Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 38 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXVIII. Eidirġuiḋe Ebed‐meleċ ar son Ieremiah, tan teilgeaḋ a nccarcair é, ċionn briaṫra Dé do noċtaḋ.

1 Ann sin do ċúaluiḋ Seṗatiah ṁac Mattan, agus Gedaliah ṁac Passur, agus Iucal ṁac Selemiah, agus Passur ṁac Malċiah, na bríaṫra do laḃair Ieremiah ris an bpobal uile, ḋa ráḋ,

2 Is marso a deir an TIĠEARNA, An té anfas annsa ċaṫruiġsi éugfuiḋ sé leis an ccloiḋiṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ: aċt an té raċus amaċ ċum na Ccaldéanaċ, mairfiḋ sé; óir do geaḃuiḋ a ḃeaṫa mar eadáil, agus mairfiḋ sé.

3 Is marso a deir an TIĠEARNA, Go deiṁin do ḃéarṫar an ċaṫairsi a láiṁ sloiġ ríġ na Babilóine, noċ ġéaḃus í.

4 Uimesin a dúḃradar na prionnsaḋa ris an ríġ, Iarramaoid daṫċuinge ort, cuirṫear an té so ċum báis: óir is marso laguiġios sé láṁa fuiġeal luċt cogaiḋ na caiṫreaċso, agus láṁa an ṗobuil uile, ag laḃairt a leiṫeide so do ḃríaṫruiḃ riú: óir ní hé leas na ndaóinese íarrus an fearso, aċt a naiṁleas.

5 Ann sin a dúḃairt an ríġ Sedeciah, Féuċ, atá sé ann ḃur láṁuiḃsi: óir ní hé an ríġ ḟéadas aóinni do déanaṁ ḃur naġaíḋ.

6 Annsin do ġlacadar Ieremiah, agus do ṫeilgiodar a ccarcair Ṁalċiah ṁic Hammeleċ é, noċ do ḃí a ccúirt an ṗriosúin: agús do léigiodar Ieremiah síos lé córduiḃ. Agus ní raiḃ uisce ar biṫ annsa ccarcuir, aċd lábán: marsin do ċuáiḋ Ieremiah faói annsa lábán.

7 ¶ A nois a nuáir do ċúaluiḋ Ebed‐meleċ an Tetíopeaċ, áon do na seomradóiriḃ do ḃí a ttiġ an ríġ, gur ċuireadar Ieremiah annsa ċárcair; (an ríġ na ṡuiġe an tan sin a ngeata Ḃeniamin;)

8 Do ċuáiḋ Ebed‐meleċ amaċ as tiġ an ríġ, agus do laḃair ris an ríġ, ġa ráḋ,

9 Mo ṫiġearna an ríġ, do rinne an muinntírse uile olc ann gaċ ní ḋá ndéarnadar ris an ḃfáiġ Ieremiah, noċ do ṫeilgiodar annsa ccarcair; ġeaḃa se bás ré ocras annsa náit a ḃfuil sé: óir ní ḃfuil ní sa ṁó darán annsa ċaṫruiġ.

10 Annsin dfúagair an ríġ do Ebed‐meleċ an Tetíopeaċ, ġa ráḋ, Beir leaċd as so tríoċad feár, agus tóig súas Ieremiah an fáiġ as an ccarcair, suil do ġeaḃa sé bás.

11 Mar sin rug Ebed‐meleċ na daóine leis, agus do ċuáiḋ sé go tiġ an ríġ faói ṫiġ na séad, agus rug sé leis as sin seinġiobail agus seinċeirteaċa loḃṫa, agus do léig sé sios lé corduiġiḃ íad don ċarcair ċum Ieremiah.

12 Agus a duḃairt Ebed‐meleċ an Tetíopeaċ re Ieremiah, Cuir anois na seinċeirteaċa so agus na seinġiobuil loḃṫa ann hasgalluiḃ faói na córduiḃ. Agus do rinne Ieremiah sin.

13 Marsin do ṫairngiodar a níos Ieremiah re córduiḃ, agus ṫugadar súas as an ccarcuir é: agus dfan Ieremiah a ccúirt an ṗríosúin.

14 ¶ Annsin do ċuir Sedeciah an ríġ fios, agus rug sé an fáiġ Ieremiah ċuige don treas dul a steaċ atá a ttiġ an TIĠEARNA: agus a dúḃairt an ríġ ré Ieremiah, Fíafroċa mé ní ḋiot; ná ceil aoinní orum.

15 Ann sin a dúḃairt Ieremiah re Sedeciah. Má foillsiġim ḋuit, naċ ccuirfe tú go deiṁin ċum báis mé? agus má ḃeirim coṁairle ḋuit, a néistfe tú riom?

16 Mar sin do ṁionnuiġ Sedeciah an ríġ go seicréideaċ do Ieremiah, ġa ráḋ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, do rinne an tanamso ḋúinn, ní ċuirfiḋ mé ċum báis ṫú, agus ní ḃéara mé ṫú a láiṁ na ndaóinési íarrus do ḃás.

17 Ann sin a dúḃairt Ieremiah re Sedeciah, Is marso a deir an TIĠEARNA, Día na slóġ, Día Israel; Má ṫéid tú amaċ go dearḃṫa ċum prionnsaḋ ríġ na Babilóine, annsin mairfiḋ hanam, agus ní loisgfiġear an ċaṫairse le teine; agus marfiḋ tú féin, agus do ṫiġ.

18 Aċt muna ndeaċa tú go prionnsaḋuiḃ ríġ na Babilóine, annsin ḃéarṫar an ċaṫairsi a láiṁ na Ccaldéanaċ, agus loisgfid í lé teine, agus ní raċa tusa as ó na láṁuiḃ.

19 Agus a dúḃairt an ríġ Sedeciah re Ieremiah, Atá eagla na Níuduiġeaḋ orum do ṫeiṫ ċum na Ccaldéanaċ, deagla go ttiuḃraidís iona laṁuiḃ mé, agus go mbeidís ag magaḋ orum.

20 Aċt a dúḃairt Ieremiah, Ní ṡeaċóduid síad ṫú. Uṁluiġ, íarruim daṫċuinge órt, do ġúṫ an TIĠEARNA noċ laḃruimsi riot: mairsin ḃías sé go maiṫ agadsa, agus mairfiḋ hanam.

21 Aċt má ḋiúltan tú dul amaċ, sé so an focal do ṫaisbéin an TIĠEARNA ḋaṁsa:

22 Agus, féuċ, béarṫar a nuile ḃean dar fágḃaḋ a ttiġ ríġ Iúdah amaċ go prionnsaḋuiḃ ríġ na Babilóine, agus a déaruid na mná sin, Do ḃrostuiġeadar do ċáirde ṫú, agus rugadar buáiḋ ort: do sluigeaḋ do ċosa annsa laṫaiġ, agus dfilleadar síar tar a nais.

23 Marsin do ḃéaruid síad amaċ do ṁná uile agus do ċlann ċum na Ccaldéanaċ: agus ní raċa tusa as ó na láiṁ, aċt géaḃṫar ṫú lé láiṁ ríġ na Babilóine: agus do ḃéara tú fa deara an ċaṫairsi do losgaḋ lé teine.

24 ¶ Annsin a dúḃairt Sedeciah ré Ieremiah, Ná bíoḋ fios na mbriaṫarso ag duine ar biṫ, agus ní muirfiġear ṫú.

25 Aċt má ċluinid na prionnsaḋa gur laḃair misi riot, agus go ttiucfuid ċugad, agus go naiboeruid riot, Innis dúinn anois cred a dúḃairt tú ris an ríġ, ná ceil oruinn é, agus ní ċuirfeam ċum báis ṫú; mar an ccéadna cred a dúḃairt an ríġ riot:

26 Annsin déara tú ríu, Do ċuir mé mo ġearán a laṫair an ríġ, ċor naċ ḃfillfeaḋ sé mé go tiġ Ionatan, dfaġáil ḃáis ann.

27 Annsin ṫangadar na prionnsaḋa uile go Ieremiah, agus dfíafruiġeadar ḋe: agus dinnis sé ḋóiḃ do réir na mbriaṫarso uile daiṫin an ríġ. Annsin do scuireadar do ċoṁráḋ ris; óir níor moṫuiġeaḋ an ċúis.

28 Mar sin dfan Ieremiah a ccúirt an ṗríosúin go ttáinic an lá fár gaḃaḋ Ierusalem, agus do ḃí sé annsin an tan do gaḃaḋ Ierusalem.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan