Ieremiah 40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XL. Do ċoṁnuiḋ Ieremiah tar éis a leigionn as, abfoċair Ġedaliah a ttír Iudea. 1 An ḃríaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, tar éis Nebusar‐adan caiptín an ġárda do léigion dó imṫeaċt as Ramah, a nuáir do ġaḃ sé é, ar mbeiṫ ḋó ceangailte a slaḃraḋuiḃ a measc gaċ a rugaḋ a láiṁ ó Ierusalem agus ó Iúdah, noċ rugaḋ a láiṁ don Ḃabiloin. 2 Agus do ġlac caiptín an ġárda Ieremiah, agus a duḃairt sé ris, Isé an TIĠEARNA do Ḋía dfúagair an tolcso air á náitsi. 3 Anois ṫug an TIĠEARNA, agus do rinne sé do réir mar a dúḃairt sé: do ḃriġ gur ṗeacuiġeaḃair a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus nár uṁluiġeaḃair dá ġúṫ, uimesin ṫáinic an níse oruiḃ. 4 Agus ánois, féuċ, scaoilimse ṫú a niuġ ó na slaḃraḋuiḃ noċ do ḃí air do láiṁ. Má ċítear ḋuit féin teaċt liom don Ḃabilóin, tárr; agus féuċfa misi go maiṫ ḋuit: aċd muna ḃfaicṫear ḋuit teaċd don Ḃabilóin, fan: féuċ, atá an tír uile roṁad: giḋ be áit is féarr agus is iomċuḃaiġ iona ḃfaicfiġear ḋuit dul, éiriġ ann. 5 Anois an fad nar imṫiġ sé ar ais, a dúḃairt sé, Eiríġ ar hais go Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Seṗan, noċ dá ndearna ríġ na Babilóine úaċtarán ós cionn uile ċaiṫreaċ Iúdah, agus déan coṁnuiḋe iona ḟoċair a measc an ṗobail: nó imṫiġ mar a ḃfaicṫear ḋuit iomċuḃaiḋ dul. Marsin ṫug caiptín an ġárda biáḋ agus luáiġeaċt dó, agus do léig sé ḋó imṫeaċt. 6 Annsin do ċuáiḋ Ieremiah go Gedaliah ṁac Ahicam go Mispah; agus do ċoṁnuiḋ sé iona ḟoċair a measc na ndaóine do fágḃaḋ annsa tír. 7 ¶ Anois an tan do ċúaladar uile ċaiptíne na slóġ noċ do ḃí annsna maċairiġiḃ, íad féin agus a muinntir, go ndéarna ríġ na Babilóine úaċtarán do Ġedaliah ṁac Ahicam annsa tír, agus go ttug sé ḋó fir, agus mna, agus leiniḃ, agus do ḃoċtaiḃ na tíre, don ṁéid naċ rugaḋ a láiṁ don Ḃabilóin; 8 Annsin ṫangadar go Gedaliah go Mispah, eaḋon Ismael ṁac Netaniah, agus Iohanan agus Ionatan ṁac Careah, agus Seraiah ṁac Tanumet, agus mic Eṗai an Netoṗatiteaċ, agus Iesaniah mac Ṁaaċatitiġ, íad féin agus a muinntir. 9 Agus do ṁionnuiġ Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan doiḃ féin agus dá muinntír, ġá ráḋ, Na bíoḋ eagla oruiḃ foġnaṁ do na Caldéanaċaiḃ: déanuiḋ coṁnuiġe annsa ttír, agus déanaiḋ seirḃís do ríġ na Babilóine, agus raċaiḋ sé go maiṫ ḋíḃ. 10 Ar mo ṡonsa, féuċ, áitreoċuiḋ mé a Mispah dfoġnaṁ do na Caldeánaċaiḃ, noċ ṫiucfas ċugainn: aċt, cruinniġiḋsi fíon, agus tóirṫe saṁraiḋ, agus ola, agus cuiriḋ ann ḃur soíṫiġiḃ íad, agus coṁnuiġiḋ ann ḃur ccaiṫreaċaiḃ noċ do ġaḃaḃair. 11 Mar an ccéadna a nuáir do ċúaladar na Iúduiġe uile do ḃí ann Moab, agus a measc na Nammoníteaċ, agus ann Edom, agus an drong do ḃí annsna huile ṫíorṫuiḃ, gur ḟág ríġ na Babilóine fuiġioll do Iúdah, agus gur ċuir sé Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan ós a ccionn; 12 Dfill na huile Iúduiġe as na huile áitiḃ ar díbreaḋ íad, agus ṫangadar go tír Iúdah, go Gedaliah, go Mispah, agus do ċruinniġeadar fíon agus mórán toirṫe saṁraiḋ. 13 ¶ Tuilleaṁ oile ṫáinic Iohanan ṁac Careah, agus uile ċaiptíne na slóġ do ḃí annsna maċairiġiḃ, go Gedaliah go Mispah, 14 Agus a dúḃradar ris, Ann ḃfeidir tusa go dearḃṫa gur ċuir Baalis ríġ na Nammoníteaċ Ismael ṁac Netániah dod ṁarḃaḋ? Aċt níor ċreid Gedaliah ṁac Ahicam íad. 15 Ann sin do laḃair Iohanan ṁac Careah re Gedaliah ann Mispah go seicréideaċ, ġa ráḋ, Léig ḋaṁsa imṫeaċd íarruim daṫċuinge ort, agus muirfiḋ mé Ismael ṁac Netaniah, agus ní ḃiáiḋ a ḟios ag áonduine: créd fá muirfeaḋ sé ṫusa, ċor go scaóilfiḋe na huile Iúduiġe dar ċruinniġ ċugad, agus go mbáiseoċṫaói a mairionn ann Iúdah? 16 Aċt a duḃt laḃait Gedaliah ṁac Ahicam ré Iohanan ṁac Ċarea, Ni ḋena tu an niġse: dir is bréug laḃpus tu air Ismael. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society