḃeag raċas as ón ccloiḋeaṁ fillfid síad ó ċríċ na Hégipte go tír Iúdah, agus fuiġioll Iúdah uile, do ċúaiḋ go críċ ná Hégipte ar ccuáirt, aiṫeonuid cía híad na focail ṡeasfas, mfocailse, nó a ḃfocailsion.

29 ¶ Agus biáiḋ so mar ċoṁarṫa agaiḃ, a deir an TIĠEARNA, go smaiċteoċa misi siḃ annsa náitsi, ċor go naiṫeontaói go seasfuiḋ mfocailsi go deiṁin ann ḃur naġaíḋ ar olc:

30 Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ḃéara mé Ṗárao‐hoṗra ríġ na Hégipte a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na druinge íarras a ḃás; mar ṫug mé Sedeciah ríġ Iúdah a láiṁ Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, a náṁaid, agus díarr a ḃás.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan