Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXII. Ieremiah ar na iaḋaḋ súas, 16 rinne sé urnaiġ, 36 agus do aiṫris morḋaċt ċunnraḋ na tiomna nuáiḋ.

1 An ḃríaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA annsa deaċṁaḋ blíaḋain do Ṡedeciah ríġ Iúdah, noċ ar bí an toċtṁaḋ blíaḋain déag do Nebuċadressar.

2 Oír is annsin do ṡuiġeadar slúaġ ríġ na Babilóine um Ierusalem: agus do híaḋaḋ súas Ieremiah an fáiḋ a ccúirt an ṗríosúin, noċ do ḃí a ttiġ ríġ Iúdah.

3 Oír do íaḋ Sedeciah ríġ Iúdah súas é, ġa ráḋ, Cred as a ttairrġireann tú, agus a nabair tú, Is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé an ċaṫairsi a láiṁ ríġ na Babilóine, agus géaḃuiḋ sé í;

4 Agus ní raċuiḋ Sedeciah ríġ Iúdah as láiṁ na Ccaldeánaċ, aċt go deiṁin ḃéarṫar a láiṁ ríġ na Babilóine é, agus laiḃeoruiḋ sé ris béul air ḃéul, agus do ċífid a ṡúile a ṡúilesion;

5 Agus treóroċuiḋ sé Sedeciah don Ḃabilóin, agus biáiḋ annsin go ttí misi ar ccuáirt ċuige, a deir an TIĠEARNA: má tá go ttroidfiġe ris na Caldeánaċaiḃ, ní ḃéarṫaói buáiḋ.

6 ¶ Agus a dúḃairt Ieremiah, Ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ,

7 Féuċ, tiucfuiḋ Hanámeel mac Sallum dearḃráṫair haṫar ċugad, ġa ráḋ, Ceannuiḋ ḋuit féin mo ṁaċaire atá ann Anatot: óir is leaċt ceart a ḟúascailte do ċeannaċ.

8 Marsin ṫáinic Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar ċugamsa a ccúirt an ṗríosúin do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, agus a dúḃairt sé riom, Guiḋim ṫú, ceannaiġ mo ṁaċaire, noċ atá ann Anatot, noċ atá á ttír Ḃeniamin: óir is leaċd ceart a oiġreaċta, agus is leaċd a ḟuasclaḋ; ceannuiġ ḋuit féin é. Annsin daiṫin mé gur bí sin bríaṫar an TIĠEARNA.

9 Agus do ċeannuiġ mé an maċaire ó Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar noċ do ḃí ann Anatot, agus do ṫoṁais mé an tairgiod ċuige, eaḋon seaċt secel déag airgid.

10 Agus do scrioḃ mé sin a leaḃar, agus do ṫoṁais mé an tairgiod ċuigesion annsa ṁeaḋ.

11 Marsin do ġlac mé scríḃinn na ceannuiġeaċda, ar na ṡéalaḋ do reir an dliġe agus an ġnáṫa, agus sgríḃinn oscailte:

12 Agus ṫug mé scríḃinn na ceannuiġeaċda do Ḃaruċ ṁac Neriah, ṁic Maaseiah, a raḋarc Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar, agus a laṫair na ḃtíaġan do scríoḃ a leaḃar na ceannuiġeaċda, a laṫair na Níuduiġeaḋ uile do ṡuiġ a ccúirt an ṗríosúin.

13 ¶ Agus do ċuir mé dfíaċuiḃ ar Ḃaruċ dá laṫair sin, ġa ráḋ,

14 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Glac na scríḃnesi, an scriḃinnsi na ceannuiḋeaċda, noċ atá séuluiġṫe, agus an scríḃinnsi atá oscuilte; agus cuir a soiṫeaċ ċriáiḋ íad, iondus go mairfid mórán do láeṫiḃ.

15 Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Sealḃóċṫar tiġṫe agus maġa agus fíneaṁna annsa tírso a rís.

