Ieremiah 27 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVII. Aṫ‐ṫairrgir ar ḋaóirsine Iudah, agus riġeaċda oile. 1 Attosaċ rioġaċt Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah, ṫáinic an focalso go Ieremiah ón TTIĠEARNA, ġa ráḋ, 2 Is marso a deir an TIĠEARNA riomsa; Déan ḋuit féin cuiḃreaċ agus cuingleaċ, agus cuir air do ṁuineal íad, 3 Agus cuir íad go ríġ Edom, agus go ríġ Ṁoab, agus go ríġ na Namoriteaċ, agus go ríġ Tíor, agus go ríġ Sídon, lé láiṁ na tteaċta ṫiucfas go Hierusalem go Sedeciah ríġ Iúdah; 4 Agus aiṫin díoḃ a ráḋ ré na maiġistríḃ, Is marso a deir TIĠEARNA na sloġ, Día Israel; Is marso a déarṫaoi ré ḃur maiġistriḃ. 5 Do rinne mé an talaṁ, an duine agus an beaṫaċ atá air an ttalaṁ, lem ṁórċuṁaċt agus lém láiṁ sínte amaċ, agus ṫug mé é don tí do ċonncas iomċuḃaiḋ ḋaṁ. 6 Agus anois ṫug mé na fearainnsi uile a láiṁ Nebuċadnesar ríġ na Babilóine, mo ṡeirḃíseaċ; agus ṫug mé ḋó fós beaṫuiġe an ṁaċaire dfoġnaṁ ḋó. 7 Agus foiġeonuid na huile ċineaḋaċa ḋó, agus da ṁac, agus do ṁac a ṁaciḃ, nó go ttí am cinnte a ṫíre: agus annsin do ḃéaraid mórán cineaḋaċ agus ríġṫe móra airsion foġnaṁ ḋóiḃ. 8 Agus tiucfaiḋ a ccríċ, giḋ bé cineaḋ ná rioġaċt naċ ḃfoiġeonuiḋ don Nebuċadnessar ċéadnasan ríġ na Babilóine, agus naċ ccuirfe a muinéil fa ċuing ríġ na Babilóine, smaiċteoċa misi an cineaḋsin, a deir an TIĠEARNA, leís an ccloiḋeaṁ, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, nó go scriosta mé iad le na láiṁsion. 9 Uimesin ná héistiġsi re ḃur ḃfaiġiḃ, nó re ḃur ḃfáistineaċaiḃ, nó ré ḃur naislingṫeaċaiḃ, nó ré ḃur ndraóiṫiḃ, nó ré ḃur ngeasadóiriḃ, laḃrus riḃ, ġá ráḋ, Ní ḟoiġeontuiḋe do ríġ na Babilóine: 10 Oír is faiġeadóireaċt ḃréige do níd díḃ, dá ḃur náṫarruġaḋ a bfad ó ḃur ndúṫaíġ; agus go ndíbeoruinnsi amaċ siḃ, agus go raċaḋ siḃ a muġa. 11 Aċt na cineaḋaċa do ḃeir a muinéil fá ċuing ríġ na Babilóine, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó, léigfiḋ mé ḋóiḃ sin fuireaċ a ccoṁnuiḋe ann a ttír féin, a deir an TIĠEARNA; agus sáoṫroċuid é, agus coiṁneoċuid ann. 12 ¶ Do laḃair mé fós ré Sedeciah ríġ Iúdah do réir na mbríaṫarso uile, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur muineil fa ċuing ríġ na Babilóine, agus oiriḋ ḋó agus da ṁuinntir, agus máiriḋ. 13 Cred as a néagfaḋ siḃ, ṫú féin, agus do ṁuinntir leis an ccloiḋeaṁ, leis an ngorta, agus leis an bpláiġ, mar do laḃair an TIĠEARNA a naġaiḋ an ċiniḋ naċ oirfiḋ do ríġ na Babilóine? 14 Ar a naḋḃarsin ná héistiġ re bríaṫruiḃ na ḃfáġ a deir riḃ, ġa ráḋ, Ní óirfiḋe do ríġ na Babilóine: óir is fáiġeadoireaċt bréige do níd ḋíḃ. 15 Oír ni misi do ċuir uáim íad, a deir an TIĠEARNA, giḋeaḋ tairrġírid síad bréag ann mainm; ċor go ndíbéoruinn siḃ amaċ, go raċaḋ siḃ a muġa, siḃ féin, agus faiġe ṫairrġirios diḃ. 16 ¶ Do laḃair mé fós ris na sagartaiḃ agus ris an bpobal so uile, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; Ná héistiġ ré bríaṫra ḃur ḃfáġ ḟáistineas díḃ, ġa ráḋ, Féuċ, fillfid soiġṫiḋe ṫiġe an TIĠEARNA a nois go goirid ón Ḃabilóin: óir tairrġirid bréag ḋíḃ. 17 Ná héistiġ ríu; foġnuiġiḋ do ríġ na Babilóine, agus beiṫí beó: cred as a ḃfúicfíṫi an ċaṫairse na bán? 18 Aċt más faiġe íad, agus má atá bríaṫar an TIĠEARNA léo, déanaidis anois eadarġuiḋe ċum TIĠEARNA na slóġ, ċor naċ ttíaġaid na sóiġṫiḋe do fágḃaḋ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a ttiġ ríġ Iúdah, agus ann Ierusalem, don Ḃabilóin. 19 ¶ Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, a ttaoḃ na bpiléur, agus a ttáoḃ na fairge, agus a ttáoḃ na ḃfulaingeaḋ, agus a ttáoḃ ḟuiġill na soiṫeaċ dfan annsa ċaṫruiġsi. 20 Noċ rug Nebuċadnessar ríġ na Babilóine leis, a nuáir rug sé Ieconiah ṁac Iehoiacim ríġ Iúdah a láiṁ leis ó Ierusalem don Ḃabilóin, agus uáisle Iúdah agus Ierusalem; 21 Aseaḋ, is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, a ttaoḃ na soiṫeaċ do fágḃaḋ a ttiġ an TIĠEARNA, agus a ttiġ ríġ Iúdah agus Ierusalem; 22 Béarṫar don Ḃabilóin íad, agus béid annsin nó go ttige an lá fa raċa misi da ḃfaícsin, a deir an TIĠEARNA; annsin do ḃéara misi a níos íad, agus aiseoguiḋ mé don náitsi íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society