Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIV. Daóirsine fa ċoinne Sedeciah agus na cionn ḟeaḋna, ċionn a muinntir do ċur fa aṫ‐ċuing.

1 An ḃriaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, a núair do ṫroid Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, agus a ṡlúaġ uile, agus rioġaċta an doṁuin uile ḋa ṫiġearnus, agus a nuile ṗobal, a naġaíḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ a huile ċaiṫreaċa, ġa ráḋ,

2 Is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel; Imṫiġ agus laḃair ré Sedeciah ríġ Iúdah, agus innis dó, Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ḃéara mé an ċaṫairsi a láiṁ ríġ na Babilóine, agus loiscfiḋ seilé teine:

3 Agus ní imeoċa tusa as a láiṁ, aċt géaḃṫar ṫú go deiṁin, agus toirḃeorṫar ann a láiṁ ṫú; agus do ċífid do ṡúile súile ríġ na Babilóine, agus laiḃeora sé riot béul ar ḃéul, agus raċuiḋ tú don Ḃabilóin.

4 Ṫairis sin éist bríaṫar an TIĠEARNA, a Ṡedeciah a ríġ Iúdah; Is marso a deir an TIĠEARNA dot ṫaóiḃ, Ní muirfiġear leis an ccloiḋeaṁ ṫú:

5 Aċt éugfa tú a síoṫċáin: agus lé loisgiġe haiṫreaḋ, na ríġṫe roiṁe noċ do ḃí roṁad, mar sin loisgfid síad ṫusa; agus caóinfid síad ṫú, ḋa ráḋ, Ah a ṫiġearna! óir a dúḃairt misi an focal, a deír an TIĠEARNA.

6 Annsin do laḃair Ieremiah an fáiġ na bríaṫraso uile re Sedeciah ríġ Iúdah ann Ierusalem,

7 A nuáir do ṫroid slúaġ ríġ na Babilóine a naġáiḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ uile ċaiṫreaċa Iúdah dar ṁair, a naġáiḋ Laċis, agus a naġáiḋ Asecah: óir do ṁaireadar na caiṫreaċa daingnesi do ċaiṫreaċaíḃ Iúdah.

8 ¶ Así so an ḃríaṫar ṫáinic ċum Ieremiah ón DTIĠEARNA tar éis an ríġ Sedeciah do ḋéanaṁ cunnarṫa ris an bpobal uile noċ do ḃí ann Ierusalem, dfógra saóirse do ḃeiṫ aca;

9 Go léigfeaḋ gaċ uile ḋuine a óglaċ úaḋ, agus gaċ uile ḋuine a ḃanóglaċ sáor; mas Eaḃraċ é nó Baineaḃraċ; iondus naċ ccongṁaḋ duine air biṫ iona ṡeirḃís fad, do Iúduiġe a ḋearḃraṫair.

10 Anois a nuáir do ċúaluiḋ na prionnsaḋa uile, agus an pobal uile, do ċuáiḋ san ċunnraḋ, go léigfeaḋ gaċ áonduine a óglaċ dimṫeaċt úaḋ agus an úile ḋuine a ḃanoglaċ sáor, agus naċ ḃfoiġeonaḋ áonduine é féin díoḃ ní sa ṁó, annsin duṁluiġeadar, agus do léigeadar ḋóiḃ imṫeaċt.

11 Aċt na ḋiáiġ sin dfilleadar, agus ṫugadar air na hóglaċuiḃ agus ar na banóglaċaiḃ filleaḋ, noċ do léigeadar uáṫa sáor, agus ṫugadar fá ċuing íad dá mbeiṫ na nóglaċaiḃ agus na mbanóglaċaiḃ.

12 ¶ Uimesin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah ón TIĠEARNA, ḋá ráḋ,

13 Is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel; Do rinne mé cunnraḋ re ḃur naiṫriḃ an lá ṫug mé amaċ íad as críċ na Hégipte, agus ás tiġ na ndaoine ndáor, ġa ráḋ,

14 A ccionn ṡeaċt mblíaḋan léigeaḋ gaċ áon aguiḃ a ḋearḃraṫair Eaḃruiḋe dimṫeaċt, noċ do reacaḋ riḃ; agus a nuáir ḟoiġeonus sé ḋuit sé blíaḋna, léigfiḋ tú ḋó imṫeaċd sáor uáit: aċt níor éistiodar ḃur naiṫre liom, ní mó ċláonadar a cclúas.

15 Agus do filleaḋ siḃsi anois, agus do rinneadar ceart ann mo raḋarcsa, a ḃfógra saóirse gaċ áonduine dá ċoṁarsoin; agus do rinneaḃair cunnraḋ dom laṫairsi annsa tiġ noċ goirṫear ann mainm:

16 Aċt dfilleaḃair agus do ṫruáilleaḃair mainm, agus ṫug gaċ áonduine aguiḃ ar a óglaċ, agus air a ḃanóglaċ filleaḋ, noċ do léigeaḃair saor uáiḃ ar a ttoil féin, agus ṫugaḃair fa ḋaóirse íad, dá mbeiṫ aguiḃ na seirḃíseaċaiḃ agus na mbanóglaċaiḃ.

17 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Níor éisteaḃair riomsa, a ḃfógra saóirse, gaċ áonduine dá ḋearḃraṫair, agus gaċ áonduine da ċoṁarsuin: feuċuiḋ, fúagruimsi saoirse ḋíḃ, a deir an TIĠEARNA, ċum an ċloiḋiṁ, ċum ná pláiġe, agus ċum na gorta; agus dó ḃéara mé fa deara ḃur náṫarruġaḋ do na huile rioġaċta san doṁan.

18 Agus do ḃéara mé na daóine do ḃris mo ċunnraḋ, naċ ar ċoṁáill bríaṫar an ċunnarṫa noċ do rinneadar dom laṫairsi, a núair do ġearradar an láoġ a ndá ċuid, agus dimṫiġeadar edir a ċodċuiḃ sin,

19 Prionnsaḋa Iúdah, agus prionnsoḋa Ierusalem, na séomradóiriḋe, agus na sagairt, agus uile ṗobal na tíre, noċ do ċuáiḋ ṫríd ċodċaiḃ an laóiġ,

20 Do ḃéara misi íadsan a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na druinge íarrus a mbás: agus biáiḋ a ccuirp ṁarḃa mar ḃíaḋ ag éanlaiṫ a naiéir, agus ag beaṫaċaiḃ na talṁan.

21 Agus do ḃéara mé Sedeciah ríġ Iúdah agus a ṗrionnsaḋa a láiṁ a náṁad, agus a láiṁ na druinge iarrus a mbás, agus a láiṁ ṡlóiġ ríġ na Babilóine, noċ do ċuáiḋ súas uáiḃ.

22 Féuċ, fuaigéora misi, a deir an TIĠEARNA, agus do ḃéara mé orra filleaḋ don ċaṫruiġsi; agus troidfid na haġaiḋ agus géaḃuid í, agus loisgfid í le teine: agus do ḋéana mé caiṫreaċa Iúdah uile na ḃfásaċ, gan áitreaḃṫaċ ar biṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan