Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 39 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIX. Do ġaḃaḋ, do briseaḋ síos, do airgeaḋ Ierusalem, agus rugadar na daóine a mbraiġdionnas.

1 Annsa náoṁaḋ blíaḋain do Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa deaċṁaḋ mí, ṫáinic Nebuċadressar ríġ na Babilóine agus a ṡlúaġ uile a naġaiḋ Ierusalem, agus do ṡuiġeadar na timċioll uirre.

2 Agus annsa náonṁaḋ bliaḋuin déag do Ṡedeciah, annsa cceaṫraṁaḋ mí, air an náoṁaḋ lá don ṁí, do briseáḋ síos an ċaṫair.

3 Agus ṫangadar uile ṗrionnsaḋa ríġ na Babilóine a steaċ, agus do ṡuiġeadar annsa ġeata meaḋónaċ, eaḋon Nergal‐Sareser, Samgar‐nebo, Sarseċim, Rab‐saris, Nergal‐sareser, Rabmag, maille ris an ccuid oile uile do ṗrionnsaḋuiḃ ríġ na Babilóine.

4 ¶ Agus tárla, an tan do ċonnairc Sedeciah ríġ Iúdah íad, agus na fir ċogaiḋ uile, gur ṫeiṫeadar, agus go ndeaċadar amaċ as an ccaṫruiġ san noiḋċe a sliġe ġáirdin an ríġ, annsa ġeata idir an dá ḃalla: agus do ċuáiḋ seision amaċ a sliġe an réitiġ.

5 Aċt do lean slúaġ na Ccaldéanaċ íad, agus rugadar ar Ṡedeciah a réitiḃ Ieriċo: agus an tan rugadar air, ṫugadar súas go Nebuċadnessar ríġ na Babilóine é, go Riblah a ttír Hámat, áit a rug sé breiṫeaṁnus air.

6 Annsin do ṁarḃ ríġ na Babilóine mic Ṡedeciah ann Riblah as ccoinne a ṡúl, do ṁarḃ ríġ na Babilóine fós uáisle Iúdah uile.

7 Tuilleaṁ oile, do ċuir sé súile Ṡedeciah amaċ, agus do ċeangail sé le slaḃraḋuiḃ é, dá ḃreiṫ don Ḃabilóin.

8 ¶ Agus do loisgeadar na Caldéanuiġ tiġ an ríġ, agus tiġṫe an ṗobail uile, le teine, agus do ḃriseadar síos ballaḋa Ierusalem.

9 Ann sin rug Nebusar‐adan caiptín an ġárda a mbraiġdionas leis don Ḃabilóin fuiġioll na ndaóine do fágḃaḋ annsa ċaṫruiġ, agus an dream do ċúaḋ do ṫáoḃ, do ṫeiṫ ċuige, maille ris an ccuid oile don ṗobal do ṁair.

10 Aċt dfág Nebusar‐adan caiptín an ġárda do ḃoċtaiḃ an ṗobail, ag naċ raiḃ, aoinní a ttír Iúdah, agus ṫug sé fíneaṁna agus maċaireaḋa ḋóiḃ an lásin.

11 ¶ Anois ṫug Nebuċadressar ríġ na Babilóine cúram do Nebusar‐adan caiptín an ġárda a ttaóiḃ Ieremiah, ġa ráḋ,

12 Glac é, agus féuċ ḋó go maiṫ, agus ná déan doċar ar biṫ ḋó; aċt déan ḋó íonnan agus mar a déara sé riot.

13 Marsin do ċuir Nebusar‐adan caiptín an ġárḋa úaḋ, agus Nebusasban, Rabsaris, agus Nergal‐sareser, Rabmag, agus uile ṗrionnsaḋa ríġ na Babilóine;

14 Do ċuireadarsan, agus rugadar Ieremiah amaċ as cúirt an ṗriosúin, agus ṫugadar go Gedaliah ṁac Ahicam ṁic Saṗan é, dá ḃreiṫ don ḃaile: annsin dáitreiḃ sé a measc an ṗobail.

15 Anois ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah, an fad dó ḃí sé íaḋta súas a ccúirt an ṗríosuin, ġa ráḋ.

16 ¶ Eiriġ, agus laḃair re Ebedmeleċ an Tetíopeaċ, ġa ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé mfocal air an ccaṫruiġse ar olc, agus ní ar ṁaiṫ, agus béid annsa ló sin ad ḟíaġnuise si.

17 Aċt sáorfuiḋ mé ṫusa san lóisin, a deir an TIĠEARNA: agus ní ṫiúḃarṫar ṫú a láiṁ na ndaóine re a ḃfuil eagla agad.

18 Oír go deiṁin sáorfa misi ṫú, agus ní tuitfiḋ tú leis an ccloiḋeaṁ, aċd biáiḋ hanam mar éadáil agad: do ḃríġ gúr ċuir tú do ḋóṫċus ionnamsa, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan