Ieremiah 26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXVI. Ieremiah a láṁ arson na firinne inniseaḋ go follas, 16 do ṡáoraḋ le daoiniḃ cráiḃteaċa é. 1 Attosaċ rioġaċta Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah ṫáinic an bríaṫarso ón TTIĠEARNA, ġa ráḋ; 2 Is marso a dear an TIĠEARNA, Seas a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA, agus laḃair ré huile ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, noċ ṫig go tiġ an TIĠEARNA daḋraḋ, na huile ḃríaṫra aiṫeonus misi ḋíot do laḃairt ríu; na laġduiġ áon ḟocal. 3 Má éistid síad riot, agus go ḃfillfiḋ gaċ áonduine ó na ḋroiċṡliġe, ċor go mbía aiṫreaċus orumsa fa nolc, do ṫionnscuin mé do ḋéanaṁ orra tre olcus a ngníoṁ. 4 Agus a déara tú ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA; Muna núṁluiġṫí ḋaṁsa do ṡiuḃal ann mo ḋliġeaḋ, noċ do ċuir mé roṁuiḃ, 5 Déisteaċt re bríaṫruiḃ mo ṡeirḃíseaċ na fáiġe, noċ do ċuir mé ċugaiḃ, aráon ag eírġe air maidin, agus da ccur uáim, aċt níor éisteaḃair; 6 Annsin do ḋéana misi an tiġse cosṁuil ré Síloh, agus do ḋéana mé an ċaṫairsi na malluġaḋ do uile ċineaḋaċuiḃ na talṁan. 7 Marsin do ċúaladar na sagairt agus na fáiġe agus an pobul uile Ieremiah ag ráḋ na mbríaṫarso a ttiġ an TIĠEARNA. 8 ¶ Anois tárla, a nuáir do ċríoċnuiġ Ieremiah do laḃairt ar a nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA ḋe do ráḋ ris an bpobal uile, gur ġlacadar na sagairt agus na fáiġe agus an pobal uile é, ga ráḋ, Go deiṁin cuirfíġear ċum báis ṫú. 9 Cred fár ṫairrġir tú a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Biáiḋ an tiġso cosṁuil re Síloh, agus biáiḋ an ċaṫairsi uáigneaċ gan áitreaḃṫaċ? Agus dó ċruinniġ an pobal uile a naġaiḋ Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA. 10 A nuáir do ċúaladar prionnsaḋa Iúdah na neiṫesi, annsin ṫangadar súas ó ṫiġ an ríġ go tiġ an TIĠEARNA, agus do ṡuiġeadar síos a ndul a steaċ an ġeata núaiḋ ṫiġe an ṪIĠEARNA. 11 Ann sin do laḃradar na sagairt agus na fáiġe ris na prionnsaḋuiḃ, agus ris an bpobal uile, ḋa ráḋ, Atá breaṫaṁnus báis air an ḃfearso; óir do ṫairrġir sé a naġaiḋ na caiṫreaċso, mar do ċúalaḃair lé ḃur cclúasaiḃ. 12 ¶ Annsin do laḃair Ieremiah ris na prionnsaḋuiḃ uile, agus ris an bpobal, ag ráḋ, Do ċuir an TIĠEARNA misi dfáiġeadóireaċt a naġaiḋ an tiġese, agus a naġaiḋ na caiṫreaċso na huile ḃríaṫra do ċúalaḃair. 13 Uimesin a nois leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus uṁlúiġiḋ do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía; agus biáiḋ aiṫreaċuis air an TTIĠEARNA ó nolc dfúagair sé ḃur naġaiḋ. 14 Ar mo ṡonsa, féuċ, atáim ann ḃur láiṁ: déanuiḋ riom mar is feárr, agus mar is iomċuḃaiḋ do ċítior ḋíḃ. 15 Aċt bíoḋ a ḟios aguiḃ go dearḃṫa, má ċuirṫí misi ċum báis, go ttiuḃarṫaói go deiṁin fuil neiṁċiontaċ oruiḃ féin, agus air an ccaṫruiġsi, agus air a háitreaḃṫaċaiḃ: óir go fírinnioċ do ċuir an TIĠEARNA misi ċuguiḃ do laḃairt na mbríaṫarso uile ann ḃur cclúasaiḃ. 16 ¶ Annsin a dúḃradar na prionnsaḋa agus an pobal uile ris na sagartuiḃ agus ris na fáiġiḃ; Ní cóir an fearso do ċuir ċum báis: óir do laḃair sé rinn a nainm an TIĠEARNA ar Ndía. 17 Ann sin déiriġ súas cuid do ṡeanóiriḃ na tíre, agus do laḃradar re huile oireaċtus an ṗobail, ġa ráḋ, 18 Do ṫairrġir Micah an Morasíteaċ a laéṫiḃ Heseciah ríġ Iúdah, agus do laḃair sé ré muinntir Iúdah uile, ġa ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Treaḃṫaċar Sion aṁuil maċaire, agus do ḋéantar caírn do Ierusalem, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ arda na foraoise. 19 Ar ċuir Heseciah ríġ Iúdah agus Iúdah uile ċum báis ar aonċor é? naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA air, agus naċ ar íarr sé an TIĠEARNA, agus naċ ar ḃaiṫreaċ leis an TTIĠEARNA an tolc dfúagair sé na naġuiḋ? Marso do ḋéanamaoisne olc mór a naġaiḋ ar nanmann. 20 Agus do ḃí fós óglaċ do ṫairrgir a nainm an TIĠEARNA, Uriah ṁac Semaiah do Ċiriat‐iearim, noċ do ṫairġir a naḋuiġ na caíṫreaċso agus a naġaiḋ na tíreso do réir uile ḃríaṫra Ieremiah: 21 Agus a nuáir do ċúaluiḋ Iehoiacim an ríġ maille re na ḋaóiniḃ cuṁaċtaċa uile, agus na prionnsaḋa uile, a ḃríaṫra, díarr an ríġ a ċur ċum báis: agus an tan do ċúaluiḋ Uriah sin, do ḃí sé eaglaċ, agus do ṫeiṫ sé, agus do ċuáiḋ sé don Négipt; 22 Agus do ċuir Iehoiacim an ríġ daóine don Négipt, Elnatan ṁac Aċbor, agus daóine áiriġ maille leis don Négipt. 23 Agus ṫugadar Uriah amaċ as an Négipt, agus rugadar go Iehoiacim an ríġ é; noċ do ṁarḃ leis an ccloiḋeaṁ é, agus do ṫeilg a ċorp marḃ a nuáiġiḃ na ndaoine gcoitċionn. 24 Ṫairis sin do ḃí láṁ Ahicam ṁic Saṗan ré Ieremiah, go naċ ttiuḃraidís é a láiṁ an pobail dá ċur ċum báis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society