Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 31 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXXI. Is tarḃaċ toraḋ an smaċduiġe tre ġrása Dé.

1 Annsa nam sin féin, a deir an TIĠEARNA, ḃías misi am Ḋía ṁuinntearaḋ Israel uile, agus buḋ íadsan mo ṗobalsa.

2 Is marso a deir an TIĠEARNA, Fúaradar na daóine do ċuáiḋ as ón ccloiḋeaṁ grása annsa ḃfásaċ; a nuáir do ċuáiḋ misi do ṫaḃairt air Israel ḃeiṫ súaiṁneaċ,

3 Do taiḃreaḋ an TIĠEARNA ḋaṁsa cían ó ṡin, ġa ráḋ, Do ġráḋuiġ mé ṫú lé gráḋ siorruiḋe: uimesin le cineal gráḋaċ do ṫarruing mé ṫú.

4 Cuirfe mé a rís súas ṫú, agus cuirfiġear súas ṫú, a ṁaiġdion Israel: biáiḋ tú a rís ar do scíaṁuġaḋ lé tiompanuiḃ, agus raċa tú amaċ a ndaṁsaiḃ na druinge do ní súgraḋ.

5 Plainndeoċa tú fós fíneaṁna ar ṡléiḃtiḃ Ṡamaria: plainndeoċuid na planndóiriḋe, agus íosuid íad mar neiṫiḃ coitċionna.

6 Oír biáiḋ lá, go ḃfuáigeoruid an luċd faire ar ṡlíaḃ Eṗraim, Eirġiḋ, agus déanam súas go Sion ċum an TIĠEARNA ar Ndía féin.

7 Oír is marso a deir an TIĠEARNA; Canaiḋ maille re lúaṫġáir ar son Iácob, agus gáiriḋ a measc roġa na ccineaḋaċ: fúagruiḋsi, moluiḋsi, agus abraiḋ, A ṪIĠEARNA, tárṫuiġ do ṗobal, fuiġioll Israel.

8 Féuċ, do ḃéara mé íad ón tír ṫuáiġ, agus cruinneoċa mé íad ó imliḃ na talṁan, agus maille ríu an dall agus an bacaċ, an ḃean torraċ agus an ḃean re nioḋnuiḃ a naoinḟeaċt: fillfiḋ cuideaċda ṁór annsin.

9 Tiucfuid síad maille re gul, agus maille re gearánuiḃ ṫréoroċus mé íad: do ḃéara mé orra siuḃal re taóiḃ na sroṫann uisceaḋ a sliġe ḋíriġ, a náit naċ ḃfuiġid siad tuisleaḋ: óir atáim am aṫair ag Israel, agus sé Eṗraim mo ċéidġm.

10 Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċineaḋaċa, agus innisiġ é annsna hoiléanuiḃ imċíana, agus abraiḋ, An té do ḋíoṫscaóil Israel cruinneoċuiḋ sé é, agus cuiṁdeoċuiḋ é, aṁuil mar do ní an táoḋaire a ṫréad.

11 Oír dfúascail an TIĠEARNA Iácob, agus dfúascail sé é as láiṁ an tí do ḃí ní buḋ láidre na é.

12 Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullaċ Ṡion, agus tuileoċuid a naóinḟeaċt ċum maiṫeasa an TIĠEARNA, ar son cruiṫneaċt, agus ar son fíona nuáiḋ, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirġe: agus biáiḋ a nanam aṁuil gáirdín ar na ḟliuċaḋ; agus ní ċaóiḋfid nísa ṁó ar áonċor.

13 Annsin ġáirdeoċus an ṁaiġdion annsa daṁsa, na daóine óga araon agus na seanóiriḋe: óir fillfiḋ misi a ngúḃa a ngáirdeaċus, agus coiḃreoċa mé íad, agus do ḃéara mé orra sólásuġaḋ ó na ndólás.

14 Agus sáiseoċa mé anam na sagart lé méuṫus, agus béid mo ḋaóine sáiṫeaċ lé maiṫeas, a deir an TIĠEARNA.

15 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Do ċlós gúṫ ann Rámah, cáoi, agus gul géur; Raċel ag caóineaḋ a cloinne do ḋiúlt si coṁfortaċt ar son a cloinne, do ḃríġ naċ raḃad ann.

16 Is marso a deir an TIĠEARNA; Connaiṁ do ġúṫ ó ċaói, agus do ṡúile ó ḋeóruiḃ: óir cúiteoċṫar hobair, a deir an TIĠEARNA; agus ttiucfaid siad a rís ó ṫír na náṁad.

17 Agus atá dóṫċus ann do ċríċ, a deir an TIĠEARNA, go ttiucfaid do ċlann a rís dá ttéoruinn.

18 ¶ Go deiṁin do ċúala mé Eṗraim ġa ċaoineaḋ féin marso; Do smaċtuiġ tú mé, agus do ḃí mé smaċtuiġṫe, aṁuil daṁ nar ċleaċd an ċuing: fillse mé, agus fillfiġear mé, óir is tú an TIĠEARNA mo Ḋía.

19 Go deiṁin tar éis mfillte, do ḃí aiṫreaċus orum, agus tar éis mo ṫeagaisce do ḃuáil mé ar mo ċeaṫraṁuin: do ḃí mé náireaċ, a seaḋ, fós do ḃí mé claóiḋte, do ḃríġ gur iomċuir mé masla móige.

20 An é Eṗraim mo ṁac díleas? an leanaḃ sólásaċ é? óir ó nuáir fár láḃair misi na aġuiḋ, cuiṁniġim go dúṫraċtaċ air a ccoṁnuiḋe: uimesin atáid minniḋe buáiḋearṫa ar a ṡon; go deiṁin do ḋéana mé trócaire air, a deir an TIĠEARNA.

21 Cuir súas duit féin coṁarṫaḋa sliġeaḋ, déana ḋuit cáirn árda: cuir do ċroiḋe leaṫ ris an tsliġe ṁóir, eaḋon an tsliġe ann ar imṫiġ tú: fill a rís, a ṁaiġdion Israel, fill a rís ċuca so do ċaiṫreaċasa.

22 ¶ Ga fad ḃías tú ag dul fá ccuairt, a inġean neiṁḋiongṁalta? óir do ċrúṫaiġ an TIĠEARNA ní núaḋ air an ttalaṁ, Timċiollfuiḋ bean fear.

23 Is marso a deir TIĠEARNA ná slóġ, Día Israel; Fós gnáiṫeoċuid siad an ċaintsi a ttír Iúdah agus iona caiṫreaċaiḃsin, a nuáir do ḃéarus misi a mbraiġdionas a rís; Go mbeannuiġ an TIĠEARNA ṫusa, a áitreaḃ an ċeirt, agus a ṡlíaḃ na náoṁṫaċda.

24 Agus aitreoḃuiḋ ann Iúdah féin, agus iona caiṫreaċaiḃ a naóinḟeaċt, fir ṫiġe, agus an drong ṫéid amaċ leis na tréaduiḃ,

25 Oír do ṡásuiḋ misi an tanam coirṫe, agus do líon mé gaċ anam doilġiosaċ.

26 Air so do ṁúscail mé, agus do ċonnairc mé; agus do ḃí mo ċodlaḋ milis daṁ.

27 ¶ Féuċ, tiucfuid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, go siolċuirfe mé tiġ Israel agus tiġ Iúdah lé síol an duine, agus lé síol an ḃeaṫuiġ.

28 Agus tiucfa a ccríċ, aṁuil agus mar do ḃí mé ag faire ós a ccionn, do ṫárrang a níos, agus do ḃriseaḋ síos, agus do sgrios, agus do ṗíanaḋ; is marsin ċoiṁéadfas mé ós a ccionnsan, dfoirgneaṁ, agus do ṗlannduġaḋ, a deir an TIĠEARNA.

29 ¶ Annsna láeṫiḃsin ní aibéoruid síad ní sa ṁó, A dúadar na haiṫre cáor ṡearḃ, agus bí déistion ar fíaclaiḃ na cloinne.

30 Aċt éugfuiḋ gaċ uile ḋuine ar son a éigceirt féin: biáiḋ déistion ar ḟíaclaiḃ gaċ ḋuine, iṫios an ċáor ṡearḃ.

31 ¶ Féuċ, atáid na laéṫe ag teaċt, a deir an TIĠEARNA, go ndéana mé cunnraḋ nuáḋ ré tiġ Israel, agus re tiġ Iúdah:

32 Ní do réir an ċunnarṫa do rinne mé re ná naiṫriḃ annsa ló ar ġlac mé ar láiṁ íad da ttaḃairt amaċ as críċ na Hégipte; do ḃríġ gur ḃrisiodar mo ċunnraḋ, ma tá go raiḃ mé am ḟear tiġe ḋóiḃ, a deir an TIĠEARNA:

33 Aċt buḋ é so an cunnraḋ ḋéanas mé ré tiġ Israel; Tar éis na laeṫéaḋsin, a deir an TIĠEARNA, cuirfiḋ mé mo ḋliġeaḋ annsa ċuid a stiġ ḋíoḃ, agus scrioḃṫa mé iona ccroiḋe é; agus biáiḋ mé am Ḋía aca, agus béidsion na bpobal agamsa.

34 Agus ní ṁúinfid síad ní sa ṁó gaċ áonduine a ċoṁarsa, agus gaċ aonduine a ḋearḃráṫair, ġa ráḋ, Bíoḋ fios an TIĠEARNA agaiḃ: óir biáiḋ mfios aca uile, ón té is luġa ḋíoḃ gus an té is mó ḋíoḃ, a deir an TIĠEARNA: óir maiṫfiḋ mé a négceart, agus ní ċuiṁneoċa mé a bpeacaiḋ ni is mó.

35 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, noċ do ḃeir an ġrían mar ṡolus san ló, agus órduiġṫe na gealuiḋe agus na réaltan mar ṡolus san noiḋċe, an té roinneas a nfairge a núair ḃéicid a tonna; TIĠEARNA na slóġ isé a ainm:

36 Má imṫiġid na hórduiġṫe sin ó ḃeiṫ ám ḟíaġnuise, a deir an TIĠEARNA, annsin cuirfiod síolraḋ Israel mar an ccéadna ó ḃeiṫ na ccineaḋ am ḟíaġnuise gó bráṫ.

37 Is marso a deir an TIĠEARNA; Más féidir neaṁ ṡúas do ṫoṁus, agus bunáite na talṁan ṡíos do spíonaḋ, teilgfe mé ḋíom fós síol Israel ar son gaċ a ndeárnadar, a deir an TIĠEARNA.

38 ¶ Féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA, go ccuirfiġear an ċaṫair súas don TIĠEARNA ó ṫor Hananeel go geata an ċoirnéil?

39 Agus raċaiḋ dóruba an toṁuis fós amaċ ṫairis as a ċoinne anonn ar ċnoc Gareb, agus compásfuiġ fa ccuáirt go Goat.

40 Agus gleann na ccorp marḃ go hiomlán, agus an luáiṫriḋ, agus na maċairiḋe uile go srúṫ Ċídron, go cornéal ġeata na neaċ don leaṫ ṡoir, béid náoṁṫa don TIĠEARNA; ní ṫairreongṫar a níos íad, ní ṫeilgfiġear sios íad ní sa mbó go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan