Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 30 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXX. Tairrġir aóiḃneaċ ar filleaḋ an ṗobuil as Babiloin, 20 agus ar ṗian na luċda do ṡaruiġ íud.

1 An ḃríaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, ġa ráḋ,

2 Is marso laḃras an TIĠEARNA Día Israel, ġa ráḋ, Scríoḃ ḋuit na huile ḃríaṫra do laḃair mé riot a leaḃar.

3 Oír, féuċ, tiucfaid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA; a ttiuḃra misi ár ais braiġdeanus mo ṗobail Israel agus Iúdah, a deir an TIĠEARNA: agus do ḃéara mé orrá filleaḋ don tír ṫug mé da naiṫriḃ, agus sealḃoċuid síad í.

4 ¶ Agus a siad so na briaṫra do laḃair an TIĠEARNA a ttaoḃ Israel agus a ttáoḃ Iúdah.

5 Oír is marso a deir an TIĠEARNA; Do ċúalamar gúṫ crioṫnuiġṫe, is eagla, agus ní síoṫċain é.

6 Fíatruiḋsi a nois, agus féuċuiḋ an mbí fear ré nioḋnuiḃ? cred fa ḃfaicim gaċ áonduine agus a láṁa air a leasraċ mar do ḃíaḋ bean ré nioḋnuiḃ, agus gur filleaḋ na huile aiġṫe a mbáin‐liṫe?

7 Mó ṫruáiġe! óir is mór an lásin, iondus naċ ḃfuil áon cosṁuil ris: sí uáir ċinte ḃuáiḋearṫa Iacob í? aċt tárṫoċṫar aiste é.

8 Oír tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, a deir TIĠEARNA na slóġ, go mbrisfe misi a ċuing ód ḃráġaid, agus go mbrisfe mé do ċuiḃriġe, agus ní fóiġeonuid coiṁṫiġiḋ ḋóiḃ féin ní as mó dá ṫáoḃ:

9 Aċt foiġeonuid don TIĠEARNA a Ndía, agus do Ḋáiḃi a ríġ, noċ ṫóigfeas misi súas dóiḃ.

10 ¶ Uimesin ná bíoḋ eagla ortsa, mo ṡeirḃíseaċ Iácob, a deir an TIĠEARNA; agus ná míṁisniġ, ó Israel: óir, féuċ, tárṫoċa misi ṫú a himċéin, agus do ṡlioċd ó ṫír a ndaóirse; agus fillfiḋ Iácob, agus biáiḋ a súaiṁneas, agus a socaṁul, agus ní ċuirfe aóinneaċ eagla air.

11 Oír atáimse maille leaċd, a deir an TIĠEARNA, dot ṡáḃáil: má tá go ccuirfe me deireaḋ iomlán ris na huile ċineaḋaċaiḃ mar ar spréiġ mé ṫú, giḋeaḋ ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán díotsa: aċt smaiċteoċa mé ṫú a measarḋaċt, agus ní ḟagfea me ṫrid amaċ gan pianaḋ ṫú.

12 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Is dóileiġis do ḃruġaḋ, agus is doiliġ do ċneaḋ.

13 Ní ḃfuil aon ṫagras do ċúis, ċum do ceangal súas: ní ḃfuilid leiġis ar biṫ sláinte agad.

14 Do ḋearmadar háos graḋa uile ṫú; ní íarruid siad ṫú; óir do loit misi ṫú le lot do náṁad, lé smaċt éattrócairiġ, ar son iomaid héigceart; do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe.

15 Cred fa néiġionn tú ar son haindeise? atá do ḋóbron dóileiġis do ḃríġ iomaid héigceirt: do ḃríġ gur ṁéaduiġeadar do ṗeacuiḋe, do rinne mé na neiṫesi riot.

16 Uimesin gaċ a sluigionn ṫusa biáid sluigṫe; agus raċaid do naiṁde uile, a ndaóirsine; agus gaċ áon dá ccreaċann ṫú biáid féin na ccreiċ, agus gaċ áon dá nairgionn tú do ḃéara misi mar arguin íad,

17 Oír aiseoga mé sláinte ḋuitsi, agus leiġeosa mé ṫú ód ċneaḋaiḃ, a deir an TIĠEARNA; do ḃríġ gur ġoireadar Díbearṫaċ ḋíot, ġa ráḋ, Isí so Sion, naċ lorgann duine ar biṫ na diáiġ.

18 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ḃéara mé ar ais braiġdionas ṗailliúin Iácob, agus do ḋéana mé trócaire air a áitiḃ coṁnuiḋe; agus cuirfiġear an ċaṫair súas air a cárn féin, agus fanfaiḋ an pálás do réir a ġnáṫa féin.

19 Agus tiucfuiḋ asda amaċ buiḋeaċus agus gúṫ na druinge do ní gáirdeaċus: agus foirlionfa mé íad, agus ní ḃéid gann; do ḋéana me fós glórṁar íad, agus ní laiġdeoċar íad.

20 Béid a cclann fós mar a nallód, agus daingneoċar a ccoṁċruinninġaḋ dom laṫairsi, agus píanfa mé a nuile ḋuine noċ ṡáruiġios íad.

21 Agus buḋ díoḃ féin a núaisle, agus biáiḋ a núaċtarán as a lár féin; agus do ḃéara misi air teaċd a ngar, agus tiucfa sé láiṁ riomsa: óir cía hé so do ċuir a ċroiḋe a ngeall ċum teaċt láiṁ riomsa? a deir an TIĠEARNA.

22 Agus buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa.

23 ¶ Féuċ, téid gáoṫ ġuáirdein an TIĠEARNA amaċ lé diḃḟeirg, tuitfiḋ gáoṫ ġuáirdein ṡíoṫḃuan maille ré péin air ċeann an ċiontuiġ.

24 Ní ḟillfiḋ fearg ḃorb an TIĠEARNA, nó go ndéarna sé é, agus nó go ccoiṁlíonfuiḋ sé toil a ċroiḋe: annsna láeṫiḃ deiġionaċa measfuiġesi é.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan