Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 41 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XLI. Do fill Iohanan daoine na tíre ó Ismael, neaċ do ṁarḃ Gedaliah an tuaċdaran.

1 Anois tárla annsa seaċtṁaḋ mí, go ttáinic Ismael ṁac Netaniah ṁic Elisamah, don tsíol ríoġa, agus prionnsaḋa an ríġ, eaḋon deiṫneaṁar fear leis, go Gedaliah ṁac Ahicam go Mispah; agus annsin a dúadar arán a ḃfoċair a ċéile ann Mispah.

2 Annsin déiriġ Ismael ṁac Netaniah, agus an deiṫneaṁar fear do ḃí iona ḟoċair, agus do ḃuáileadar Gedalíah ṁac Ahicam ṁic Saṗan leis an ccloiḋeaṁ, agus do ṁarḃadar é, noċ dá ndéarna ríġ na Babilóine úaċtarán ós cionn na tíre.

3 Do ṁarḃ fós Ismael na Iúduiġiḋ uile do ḃí iona ḟoċair, eaḋon a ḃfarraḋ Ġedaliah, ann Mispah, agus na Caldeánuiġ noċ do fríṫ ann, agus na fir ċogaiḋ.

4 Agus tárla an dara lá tar éis Gedaliah do ṁarḃaḋ ḋó, agus naċ raiḃ a ḟios ag duine ar biṫ,

5 Go ttáinic daóine airiġ ó Ṡeċem, ó Ṡíloh, agus ó Ṡamária, eaḋon ceiṫre fiṫċid fear, agá raḃadar a ḃféasóga beárrṫa agus a néaduiġe réubṫa, agus ar na ngearraḋ féin, maille re hofráluiḃ agus túis iona láṁuiḃ, dá ttaḃairt go tiġ an TIĠEARNA.

6 Agus do ċuáiḋ Ismael ṁac Netaniah amaċ as Mispah na ccoinne, ag gul ar fad ag imṫeaċt dó: agus tárla, mar do ṫeagṁuiḋ ḋóiḃ, go ndúḃairt sé ríu, Tigiḋ go Gedaliah ṁac Ahicam.

7 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫangadar go lár na ccaiṫreaċ, gur ṁarḃ Ismael ṁac Netaniah íad, agus do ṫeilg íad a lár an luig, é féin, agus an ṁuinntir do ḃí iona ḟoċair.

8 Aċt do fríṫ deiṫneaṁar fear iona measc a dúḃairt re Ismael, Ná marḃ sinne: óir atá ionnṁus aguinn annsa ṁaċaire, do ċruiṫneaċd, agus déorna, agus dola, agus do ṁil. Annsin do ċoisc sé, agus níor ṁarḃ sé íad a measc a ndearḃráiṫreaċ.

9 Annois do bé an log ar ṫeilg Ismael cuirp ṁarḃa na ndaóine, (noċ do ṁarḃ sé a ttaoḃ Ġedaliah,) do rinne Asa an ríġ ar eagla Ḃaasa ríġ Israel: agus do líon Ismael ṁac Netaniah é leis an druing do marḃaḋ.

10 Annsin rug Ismael leis a láiṁ an ċuid oile don ṗobal uile do ḃí ann Mispah, eaḋon inġeana an ríġ, agus na daoine uile dfan ann Mispah, noċ do ṫáoḃuiġ Nebusar‐adan caiptín an ġárda re Gedaliah ṁac Ahicam: agus rug Ismael ṁac Netaniah leis a láiṁ íad, agus dimṫiġ sé ċum dul anonn gus na Hammoníteaċaiḃ.

11 ¶ Aċt a nuáir do ċúaluiḋ Iohanan ṁac Careah, agus uile ċaiptíne na slóġ do ḃí iona ḟoċair, a nuile olc dá ndeárnuiḋ Ismael ṁac Netaniah,

12 Annsin rugadar léo na daóine uile, agus do ċúadar do ṫroid re Hismael ṁac Netaniah, agus fúaradar é láiṁ ris na huisceaḋuiḃ móra atá a Ngibéon.

13 Annois tárla, a nuáir do ċonnairc a raiḃ do ḋaóiniḃ a ḃfoċair Ismael Iohanan ṁac Careah, agus uile ċaiptíne na slóġ do ḃí iona ḟoċair, annsin do ḃádar lúaṫġáireaċ.

14 Marsin ṫainic an ṗobal uile rug Ismael a láiṁ ó Ṁispah fa cuáirt agus diompóiġeadar, agus do ċúadar go Iohanan ṁac Careah.

15 Aċt do ċúaiḋ Ismael ṁac Netaniah as ó Iohanan maille re oċdar fear, agus do ċúaiḋ sé gus na Hammoníteaċaiḃ.

16 Annsin rug Iohanan ṁac Careah, agus uile ċaiptiniġe na slóġ do ḃí iona ḟoċair, fuiġioll na ndaóine uile do ḃean sé do Ismael ṁac Netaniah, ó Ṁispah, (tar éis Gedaliah ṁac Ahicam do ṁarḃaḋ ḋó,) eaḋon fir láidre ċogaiḋ, agus na mná, agus na leanba, agus na seomrádóiriġe, noċ ṫug sé a rís ó Ġibeon:

17 Agus do ġluáisiodar, agus dáitreaḃadar a náitreaḃ Ċimċam, noċ atá láiṁ ré Betlehem, do ḋul a steaċ don Négipt,

18 Do ḃríġ na Ccaldeánaċ: óir do ḃádar eaglaċ rompa, do ḃríġ gur ṁarḃ Ismael ṁac Netaniah Gedaliah ṁac Ahicam, noċ da ndeárna ríġ na Babilóine úaċdarán annsa tír.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan