Ieremiah 36 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXVI. Do loise rí Iehoiacim leaḃar ḟaiġeadoireaċt Ieremiah go ro ḋán, déis cuid do ċluinsion. 1 Agus tárla annsa cceaṫraṁaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁac Iósiah ríġ Iudah, go ttáinic an ḃríaṫarso ċum Ieremiah ón TTIĠEARNA, ġa ráḋ, 2 Glac ṫusa rola leaḃair, agus scríoḃ ann na huile ḃriaṫra dar laḃair misi riot a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, agus a naġaiḋ na nuile ċineaḋ, ón ló far laḃair mé riot, ó laéṫiḃ Iosiah, gus a niuġ. 3 Féadfuiḋe go ccluinfeaḋ tiġ Iúdah a nuile olc dar ṫionscuin misi do ḋéanaṁ ḋóiḃ; ċor go ḃfillfidis gaċ uile ḋuine ó na ḋroiċṡliġe; ċor go maiṫfinnsi a néigceart agus a bpeacaḋ. 4 An sin do ġoir Ieremiah Baruċ ṁac Neriah: agus do scríoḃ Baruċ ó ḃéul Ieremiah bríaṫra an TIĠEARNA uile, noċ do laḃair sé ris, a rola leaḃair. 5 Agus dáiṫin Ieremiah do Ḃaruċ, ġa ráḋ, Atáimsi íaḋta súas; ní ḟéaduim dul go tiġ an TIĠEARNA: 6 Ar a naḋḃarsin imṫiġ ṫusa, agus léiġ annsa rola, noċ do scríoḃ tú om ḃéulsa, bríaṫra an TIĠEARNA a cclúasaiḃ an ṗobail a ttiġ an TIĠEARNA lá an troisgṫe: agus mar an ccéadna léiġfiḋ tú íad a cclúasaiḃ Iúdah uile noċ ṫig amaċ as a ccaiṫreaċaiḃ. 7 Do bféidir go ccuirfidís a ngearán a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeaḋ gaċ áon ḋíoḃ ó na ḋroiċṡliġe: óir is mór a nfearg agus an tainteas dfoillsiġ an TIĠEARNA a naġáiḋ an ṗobailsi. 8 Agus do rinne Baruċ ṁac Neriah do réir a nuile ni dar aiṫin an fáiġ Ieremiah ḋé, ag léaġaḋ annsa leaḃar bríaṫra an TIĠEARNA a ttiġ an TIĠEARNA. 9 Agus tárla annsa ċúigeaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah annsa náoṁaḋ mí, gur ḟúagradar trosgaḋ a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA don ṗóbal uile ann Ierúsalem, agus do nuile ṗobal ṫáinic ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah go Hierúsalem. 10 Annsin do léiġ Baruċ annsa leaḃar bríaṫra Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA, a seomra Ġemariah ṁíc Saṗan an scriḃneóir, annsa ċúirt dob áirde, ag dul a steaċ an ġeata nuáiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, a cclúasaiḃ an ṗobail uile. 11 ¶ A nuáir do ċúaluiḋ Miċaiah ṁac Gemariah, ṁic Saṗan, amaċ as an leaḃar bríaṫra an TIĠEARNA uile. 12 Annsin do ċuáiḋ sé síos go tiġ an ríġ, go seomra an scríoḃuiḋe: agus, féuċ, do ṡuiġeadar na prionnsaḋa uile annsin, eaḋon Elisama an scríobuiḋe, agus Deláiah mac Semáiah, agus Elnaṫan mac Aċbor, agus Gemariah ṁac Saṗan, agus Sedeciah ṁac Hananiah, agus an prionnsaḋa uile. 13 Ann sin dfoillsiġ Miċaiah ḋóiḃ na huile ḃríaṫra dá ccúala sé, a nuáir do léiġ Baruċ an leaḃar a cclúasaiḃ an ṗobail. 14 Uimesin do ċuireadar na prionnsaḋa Iehúdi ṁac Netaniah, ṁic Selemiah, ṁic Cusi go Baruċ, ġá ráḋ, Glac ann do láiṁ an rola ionar léiġ tú a cclúasaiḃ an ṗobail, agus tárr. Marsin do ġlac Báruċ ṁac Neriah an rola iona láiṁ, agus ṫáinic ċuca. 15 Agus a dúḃradar ris, Suiġ síos anois, agus léiġ ionar cclúasaiḃne é. Annsin do léiġ Baruċ iona ccluasaiḃ é. 16 Anois tárla, a nuáir do ċúaladar na bríaṫra uile, do ḃí eagla air gaċ fear ré ċéile, agus a duḃradar ré Báruċ, Go deiṁín inneosuimne na bríaṫraso uile don ríġ. 17 Agus dfíafruiġeadar do Ḃaruċ, ġa ráḋ, Innis dúinn anois, Ciondus do scríoḃ tú ná bríaṫraso uile as a ḃéul? 18 Annsin do ḟreagair Baruċ íad, Do laḃair sé na bríaṫraso uile riom ré na ḃéul, agus do scríoḃ misi lé dúḃ íad ann a leaḃar. 19 Annsin a dúḃradar na prionnsaḋa ré Baruċ, Imṫiġ, foluiġ ṫú féin, ṫusa agus Ieremiah; agus ná bíoḋ a ḟios aig áoinneaċ cáit a mbeiṫí. 20 ¶ Agus do ċuádar a steaċ gus an ríġ annsa ċúirt, aċt do ċuireadar an rola a ttaisciḋ a seomra Elísama an scríoḃuiḋe, agus dinnsiodar na bríaṫra uile a cclúasaiḃ an ríġ. 21 Annsin do ċuir an ríġ Iehudi do ṫaḃairt an rola leis: agus ṫug sé leis é ó ṡeómra Elisáma an scriobuiḋe. Agus do léiġ Iehúdi a cclúasaiḃ an ríġ é, agus a cclúasaiḃ na bprionnsaḋ uile noċ do ṡeas láiṁ ris an ríġ. 22 Anois do ṡuíġ an ríġ annsa tiġ geiṁriḋ annsa náoṁaḋ mí: agus do ḃí teine air an tteallaċ ar lasaḋ na ḟiaḋnuise. 23 Agus tárla, an tan do léiġ Iehúdi a trí nó a ceaṫair do ḋuilleógaiḃ, gur ġeár sé é leis an scín ṗinn, agus do ṫeilg sé annsa teine do ḃí air a nurlár é, nó gur loisgeaḋ an rola uile annsá teine do ḃí air an tteallaċ. 24 Ṫairis sin ní raiḃ eagla orra, níor ḃríseadar a néaduiġe, an ríġ, nó áonduine dá ṁuinntir dá ccúala na bríaṫraso. 25 Giḋeaḋ do rinne Elnatan agus Delaiah agus Gemariah eadarġuiḋe ċum an ríġ go naċ lóisgfeaḋ sé an rola: aċt níor éist sé riú. 26 Aċt daiṫin an ríġ do Ierahmeel ṁac Hammeleċ, agus Seraiah ṁac Asriel, agus Selemiah ṁac Abdiel, Báruċ an scríoḃuiḋe do ġaḃáil agus an fáiġ Ieremiah: aċt dfoluiġ an TIĠEARNA íad. 27 ¶ Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah, (tar éis an ríġ do losgaḋ an rola, agus na bríaṫra do scríoḃ Báruċ as béul Ieremiah,) ġa ráḋ, 28 Glac ċugad a rís rola oile, agus scríoḃ ann na huile ḟocal ċéadna do ḃí annsa ċéad rola, noċ do loisc Iehoiacim ríġ Iúdah. 29 Agus a déara tú ré Iehoiacim ríġ Iúdah, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do loisc tú an rola so, ġa ráḋ, Cred as ar scríoḃ tú ann, ġa ráḋ, Tiucfuiḋ ríġ na Babilóine go deiṁin agus sgriosfuiḋ sé an tírsi, agus do ḃéara sé fa deara ar an nduine agus ar an ḃeaṫaċ díoḃaġaḋ innte? 30 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ Iehoiacim ríġ Iúdah; Ní ḃiaiḋ duine ar biṫ aige do suiġe ar ċaṫaóir ríoġa Ḋáiḃi: agus tilgfíġear a ċorp marḃ amaċ ċum an teasḃuiḋ san ló, agus ċum an tseaca san noiḋċe. 31 Agus smaċdeoċa misi é féin agus a ṡíl agus a ṡerḃiseaċ ar son a néigceirt; agus do ḃéara mé orra, agus air aitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus air ṁuinntir Iúdah, a nuile olc dár ḟúagair mé na naġaíḋ; aċt níor éisteadarsion. 32 ¶ Annsin do ġlac Ieremiah rola oile, agus ṫug é do Ḃaruċ ṁac Nériah, an scriobuiḋe; noċ do scríoḃ annsin as béul Ieremiah uile ḃríaṫra an leaḃair noċ do loisg Iehoiacim ríġ Iúdah annsa teine: agus do ċuireaḋ na gcionn mórán dá leiṫeid do ḃríaṫruiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society