16 ¶ Anois a núair ṫug mé scríḃinn na ceannuiġeaċta do Ḃaruċ ṁac Neriah, do ġuiḋ mé an TIĠEARNA, ġa ráḋ,

17 Ah a Ṫiġearna DIA! féuċ, do rinne tú neaṁ agus talaṁ le do ċuṁaċtaiḃ móra agus le ríġ sínte amaċ, agus ní ḃfuil aoinní ro ċruáiḋ ḋuitsi:

18 Taisbéanuiḋ tú cinéul gráḋaċ do ṁíltiḃ, agus cúitiġiḋ tú éigceart na naiṫreaḋ a nuċt na cloinne na ndiáiġ: an Día Mór Cuṁaċdaċ, TIĠEARNA na slóġ, isé a ainm,

19 Mór a ccoṁairle, agus cuṁaċtaċ a ngníoṁ, (óir atáid do ṡúile oscuilte ar uile ṡliġṫiḃ ṁac na ndaóine: do ṫaḃairt do gaċ áonduine do réir a sliġṫeaċ, agus do réir ṫoruiḋ a ngníoṁ:)

20 Noċ do ṡuiġiḋ coṁarṫaḋa, agus ionganta a ccríċ na Hégipte, gus a niuġ, agus a Nisrael, agus a measc ḋaóine oile; agus do rinne ainm ḋuit féin, mar atá a niuġ;

21 Agus ṫug amaċ do ṗobal Israel as críċ na Hégipte lé coṁarṫuiḃ, agus lé hiongantaiḃ, agus lé láiṁ láidir, agus le riġ sínte amaċ, agus le húaṫḃás mór;

22 Agus ṫugais an fearannso ḋóiḃ noċ do ṁionnuiġ tú dá naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ, fearann ag líonaḋ do ḃainne agus do ṁil;

23 Agus ṫangadar ann, agus do ṡealḃuiġeadar é; aċd níor úṁluiġeadar dot ġúṫsa, ní mó do ṡiuḃluiġeadar ann do ḋliġeaḋ; ní ḋéarnadar aoinní do nuile ni dar aiṫin tú ḋíoḃ do ḋéanaṁ: uimesin ṫug tú fa deara an tolcsa uile do ṫeaċt orra:

24 Féuċ ṫangadar na mótuiḋ, ċum na caiṫreaċ dá gaḃáil; agus tugaḋ an ċaṫair a láiṁ na Ccaldeánaċ, noċ ṫroideas na haġaiḋ, do ḃríġ an ċloiḋiṁ, agus na gorta, agus na pláġa: agus an ní a dúḃairt tú ṫáinic sé a gcriċ; agus, féuċ, do ċiḋ tú é.

25 Agus a dúḃairt tú, riomsa a Ṫiġearna DIA, Ceannuiġ ḋuit féin an fearann air airgiod, agus glac fíaḋuin; óir tugaḋ an caṫair a láiṁ na Ccaldeánaċ.

26 ¶ Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah, ġa ráḋ,

27 Féuċ, is misi an TIĠEARNA, Día na nuile ḟéola: an ḃfuil ní ar biṫ ro ċruáiḋ orum?

28 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ḃéara mé an ċaṫairsi a láiṁ na Ccaldéanaċ, agus a láiṁ Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, agus géaḃuiḋ sé í:

29 Agus tiucfuid na Caldéanuiġ, ṫroideas a naġaiḋ na caiṫreaċso, agus cuirfid an ċaṫairsi tré ṫeine, agus loiscfid í maille ris na tíġṫiḃ, ar a mullaċ ar ofráladar túis do Ḃaal, agus ar ḋóirteadar amaċ ofrála diġe do ḋéiḃ oile, dom ḃrostúġaḋsa ċum feirge.

30 Oír do rinne clann Israel agus clann Iúdah olc aṁáin ann mfiaḋnuise ó na nóige: óir do ḃrostuiġeadar clann Israel aṁáin mé ċum feirge lé hoibreaċaiḃ a láṁ, a deir an TIĠEARNA.

31 Oír do ḃi an ċaṫairsi ḋaṁsa na brostuġaḋ feirge agus úaṫḃáis on ló fa ndéarnadar í gus a niuġ; ċor go náṫroċuinn í ó ḃeiṫ ar maġaiḋ,

32 Dó ḃríġ uile olc ċloinne Israel agus ċloinne Iúdah, do rinneadar dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge, íad féin, a ríġṫe, a bprionnsuiḋe, a sagairt, agus a ḃfáiġe, agus fir Iúdah, agus áitreaḃṫaċa Ierusalem.

33 Agus diompóiġeadar a ccúl riomsa, agus ni hé a naġaiḋ: mátá gur ṫeagaisc mé íad, ag éirġe go moċ agus dá múnaḋ, giḋeaḋ níor úṁluiġeadar do ġaḃáil teagaisg.

34 Aċt do ċuireadar a ngráineaṁlaċt annsa tiġ, noċ goirṫear am ainmsi, da ṫruáilleaḋ.

35 Agus do rinneadar áite árda Ḃaal, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do ṫaḃairt air a macaiḃ, agus air a ninġeanuiḃ dul ṫríd an tteine do Ṁoloċ; noċ nar aiṫin misi ḋíoḃ, ní mó ṫáinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ġráineaṁlaċtso, taḃairt ar Iúdah peacuġaḋ.

36 ¶ Agus anois uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel, a ttaoḃ na caiṫreaċso, ré a nabarṫaóise, Go seaċodṫar í a láiṁ ríġ na Babilóine leis an ccloiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ;

37 Féuċ, cruinneoċa mé íad amaċ as na huile ṫíorṫa, ann ar ḋíbir mé íad ann mfeirg, agus ann mainteas, agus a ndioġaltas mór; agus do ḃéara mé a rís don náitsi íad, agus do ḃéara mé orra coṁnuiḋe go suáiṁneaċ:

38 Agus béid síad na bpobal agamsa, agus biáiḋ misi am Ḋía acasan:

39 Agus do ḃéara mé áon ċroiḋe aṁáin dóiḃ, agus aóintsliġe aṁáin, ċor go mbía meaglasa orra go bráṫ, ar ṁaiṫiḃ ríu, agus re na ccloinn na ndiáiġ:

40 Agus do ḋéana mé cunnraḋ síoṫḃúan ríu, naċ iompoċa mé úaṫa, do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋóiḃ; aċt cuirfe mé meagla iona ccroiḋṫiḃ, naċ deileoċnid síad riom.

41 Aseaḋ, gáirdeoċa mé ós a ccionn do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋóiḃ, agus pláinndeoċa mé annsa dúṫaiġ íad go deiṁin maille rém uile ċroiḋe agus rem uile anam.

42 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Aṁuil mar ṫug mé an tolc mórso uile ar an bpobalso, marsin do ḃéara mé orra a nuile ṁaiṫ dar ġeall mé ḋóiḃ.

43 Agus ceinneoċṫar maċairiḋe annsa tírse ré a nabarṫáoise, Atá sí uáigneaċ gan duine gan ḃeaṫaċ; tugaḋ a láiṁ na Ccaldéanaċ í.

44 Ceinneoċuid daóine maċaireaḋa ar airgiod, agus scrioḃṫuid leaḃar, agus cuirfid séala, agus glacfuid fíaḋna a ttír Ḃeniamin, agus ánnsna háitiḃ tímċioll Ierusalem, agus a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a ccaiṫreaċaiḃ na slíaḃ, agus a ccaiṫreaċaiḃ an ġleanna, agus a ccaiṫreaċaiḃ an deisceirt: óir do ḃéara misi air a mbraiġdionus filleaḋ, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan