Ieremiah 29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIX. Litir Ieremiah don ṁéid ḃí a láiṁ a Mbábilon; 20 agus an deire dúḃaċ ṫig air na faiġiḃ bréugaċ. 1 Anois asiad so bríaṫra na htre do ċuir Ieremiah an fáiġ ó Ierusalem ċum na coda oile do na sinnsioruiḃ noċ rugaḋ a láiṁ, agus ċum na sagart, agus ċum na ḃfáġ, agus ċum an ṗobail uile rug Nebuċadnessar leis a láiṁ ó Ierusalem don Ḃabilóin; 2 (Tar éis Ieconiah an ríġ, an ḃainríoġan, agus na seomradóiriḋ, prionnsaḋa Iúdah agus Ierusalem, agus na sáor, agus na ngaḃann dimṫeaċt as Ierusalem;) 3 Le láiṁ Elasah ṁic Saṗan, agus Ġemariah ṁic Hilciah, noċ do ċuir Sedeciah ríġ Iúdah don Ḃabilóin go Nebuċadnessar ríġ na Babilóine ġa ráḋ, 4 Is marso a deir TIĠEARNA na sloġ, Día Israel, ris a nuile ḋuine rugaḋ ar siuḃal a láiṁ, noċ ṫug misi fa deara do ḃreiṫ ar siuḃal ó Ierusalem don Ḃabilóin; 5 Déanuiḋsi tiġṫe, agus coṁnuiġiḋ ionta; agus plannduiġiḋ gáirdíne, agus iṫiġ a ttoraḋ; 6 Tugaiḋ mná, agus geiniḋ mic agus inġeana; agus tugaiḋ mná da ḃur macaiḃ, agus tugaiḋ ḃur ninġeana dfearuiḃ, ċor go mbeirid mic agus inġeana; ċor go síolfuiḋe annsin, agus naċ laiġdeoċṫaói. 7 Agus íarruiḋ síoṫċáin na caiṫreaċ ċum a ttug misi fa deara ḃur mbreiṫ a láiṁ, agus guiḋiġ ċum an TIĠEARNA ar a son: óir iona síoṫċáinsion do ġeaḃṫáoisi síoṫċáin. 8 ¶ Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Ná meallaidís ḃur ḃfáiġe siḃ agus ḃur ngeasadóiriġ, noċ atá ann ḃur lár, agus ná héistiḋe ré ḃur naislingiḃ noċ do ḃearṫaói fá deara dfaícsin. 9 Oír tairrġirid go bréagaċ ḋiḃ ann mainmsi: ní mé do ċuir uáim íad, a deir an TIĠEARNA. 10 ¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Tar éis ṡeaċdṁoġad blíaḋan do ċoiṁlíonaḋ san Mbaibilóin tiucfa mé ar cuáirt ċugaiḃ, agus coiṁlíonfa mé mḟocal maiṫ ḋíḃ, ag taḃairt oruiḃ filleaḋ don náitse. 11 Oír atá fios na smuáintiġeaḋ smuáinim dá ḃur ttáoḃ agum, a deir an TIĠEARNA, smuaintiġṫe síoṫċána, agus ní uile, do ṫaḃairt críċe agus doṫċus díḃ. 12 Annsin goirfiḋe orumsa, agus raċfuiḋe agus guiḋfiḋe ċugamsa, agus éistfiḋ mé riḃ. 13 Agus íarrfuiḋe mé, agus do ġeaḃṫaói mé, a nuáir spíonfuiḋe dom íarruiḋ maille re ḃur nuile ċroiḋe. 14 Agus biáiḋ misi ar faġáil agaiḃ, a deir an TIĠEARNA: agus fillfiḋ mé ar ais ḃur ndaóirsi, agus cruinneoċa mé siḃ ó na huile ċineaḋ, agus as gaċ uile áit ion ar ḋíbir mé siḃ, a deir an TIĠEARNA; agus do ḃéara mé siḃ a rís ċum na háite as a ttug mé fá deara ḃur mbreiṫ a láiṁ. 15 ¶ Do ḃríġ go nduḃraḃair, Do ṫóig an TIĠEARNA fáiġe suas dúinn san Mbabilóin; 16 Bíoḋ a ḟios aguiḃ gur marso a deir an TIĠEARNA ris an ríġ ṡuiġios ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus ris na huile ḋaóiniḃ áitreaḃus annsa ċaṫruiġsi, agus re ḃur ndearḃráiṫriḃ naċ deaċuiḋ amaċ liḃ a mbraiġdionas; 17 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Féuċ, cuirfiḋ mé an cloiḋioṁ orra, an ġorta, agus an ṗláiġ, agus do ḋéana mé cosṁuil ré fígiḃ loḃṫa íad, naċ féidir diṫe, air a nolcus. 18 Agus ainleanfuiḋ mé íad leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, agus seaċoduiġ mé íad da mbreiṫ go huile rioġaċtuiḃ na tahnhan, dá mbeiṫ na malluġaḋ, na núaṫḃás, agus na magaḋ, agus na scannail a measg na nuile ċineaḋaċ ann ar ḋíbir mé íad. 19 Do ḃríġ nar éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, a deir an TIĠEARNA, noċ do ċuir mé ċuca le mo ṡeirḃíseaċaiḃ na fáiġe, ag éirġe súas go moċ agus dá ccur uáim; aċd níor ḃáill liḃ éisteaċd, a deir an TIĠEARNA. 20 ¶ Eistiḋe ar a naḋḃarsin briaṫra an TIĠEARNA, a ḃraiġde uile, noċ do ċuir mé ó Ierusalem don Ḃabilóin: 21 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, a ttáoḃ Ahab ṁic Colaiah, agus Ṡedeciah ṁic Maaseiah, noċ ṫairrġirios bréag ḋiḃ an mainmsi; Féuċ, seaċóduiġ mé íad a láiṁ Nebuċadnessar ríġ na Babilóine; agus muirfiḋ sé íad as ċoinne ḃur súl; 22 Agus úaṫasan tóigfiġṫear súas malluġaḋ re braiġdiḃ Iúdah uile atá san Ḃabilóin, ġa ráḋ, Go ndéarna an TIĠEARNA ṫusa cosṁuil re Sedeciah agus cosṁuil re Ahab, noċ do róst ríġ na Babilóine annsá teine; 23 Do ḃríġ go ndearnadar aḋnáir ann Israel, agus go ndéarnadar aḋaltrannas ré mnáiḃ a ccoṁarsan, agus mar do laḃradar bríaṫra bréagaċa ann mainmse, naċ ar aiṫin mé ḋíoḃ; agus atá a ḟios agamsa, agus is fíaḋnuisi mé, a deir an TIĠEARNA. 24 ¶ Marso fós a déara tú re Semaiah an Nehelamíteaċ, ġa ráḋ, 25 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, ġa ráḋ, Do ḃríġ gur ċuir tú litreaċa ann hainm ċúm a ḃfuil do ḋaóiniḃ ann Ierusalem, agus go Seṗaniah ṁac Maaseiah an sagart, agus ċum na ságart uile, ġa ráḋ, 26 Do rínne an TIĠEARNA sagart díotsa a náit Iehoiada an sagart, ċor go mbeiṫí ḃur noifigeaċuiḃ a ttiġ an TIĠEARNA, ar son gaċ nduine dá ḃfuil ar mire, agus do ní fáiḋ ḋe féin, go ccuirféa a bpríosún é, agus annsna ceapuiḃ. 27 Anois ar a naḋḃarsin cred fa nar iomaiṫḃir tú Ieremiah ó Anatot, noċ do ní fáiġ ḋe féin diḃsi? 28 Oír uimesin do ċuir sé ċugainne san Ḃabilóin, ġa ráḋ Is fada an daoirsesi: déanuiḋ tiġṫe ḋíḃ féin, agus coṁnuiġiḋ ionta; agus plannduiġiḋ gáirdíne, agus iṫiḋ dá ttoraḋ. 29 Agus do léiġ Seṗaniah an sagart an litirsi a cclúsaiḃ a nfáiġ Ieremiah. 30 ¶ Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Ieremiah, ġa ráḋ, 31 Cuir fios ċum na mbraiġde uile, ag ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA a ttaoḃ Ṡemaiah an Nehelamiteaċ; Do ḃríġ gur ṫairġir Semaiah ḋíḃ, agus naċ misi do ċuir uáim é, agus go ttug se oruiḃ dóṫċus do ċur a mbréig: 32 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, diġeola mé ar Ṡemaiah an Nehelamiteaċ, agus air a ṡlioċd na ḋiáiġ: ní ḃiáiḋ duine aige áitreoḃus a measc na ndaóinesi; ní mó ċífiḋ sé an ṁaiṫ do ḋéana mé air mo ṗobal, a deir an TIĠEARNA; do ḃríġ gur ṫeagaisg sé cogaḋ a nagaiḋ an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society