Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Taisbeanuid fígeaḋa maiṫe na daóine uṁla, do filleas ó ḃruid: 8 agus droiċḟigeaḋ, Sedeciah agus an drong ċlaoiḋtear.

1 Do ṫaisbéin an TIĠEARNA ḋaṁsa, agus, féuċ, do cuireaḋ ḋá ċlíaḃ fígeaḋ as coinne ṫeampuill an TIĠEARNA, a ndíaiġ Nebuċad‐ressar ríġ na Babilóine do ḃreiṫ Ieconiah ṁic Iehoiacim ríġ Iúdah leis a láiṁ, agus prionnsaḋa Iúdah, maille ris na sáoruiḃ, agus leis na gaiḃniḃ, ó Ierusalem, agus rug leis don Ḃabilóin íad.

2 Do ḃádar fígeaḋa maiṫe a cclíaḃ ḋíoḃ, eaḋon cosṁuil rís na fígiḃ ḃíos abuiḋ ar tús: agus an clíaḃ oile iona raḃadar figeaḋa ro olca, naċ ar ḃféidir diṫe, air a nolcus.

3 Ann sin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Cred do ċí tú, a Ieremiah? Agus a dúḃairt misi, Fígeaḋa; na fígeaḋa maiṫe, ro ṁaiṫe; agus na droiċḟígeaḋa ro olca, naċ bféidir diṫe, air a nolcus.

4 ¶ Ṫáinic a rís bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ḋa ráḋ,

5 Is marso a deir an TIĠEARNA, Día Israel; Aṁuil na fígeaḋ maiṫesi, is marsin aideoṁus misi an luċt rugaḋ ar siuḃal a láiṁ do Iúdah, noċ do ċuir mé amaċ as a náitsi go tír na Ccaldéanaċ ar ṁaiṫ ríu.

6 Oír cuirfiḋ mé mo ṡúile orra ar ṁaiṫ, agus do ḃéara mé don dúṫaiġsi a rís íad: agus cuirfiḋ mé súas íad, agus ní ṫairreonga mé síos íad; agus plainndeoċa mé íad, agus ní ṫairreonga mé a níos íad.

7 Agus do ḃéara mé croiḋe ḋóiḃ dom aiṫniuġaḋ, gur mé an TIĠEARNA: agus béid na bpobal agamsa, agus biáiḋ misi am Ḋía acasan: óir fillfid síad ċugam maille re na nuile ċroíḋe.

8 ¶ Agus aṁuil na droiċḟígeaḋ, naċ féidir diṫe, air a nolcus; (go deiṁin is marso a déir an TIĠEARNA,) Is aṁluiġ sin ṡeaċódus mé Sedeciah ríġ Iúdah, agus a ṗrionnsaḋa, agus an ċuid oile do Ierusalem, atá dfuiġioll ann sa tírsi, agus an drong ċoṁnuiġios a gcríċ na Hégipte:

9 Agus seaċóduiġ mé íad ċum a náiṫruġaḋ go huile rioġaċdaiḃ na talṁan ċum a ndoċair, dá mbeiṫ na scannail agus na seanḟocal, na magaḋ agus na malluġaḋ, annsna huile áitiḃ a ndíbéora mé íad.

10 Agus cuirfiḋ mé an cloiḋeaṁ, an ġorta, agus an ṗláiġ, iona measc, nó go scriostar íad as an ttalaṁ ṫug mé ḋóiḃ féin agus dá naiṫriḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan