Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 33 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXIII. Geallaḋ ar filleaḋ Iudah agus Israel ó ḋáoirsi, 17 ar ríġeaċt agus sagartaċt ḃúan a measc na gcreidṁeaċ.

1 Tuilleaṁ oile ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċum Ieremiah an dara húair, an feaḋ do ḃí sé fós íaḋta a ccúirt an ṗríosúin, ġa ráḋ,

2 Is marso a deir an TIĠEARNA a ḋéantóir, an TIĠEARNA do ċum é, da ḋaingniuġaḋ; isé an TIĠEARNA a ainm;

3 Goir orumsa, agus freagora mé ṫú, agus taisbéanfa mé neiṫe móra agus cuṁaċtaċa ḋuit, noċ naċ feas duit.

4 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel, a ttáoḃ ṫiġṫeaḋ na caiṫreaċso, agus a ttaoḃ ṫiġṫeaḋ ríoġ Iúdah, noċ atá ar na tteilgion síos leis na mótaiḃ, agus leis an ccloiḋeaṁ;

5 Tigid síad do ṫroid ris na Caldéanaċaiḃ, aċt is dá líonáḋ féin le corpuiḃ marḃa daóine, noċ do ṁarḃ misi ann mfeirg agus ann mainteas, agus noċ ar son a nuile olc dfoluiġ mé maġáiḋ ón ccaṫruiġsi.

6 Féuċ, do ḃéara me sláinte agus leiġios ċuice, agus leiġeosuiḋ mé íad, foillseoċa mé ḋóiḃ líonṁaireaċt na síoṫċána agus na fírinne.

7 Agus do ḃeara mé ar ḋaóirsine na Niúduiġeaḋ agus air ḋaóirsine Israel filleaḋ ar ais, agus cuirfeaḋ mé súas íad, mar an ccéaduáir.

8 Agus glanfa mé íad ó na nuile éagceart, ler ċionntuiġeadar am aḋuiġsi; agus maiṫfiḋ mé a nuile éaigcearta, ler ṗeacuiġeadar, agus ler ṡáruiġeadar am aġuiḋ.

9 Agus biáiḋ sé ḋaṁsa na ainm sóláis, molta agus onóra a laṫair a ḃfuil do ċineaḋaċaiḃ air an ttalaṁ, noċ ċluinfios a nuile ṁaiṫ atáim do ḋéanaṁ ḋóiḃ: agus biáiḋ eagla agus úaṁan orra ar son na huile ṁaiṫeasa, agus ar son an deiġḃisiġ uile, ġléasuim ḋó.

10 ¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Cluinfiġear a rís annsa náitsi, (noċ a dearṫaóise ḃías uáigneaċ gan duine agus gan ḃeaṫaċ, eaḋon a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, atá áonránaċ gan duine, agus gan áitreaḃṫaċ, agus gan ḃeaṫaċ,)

11 Gúṫ na lúaṫġáire, agus gúṫ an ġáirdeaċuis, gúṫ a nfir núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta, gúṫ na druinge a déarus, Moluiḋ TIĠEARNA na slóġ: óir is maiṫ an TIĠEARNA; óir mairiḋ a ṫrócaire go bráṫ: agus na druinge do ḃeir íoḋbuirt ṁolta go tiġ an TIĠEARNA. Oir do ḃéara misi fa deara braiġdionas na tíre diompóġ mar do ḃí ó ṫus, a deir an TIĠEARNA.

12 ¶ Is marso a deir TIĠEANRA na slóġ. Biáiḋ annsa náitsi, atá uáigneaċ gan duine agus gan ḃeaṫaċ, agus iona caiṫreaċaiḃ uile, aitréaḃ áoḋaireaḋ cáoraċ ag taḃairt air a ttréaduiḃ luiġe síos.

13 A ccaiṫreaċaiḃ na slíaḃ, a ccaiṫreaċaiḃ an ġleanna, a ccaiṫreaċaiḃ an deisceirt, agus a ḃfearann Ḃeniamin, agus annsna háitiḃ timċioll Ierusalem, agus a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, imeoċuid na tréada a ris fá láṁuiḃ an té ionráinios íad, a deir an TIĠEARNA.

14 Féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go ccoiṁlíonfa misi na neiṫe maiṫe do ġeall mé do ṫiġ Israel agus do ṫiġ Iúdah.

15 ¶ Annsna láeṫiḃ sin, agus annsa namsin, cuirfe misi dfíaċaiḃ air Ḃeangán na firéantaċda fás súas do Ḋáiḃi; agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus agus fírinne annsa tír.

16 Tárṫoċar Iúdah annsna láeṫiḃ sin, agus coiṁneoċuiḋ Ierusalem go daingean: agus isé so an tainm lé ngoirfiġear í, An TIĠEARNA ar ḃfireantaċd.

17 ¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Ní ḟailleoċuiḋ ó Ḋáiḃi ċoiḋċe duine ṡuiġfios ar ċaṫaóir ríoġa Israel;

18 Ní mó ḃías easḃuiġ duine ar na sagartuiḃ na Leḃítiġ dom laṫairsi dofráil ofrála loisge, agus do losgaḋ ofrála bíḋ, agus do ḋéanaṁ íoḋbarṫa a ccoṁnuiḋe.

19 ¶ Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah, ġa ráḋ,

20 Is marso a deir an TIĠEARNA; Má ḟéadann tú mó ċunnraḋ laóise do ḃriseaḋ, agus mo ċunnraḋ oiḋċe, agus naċ beiṫ lá nó oiḋċe iona am féin;

21 Annsin fós féadṫar mo ċunnraḋ ré Dáiḃi mo ṡeirḃíseaċ do ḃriseaḋ, naċ bíaṫ mac aige do ríoġaḋ iona ċaṫaóir; agus ris na Leḃítiḃ na sagairt, mo ṡeirḃísiġ.

22 Mar naċ féidir slúaġ neiṁe dáireaṁ, nó gaineaṁ na fairge do ṫoṁus: mairsin fóirlíonfuiḋ misi slioċd Ḋáiḃi mo ṡeirḃíseaċ, agus na Leḃítiġ ṁiniostralas daṁ.

23 ¶ Tuilleaṁ oile ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah, ġa ráḋ,

24 Naċ measann tusa cioḋ a dúḃradar an pobalso, ġa ráḋ, An dá ṁuinntir do ṫoġ an TIĠEARNA, do ṫeilg sé úaḋa íad? marso do ṫarcuisniġeadar mo ṁuinntir, ċor naċ beidís ní sa ṁó na ccineaḋ dá laṫair.

25 Is marso a deir an TIĠEARNA, Muna ḃfuil mo ċunraḋ ris an lá agus ris a noiḋċe, agus muna ar ċinn mé órduiġṫe neiṁe agus talṁan;

26 Ann sin teilgfiḋ mé uáim slioċt Iácob, agus Dáiḃi mo ṡeirḃiseaċ, iondus naċ géaḃa mé ḋá ṡlioċd do ḃeiṫ na núaċdaránuiḃ ós cionn ṡíl Abraham, Isaac, agus Iácob: óir do ḃéara mé a mbraiġdionas air ais, agus do ḋéana mé trócaire orra.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan