Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 37 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXVII. Do ċuir Nebucadressar Sedecíah, a náit Ċoníah ṁic Iehoiacim ri Iudah.

1 Agus do ríoġuiḋ an ríġ Sedeciah ṁac Iosiah a náit Ċoniah ṁic Iehoiacim, noċ dá ndéarnuiḋ Nebuċadressar ríġ na Babilóine ríġ a ttír Iúdah.

2 Aċt níor éist sé féin, nó a ṁuinntir, nó pobal na tíre ré bríaṫruiḃ an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé treas an ḃfáiġ Ieremiah.

3 Agus do ċuir Sedeciah an ríġ Iehucal ṁac Selemiah agus Seṗaniah ṁac Maaseiah an sagart ċum a nfáiġ Ieremiah, ġa ráḋ, Guiḋ a nois ċum an TIĠEARNA ar Ndía air ar son.

4 Anois ṫáinic Ieremiah a steaċ agus do ċuáiḋ sé amaċ a measc an ṗobail: óir níor ċuireadar a bpríosún é.

5 Annsin ṫáinic slúaġ Ṗarao amaċ as a Négipt: agus a nuáir do ċúaladar na Caldéanuiġ do ṡuiġ um Ierusalem túarusgḃáil orra, dimṫiġeadar ó Ierusalem.

6 ¶ Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċum a nfáiġ Ieremiah, ġa raḋ,

7 Is marsó a deir an TIĠEARNA, Día Israel; Is marso a dearṫaoi ré ríġ Iúdah, do ċuir ċugamsa siḃ do ċeasnuġaḋ riom; Féuċ, fillfiḋ slúaġ Ṗárao, noċ ṫáinic amaċ do ḃur ccoḃraġaḋ, don Négipt dá ttír féin.

8 Agus tiucfuid na Caldeánuiġ a rís, agus troidfid a naġaíḋ na caiṫreaċso, agus géaḃuid í, agus loisgfid í lé teine.

9 Is marso a deir an TIĠEARNA; Ná mealluiḋ siḃ féin, ġa ráḋ, Imeoċuid na Caldeánuiḋ go deiṁin uáinn: óir ní imeoċuiḋ síad.

10 Oír dá mbeiṫ go mbuáilfeaḋ siḃ slúaġ na Ccaldéanaċ uile ṫroidios ann ḃur naġaíḋ, agus naċ mairfeaḋ aċd daoine loitiġ iona measc, ṫairis sin déireoċaidís gaċ uile ḋuine ḋíoḃ ann a ṗáillíun, agus do loisgfidís an ċaṫairsi le teine.

11 ¶ Agus tárla, a nuáir do ḃris slúaġ na Ccaldéanaċ súas ó Ierusalem ar eagla ṡluáiġ Ṗárao,

12 Ann sin do ċuáiḋ Ieremiah amaċ as Ierusalem do ḋul go tír Ḃeniamin dá ḋealuġaḋ féin annsin as measc an ṗobail.

13 Agus an tan do ḃí sé a ngeata Ḃeníamin, do ḃí caiptín an ġárda annsin, dár buḋ ainm Iriiah ṁac Selemiah, ṁic Hananiah; agus do ġlac sé an fáiġ Ieremiah, ġa ráḋ, Atá tú ag dul do ṫaóiḃ na Ccaldeanaċ.

14 Annsin a dúḃairt Ieremiah, Ní fíor sin; ní ḃfuilimsi ag dul air ṫáoḃ na Ccaldeánaċ. Aċd níor éist sé ris: annsin do ġlac Iriiah Ieremiah, agus ṫug sé ċum na bprionnsaḋ é.

15 Uimesin do ḃádar na prionnsaḋa feargaċ re Ieremiah, agus do ḃuáileadar é, agus do ċuireadar a bpríosún é, a ttiġ Ionatan an scríobuiḋe: óir do rinneadar príosún de.

16 ¶ A nuáir do ċuáiḋ Ieremiah don ṗríosún, do na soíléaruiḃ, agus do ḃí Ieremiah ansin mórán do láeṫiḃ;

17 Annsin do ċuir Sedeciah an ríġ úaḋ, agus rug amaċ é, agus dfíafruiġ an ríġ ḋe go seicreideaċ ann a ṫiġ, agus a dúḃairt, An ḃfuil focal ar biṫ ón TTIĠEARNA? Agus a dúḃairt Ieremiah, Atá: óir, ar seision, do ḃéarṫar ṫusa a láiṁ ríġ na Babilóine.

18 Tuilleaṁ oile a dúḃairt Ieremiah ris an ríġ Sedeciah, Cred do rinne misi ad aġaíḋsi, nó a naġaíḋ do ṡeirḃíseaċ, nó a naġaíḋ an ṗobailsi, as ar ċuireadar a bpríosún mé?

19 Cáit a ḃfuilid anois ḃur ḃfáiġe do ṫairrġir ḋíḃsi, ġa ráḋ, Ní ṫiucfuiḋ ríġ no Babilóine ḃur naġaíḋsi ná a naġaíḋ na tíresi?

20 Uimesin éist a nois, íarruim daṫċuinge ort, mo ṫiġearna an ríġ; glacṫar mo ġearán, íarruim ort, dot laṫair; go naċ ccuirfe tú dfíaċaiḃ orum filleaḋ go tiġ Ionatain an scríoḃuiḋe, deagla go ḃfuiġinn bás annsin.

21 Annsin daiṫin Sedeciah an ríġ go ccuirfedís Ieremiah a láiṁ a ccúirt an ṗriosúin, agus go ttugaidís ḋó go láeṫeaṁuil cuid aráin as sráid an ḃáicéir, nó go ccaiṫí arán na caiṫreaċ uile. Marso dfan Ieremiah a ccúirt an ṗríosúin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan