Ieremiah 35 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXXV. Is fearr do ḟreagair síol Reċab a naṫair, no muinntir Iúdah a Ndía, 14 a ttaoḃ filleaḋ ó ḋroiċṡliġe, agus leasuġaḋ gnioṁ. 1 An focal ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA a laéṫiḃ Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah, ġa raḋ, 2 Imṫiġ go tiġ na Reċabíteaċ, agus laḃair ríu, agus taḃair go tiġ an TIĠEARNA íad, go háon do na seomraḋuiḃ, agus taḃair fíon dóiḃ re a ól. 3 Annsin rug misi Iaasaniah, ṁac Ieremiah, ṁic Habasiniah, agus a ḋearḃráiṫre, agus a ṁic uile, agus uile ṫiġ na Reċabíteaċ liom; 4 Agus ṫug mé go tiġ an TIĠEARNA íad, go séomra ṁac Hanan, ṁic Igdaliah, óglaċ Dé, do ḃí láiṁ re seómra na bprionnsaḋa, noċ do ḃí ós cionn ṡeómra Maaseiah ṁic Sallum, coiṁéaduiġe an doruis: 5 Agus do ċuir mé as coinne ṁac tiġe na Reċabíteaċ potaḋa lán dfíon, agus cupáin, agus a dúḃairt mé ríu, Iḃiḋ fíon. 6 Aċt a dúḃradarsan, Ní ioḃuimne fíon: óir daiṫin Ionadab ṁac Reċab ar naṫair inn, ġa ráḋ, Ní ioḃfuiḋesi fíon, siḃ féin, nó ḃur mic go bráṫ: 7 Ní mó do ḋéantaoi tiġ, agus ní ċuirfiḋe síol, agus ní ṗlainndeoċuiḋe fíneaṁuin, agus ní ḃiáiḋ áoinḟíneaṁuin aguiḃ: aċt áitreoċṫaoi ar feaḋ ḃur láeṫe a bpaillíunuiḃ; ionduis go marfiḋe mórán do láeṫiḃ annsa dúṫaiġ mar a mbíṫí ḃur ccoiṁṫiġeaċaiḃ. 8 Marso dúṁluiġeamairne do ġúṫ Ionadab ṁic Reċab ar naṫair annsa nuile ní dar áiṫin sé ḋínn, gan fíon dól ar feaḋ ar mbeaṫa, sinn féin, ar mná, ar mic, nó ar ninġeana; 9 Ná tiġṫe do ḋéanaṁ ḋúinn do ċoṁnuiḋe ionta: ní mó atá fíneaṁuin aguinn, nó maċaireaḋa, nó síol: 10 Aċt do aitreaḃamar á bpáillíunuiḃ, agus dúṁluiġeamar, agus do rinneamar do réir a nuile ní dár aiṫin Ionadab ar naṫair dínn. 11 Aċt tárla, a nuáir ṫáinic Nebuċadnessar ríġ na Babilóine súas ċum na tíre, go ndúḃramairne, Tigiḋ, déanam suas go Hierusalem ar eagla ṡlóiġ na Ccaldéanaċ, agus ar eagla ṡlóiġ na Sírianaċ: mar sin dáitreaḃamar ann Ierusalem. 12 ¶ Annsin ṫáinic focal an TIĠEARNA go Ieremiah, ġa ráḋ. 13 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Imṫiġ agus innis do ṁuinntir Iúdah agus dáitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, Naċ geaḃṫaói teagasg ag eisteaċd rem ḃriaṫraiḃsi? a deir an TIĠEARNA. 14 Do coiṁlíonaḋ bríaṫra Ionadab ṁic Reċab, ler áiṫin sé dá ṁacaiḃ gan fíon dól, óir go ttíġ a niuġ níor ioḃadar aoindeór, aċ úṁluiġid daiṫne a naṫar: ṫairis sin do laḃair misi riḃse, ag éirġe go moċ agus ag laḃairt; aċt níor éisteaḃair riom. 15 Do ċuir mé fos ċugaiḃ múile ṡeirḃísiġ na faiḋe, ag éirġe go moċ agus dá ccur uáim, ġa ráḋ, Fillíḋ a nois gaċ aónduine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus leasuiġiḋ ḃur ngníoṁa, agus ná himṫíġiḋ a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ, agus áitreoċṫaói annsa ḃfearann noċ ṫug misi ḋíḃ féin agus da ḃur naiṫriḃ: aċt níor ċláonaḃair ḃur cclúas, agus níor éisteaḃair riom. 16 Do ḃríġ gur ċoiṁlíonadar mic Ionadab ṁic Reċab áiṫne a naṫar, noċ daiṫin sé ḋíoḃ; aċt níor éist an pobalsa riomsa: 17 Uimesin is marso a deir TIĠEARNA Día na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara misi ar Iúdah agus air áitreaḃṫáċaiḃ Ierusalem uile a nuile olc dar ḟúagair mé na naġaiḋ: do ḃríġ gur laḃair mé ríu, aċt ní ċúaladar; agus do ġoir mé orra, agus níor ḟreagradar. 18 ¶ Agus a duḃairt Ieremiah ré tiġ na Reċabiteaċ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Do ḃríġ gur uṁluiġeaḃair daiṫne Ionadab ḃur naṫair, agus gur ċoiṁéadaḃair a uile aiṫeanta, agus go ndearnaḃair do réir a nuile ní dar aiṫin sé ḋíḃ: 19 Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Ní ḃiáiḋ easḃuiḋ duine air Ionadab ṁac Reċab do ṡeasaṁ am laṫairse go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society