Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 25 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Tairrgir ar ḃruid Iúdah, 12 scrios Ḃabiloin, 15 agus ḃúalaḋ na gcineaḋaċ.

1 An ḃriaṫar noċ ṫáinic go Ieremiah a ttaoḃ ṗobail Iúdah uile annsa ċeaṫraṁaḋ blíaḋuin do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah, ba hí sin an ċéidḃlíaḋuin do Nebuċadressar ríġ na Babilóine;

2 Noċ do laḃair an fáiġ Ieremiah re pobal Iúdah uile, agus ré muinntir Ierusalem uile, ġa ráḋ,

3 On treas blíaḋain déug do Iosiah ṁac Amon ríġ Iúdah, eaḋon go nuige an lása, (sé sin an treas blíaḋan fíṫċiod,) ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugamsa, agus do laḃair mé riḃsi, ag moċéirġe agus ag laḃairt; aċt níor éisteaḃair.

4 Agus do ċuir an TIĠEARNA ċugaiḃ a uile ṡeirḃísiġ na fáiġe, ag éirġe go moċ agus dá ccur úaḋ; aċt níor éisteaḃairse, ní mó do ċláonaḃair ḃur cclúas do ċluinsion.

5 A dúḃradarsan, Filliḋsi anois gaċ áon aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus ó olc ḃur ngníoṁ, agus áitreaḃuiḋ annsa tír ṫug an TIĠEARNA ḋiḃ féin agus dá ḃur naiṫriḃ go sáoġal na sáoġal:

6 Agus ná himṫiġiḋ a ndiáiġ dée oile dfoġnaṁ ḋóiḃ, agus dá naḋraḋ, agus ná brostuiġiḋe misi ċum feirge lé hoibreaċaiḃ ḃur láṁ; agus ní ḋéana mé doċar ar biṫ ḋiḃ.

7 Giḋeaḋ níor éisteaḃair riom, a deir an TIĠEARNA; ċor go ccoirreoċaḋ siḃ mé ċum feirge lé hoibreaċaiḃ ḃur láṁ ċum ḃur ndoċair féin.

8 ¶ Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Do ḃríġ nár éisteaḃair mo ḃriaṫra,

9 Féuċ, cuirfiḋ mé uáim agus glacfa mé muinnteara an tuáiscceirt uile, a deir an TIĠEARNA; agus Nebuċadressar ríġ na Babilóine, mo ṡeirḃíseaċ, agus do ḃéara mé a naġaíḋ na tírese íad, agus a naġaíḋ a háitreaḃṫaċ, agus a naġaíḋ na ccineaḋaċ so uile timċioll fa ccuáirt, agus scriosfuiḋ mé ṫríd amaċ íad, agus do ḋéana mé úaṫḃás díoḃ, agus sgige, agus fásaċ síorruiḋe.

10 Tuilleaṁ oile ḃéara mé úaṫa gúṫ an tsúgarṫa, agus gúṫ na lúaṫġáire, gúṫ a nfír núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta, tormán na brón muilinn, agus solus na coinnle.

11 Agus biáiḋ an talaṁso uile na ḟásaċ, agus na úaṫḃás; agus foiġeonuid na cineaḋaċa do ríġ na Babilóine seaċdṁoġad blíaḋan.

12 ¶ Agus tiucfaiḋ a ccríċ, a núair ċoiṁlíontar seaċtṁoġad blíaḋan, ḃéara mé cuáirt ar ríġ na Babilóine, agus air an ccineaḋso, a deir an TIĠEARNA, do ḃriġ a néigceirt, agus air ḋúṫaiġ na Ccaildéanaċ, agus do ḋéana mé fásaċ síoṫḃúan díoḃ.

13 Agus do ḃéara mé air an ttalaṁsin muile ḃríaṫra noċ do laḃair mé na haġaíḋ, eaḋon a nuile ní dá bfuil scríoḃṫa annsa leaḃarso, noċ do ṫairrġir Ieremiah a naġaíḋ na ccineaḋaċ uile.

14 Oír foiġeonuid mórán cineaḋaċ agus ríġṫe móra ḋóiḃ féin díoḃsan mar an ccéadna: agus cúiteoċuid ríu do réir a ngníoṁ, agus do réir oibreaċ a láṁ féin.

15 ¶ Oír is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel riomsa; Glac cupán fíona na díḃḟeirgesi as mo láiṁ, agus taḃair ar na huile cineaḋ, gus a ccuirfe misi ṫú, ol de.

16 Agus ioḃuid é, agus ccoirreoċṫar íad, agus béid ar buile, do ḃríġ an ċloiḋiṁ ċuirfios mé iona measg.

17 Annsin do ġlac misi an cupán as láiṁ an TIĠEARNA, agus ṫug mé ar na cineaḋaċaiḃ uile a ól, ċum ar ċuir an TIĠEARNA mé:

18 Mar atá Ierusalem, agus caiṫreaċa Iúdah, agus a ríġṫesin, agus a prionnsuiḋe, do ḋéanaṁ fásaiġ ḋíoḃ, agus úaṫḃáis, agus magaiḋ, agus malluiġṫe; mar atá a niuġ;

19 Ṗárao ríġ na Hégipte, agus a ṡeirḃisiġ, agus a ṗrionnsaḋa, agus a ḋaoine uile;

20 Agus na daóine cumaisc uile, agus uile riġṫe ṫíre Us, agus uile ríġṫe ṫíre na Ḃṗilistíneaċ, agus Ascelon, agus Assah, agus Ecron, agus fuiġioll Asdod,

21 Edom, agus Moab, agus clann Ammon,

22 Agus uile ríġṫe Tíor, agus uile ríġṫe Sídon, agus ríġṫe na noileán noċ atá taoḃ ṫall dfairge,

23 Dedan, agus Tema, agus Bus, agus gaċ a ḃfuil annsna corruiḃ is faide amaċ,

24 Agus uile ríġṫe na Harábia, agus uile ríġṫe na muinntire cumúiscṫe áitreaḃus annsa díoṫraṁ,

25 Agus uile ríġṫe Simri, agus uile ríġṫe Elam, agus uile ríġṫe na Médianaċ.

26 Agus uile ríġṫe an tuáisceirt, a goéin agus a ḃfogus, ó áon go ċéile, agus uile rioġaċda an doṁuin, noċ atá ar ġnúis na talṁan: agus íoḃuiḋ ríġ Sesaċ na ndiáiġ so.

27 Ar a naḋḃarsin a déura tú ríu, Is mar so a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Iḃiḋ, agus bíṫí ar meisce, agus sceiṫiḋ, agus tuitiḋ, agus na héirġiḋe ní as ṁó, do ḃríġ an ċloiḋiṁ ċuirfeas mé ḃur measc.

28 Agus is aṁluiġ ḃías, má ḋíultuid an cupán do ġlacaḋ as do láiṁ dá ól, annsin a déara tú ríu, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Go deiṁin ioḃṫuiḋse.

29 Oír, féuċ, tosuiġimse ar olc do ṫaḃairt air an ccaṫruiġ noċ goirṫear ann mainm, agus an mbía siḃsi go hiomlán gan smaċduġaḋ? Ní ḃeiṫí gan smaċtuġaḋ: óir goirfiodsa air ċloiḋioṁ ċum uile áitreaḃṫaċ na talṁan, a deir TIĠEARNA na slóġ.

30 Ar a naḋḃarsin tairrġir ṫusa na naġaiḋ na bríaṫraso uile, agus abair ríu, Núallfuidb an TIĠEARNA ó nárd, agus laiḃeóruiḋ sé ó na áitreaḃ náoṁṫa, béicfiḋ sé go cúruhaċdaċ ar a áit ċoṁnuiḋe; agus do ḃéara sé gáir, aṁuil an drong ḃrúiġios na tarpainne, a naġaíḋ uile áitreaḃṫaċ na talṁan.

31 Tiucfaiḋ tormán go himliḃ na talṁan; óir atá imreasan ag an TTIĠEARNA ris na cineaḋaċaiḃ, taigeoruiḋ sé ris a nuile ḟeóil, do ḃéara sé an dream atá go holc, don ċloiḋeaṁ, a deir an TIĠEARNA.

32 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, raċaiḋ olc amaċ ó ċineaḋ go cíneaḋ, agus tóigfiġear gáoṫ ṁór súas ó imliḃ na talṁan.

33 Agus béid mairḃ an TIĠEARNA an lá sin ó ċorr don talaṁ go nuige an ccuir oile don talaṁ: ní ċaóinfíġear íad, ní ċruinneoċṫar íad, ní mó aḋlocṫar íad; béid na naóileaċ air an ttalaṁ.

34 ¶ Núalluíḋsi, a ṫréaduiġe na ccáoráċ, agus eiġiḋ; agus unfuirtíġe siḃ féin a lúaiṫreaḋ, a ḋrong is prinnsiopallta don tréud: óir do coiṁlíonaḋ láeṫe ḃur náir agus ḃur niomscaóilte; agus tuitfiḋe aṁuil soiṫeaċ dúileaṁuil.

35 Agus ní ḃiáiḋ conair teiṫṁe ar biṫ ag na háoḋairiḃ cáoraċ, nó ag an ccuid is féarr do na tréaduiġiḃ ar dul as.

36 Cluinfiġear nuáill éiġiṁ an tréaduiġe, agus gúḃa ṫoġa an tréada: óir do ṁill an TIĠEARNA a ninnḃior.

37 Agus atáid na háite coṁnuiḋe síoṫċánta, ar na ngearraḋ síos tre ḟeirg ḟioċṁair an TIĠEARNA.

38 Do ṫréig sé a ḋíon, aṁuil an leoṁan: óir atá a ttír úaigneaċ tre ḋíḃḟeirg an ṁillteora, agus tré a ḟeirg ḟíoċṁairsion.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan