Ieremiah 42 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XLII. Cealg Iohanan do iarr fios ó Ḋía, go gu raiḃ ar aire dul don Egipt anaġuíḋ ċoṁairle Dé. 1 Ann sin ṫangadar caiptíne uile na slóġ, a ḃfogus, agus Iohanan ṁac Careah agus Iesaniah ṁac Hosaiah, agus an pobal uile ó ḃeag go mór, 2 Agus a dúḃradar ris an ḃfáiġ Ieremiah, Guiḋmid ṫú, tuiteaḋ ar ngearán ad laṫair, agus guiḋ air ar son ċum an TIĠEARNA do Ḋía, eaḋon ar son a nfuiġillsi uile; (óir níor fágḃaḋ aguinn aċd beagán do ṁórán, mar do ċíd do ṡúile sinn:) 3 Ċor go ttaisbeanfá an TIĠEARNA do Ḋía ḋúinn an tsliġe iona ḃféadfam siuḃal, agus an ní ḟéadfam do ḋéanaṁ. 4 Ann sin a dúḃairt Ieremiah an fáiġ riú, Do ċúala mé siḃ; féuċ, guiḋfiḋ mé ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía do réir ḃur mbríaṫar; agus tiucfuiḋ a ccríċ, giḋ bé ar biṫ ni ḟreagorus an TIĠEARNA ḋíḃsi, go ḃfoillseoċa mé ḋíḃ é; ní ċoinneoċad aóinní ar ccúl uáiḃ. 5 Ann sin a dúḃradar ré Ieremiah, Bíoḋ an TIĠEARNA na ḟíaḋuin ḟírinniġ ḋíriġ eaḋruinn, muna ndearnam do réir na nuile neiṫe ar son a ccuirfiḋ an TIĠEARNA do Ḋía ċuguinn ṫú. 6 Mas maiṫ, nó mas olc é, uṁleoċam do ġlór an TIĠEARNA ar Ndía, ċum a ccuirmíd ṫusa; ċor go mbeiṫior go maiṫ aguinn, an tan uiṁleoċam do ġúṫ an TIĠEARNA ar Ndía. 7 ¶ Agus tárla déis ḋeiċ lá, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah. 8 Ann sinn do ġoir sé Iohanan ṁac Careah, agus uile ċaiptíne na slóġ noċ do ḃí iona ḟoċair, agus an pobal uile ó ḃeag go mór, 9 Agus a dúḃairt sé ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel, ċum ar ċuireaḃair misi dfoillsiuġaḋ ḃur ngearráin dó; 10 Má ḟantaói a ccoṁnuiḋe annsa tírse, annsin cuirfiḋ misi súas siḃ, agus ní ṡraóilfe mé síos siḃ, agus plainndeoċa mé siḃ, agus ní ṫairreonga mé a níos siḃ: óir is aiṫreaċ liom an tolc do rinne mé oruiḃ. 11 Ná bíoḋ eagla ríġ na Babílóine oruiḃ, re a ḃfuil eagla aguiḃ; ná hímeagluiġe roiṁe, a deir an TIĠEARNA: óir atáimsi liḃ dá ḃur sáoraḋ, agus dá ḃur ttárṫáil as a láiṁ. 12 Agus taisbéanfa mé grása ḋíḃ, ċor go mbía truáiġe aigesion díḃ, agus go ttuga sé oruiḃ filleaḋ dá ḃur ndúṫaiġ féin. 13 Aċt má dearṫaói, Ní ċoiṁneoċam annsa tírsi, agus gan úṁluġaḋ do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía, 14 Ġa ráḋ, Ní heaḋ; aċt raċam go críċ na Hégipte, mar naċ ḃfaicfiom cogaḋ ar biṫ, agus naċ ccluinfiom fuáim an stuic, agus naċ ḃfuiġiom ocras aráin; agus coiṁneoċam annsin: 15 Agus anois uimesin eistiġ focal an TIĠEARNA siḃsi a ḟuiġioll Iúdah, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Má ċurṫaóise ḃur naiġṫe go hiomlán ar ḋul don Négipt, agus imṫeaċt agus dul do ċoṁnuiġe ann; 16 Annsin tiucfuiḋ a ccríċ, an cloiḋeaṁ, roiṁe a raiḃ ḃur neagla, go mbéara sé oruiḃ a ttír na Hégipte; agus an ġorta, re a ḃfuil eagla oruiḃ, go leanfuiḋ sé go lúaṫ siḃ don Négipt; agus éugfuiḋe ann sin. 17 Marsin ḃías ag a nuile ḋuine ċuirfios a aġaíḋ ar ḋul ar ċúairt don Négipt; éugfuid leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis a bpláiġ: agus ní ṁairfiḋ áonduine aca agus ní raċaiḋ as ó nolc do ḃéara misi orra. 18 Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Mar do ḋóirteaḋ mfearg agus mo ċorruiġ amaċ ar áitreaḃaċaiḃ Ierusalem; is marsin doirtfiġear mfearg amaċ oruiḃsi, an tan raċtaoi don Négipt: agus beiṫi mar ṁalluġaḋ, agus mar úaṫḃas, agus mar ṁallaċt, agus mar ṁasla; agus ní ḟaicfiḋe a náitsi ní sa ṁó. 19 ¶ A dúḃairt an TIĠEARNA dá ḃur ttáoḃ, a ḟuiġioll Iúdah; Ná héirgiḋe don Negipt: bíoḋ a ḟios aguiḃ go deiṁin gur ċoṁairliġ misi siḃ a niuġ. 20 Oír do léigeaḃair oruiḃ ann ḃur ccroiḋṫiḃ, a nuáir do ċuireaḃair misi ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía, ġa ráḋ, Guiḋ air ar soinne ċum an TIĠEARNA ar Ndía; agus do réir a nuile ní déaras an TIĠEARNA ar Ndía, mairsin innis dúinn, agus do ḋéanamne é. 21 Agus anois dfoillsiġ mé ḋíḃ é a niuġ; aċt níor úṁluiġeaḃair do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía, nó daóinní ar son ar ċuir sé misi ċugaiḃ. 22 Anois uimesin bíoḋ a ḟios aguiḃ go dearḃṫa go néugfuiḋe leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, ansa náit ar mían liḃ dul agus coṁnuiġe do ḋéanaṁ ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society