Ieremiah 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Cruinneoċaiḋ Día fuiġioll a ṫréada, 4 agus cuiriḋ buaċaille os a ccionn, 5 agus Criosd na ard‐aoḋaire. 1 Aṁairg do na háoḋairiḃ sgriosas agus sgabus caóiriġ minḃir! a deir an TIĠEARNA. 2 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel a naġaiḋ na náoḋaireaḋ ḃíaṫas mo ṗobal; Do scabaḃair mo ṫréud, agus do ḋíbreaḃair seaċad íad, agus níor ḟiosruiġeaḃair íad: féuċ, diġeola misi oruiḃsi uilc ḃur ngníoṁ, a deir an TIĠEARNA. 3 Agus cruinneoċa mé fuiġioll mo ṫréada as gaċ uile ṫír ann ar ḋíbir mé íad, agus do ḃéara mé a rís íad dá máinreaċaiḃ; agus béid síolṁar agus foirlíonfuid síad. 4 Agus cuirfe mé súas áoḋaireaḋ ós a ccionn noċ ḃeaṫoċus íad: agus ní ḃéid eaglaċ ní sa mó, ní ḃéid anḃfann, agus ní ḃiáiḋ easḃuiġ orra, a deir an TIĠEARNA. 5 ¶ Féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttoigfe mé do Ḋáiḃi Beangán fíréunta, agus ríġfiḋ Ríġ, agus béara sé buáiḋ, agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus agus ceart annsa talaṁ. 6 Táirṫeóċṫar Iúdah iona láeṫiḃsion, agus coiṁneoċuiḋ Israel a ndóṫċus: agus isé so ainm re ngoirfiġear é, AN TIĠEARNA AR ḂFIREUNTAĊT. 7 Agus ar a naḋḃarsin, féuċ, tiucfaid na laeṫe, a deir an TIĠEARNA, naċ aibeoruid síad ní sá ṁó, Mairiḋ an TIĠEARNA, noċ ṫug a níos clann Israel as críċ na Hégipte; 8 Aċt, Mairiḋ an TIĠEARNA, noċ ṫug a níos agus do ṫréoruiġ slioċd tiġe Israel amaċ as an dtír ṫuáiġ, agus as gaċ uile ṫíorṫa ionar ḋíbir mé íad; agus coiṁneoċuid síad iona ndúiṫċe féin. 9 ¶ Atá mo ċroiḋe ionnam a stiġ briste, do ḃríġ na ḃfáġ, crioṫnuiġid mo ċnáṁa uile; is cosṁuil ré fear meisce mé, agus is cosṁuil re fear noċ do ċlaóiḋiġ fíon mé, do ḃriġ an TIĠEARNA, agus do ḃríġ ḃriaṫar a náoṁṫaċta. 10 Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart. 11 Oír atá an fáiġ agus an sagart araon neiṁḋiaḋa; aseaḋ, ann mo ṫiġ fuáir mé a néigceart, a deir an TIĠEARNA. 12 Ar a naḋḃarsin biáiḋ a sliġe ḋóiḃ aṁuil sliġṫe sleaṁna annsa dorċadus: díbeorṫar ar a naġáiḋ íad, agus tuitfid annsin: óir do ḃéara misi olc orra, eaḋon blíaḋuin a ḃféuċana, a deir an TIĠEARNA. 13 Agus do ċonnairc mé amadánaċt a ḃfáiġiḃ Ṡamária; do ṫairrġireadar tre Ḃaal, agus ṫugadar ar mo ṗobal Israel earráid do ḋéanaṁ. 14 Do ċonnairc mé fós a ḃfáiġiḃ Ierusalem ní adḟúaṫṁar: do níd aḋaltrannas, agus siuḃluiġid a mbréaguiḃ, neartuiġid fós láṁa luċt na míġníoṁ, go naċ ḃfillean áonduine ó na olc: atáid uile ḋaṁsa aṁuil Sodom, agus a háitreaḃṫuiġ aṁuil Gomorrah. 15 Uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ a ttáoḃ na ḃtáġ; Féuċ, beaṫoċa mé íad lé murmónta, agus do ḃéara mé orra uisge domblais dól: óir do ċuáiḋ neiṁḋíaġaċd amaċ ó ḟáiġiḃ Ierusalem tres an dúṫaiġ uile. 16 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Ná héistiġ re bríaṫruiḃ na ḃfáġ ṫairrġirios díḃ: do níd síad díoṁaóin siḃ, laḃruid fis a ccroiḋe féin, agus ní has béul an TIĠEARNA. 17 A deiríd síad a ccoṁnuiḋe ris a ndruing ṫarcuisniġios mé, A dúḃairt an TIĠEARNA, Do ġeaḃṫaoi síoṫċáin; agus a deirid síad re gaċ aon dá siuḃluiġionn do réir smuáineaḋ a ċroiḋe féin, Ní ṫiucfuiḋ olc ar biṫ oruiḃ. 18 Oír cía ṡeas a ccoṁairle an TIĠEARNA, agus do ċonnairc agus do ċúaluiḋ a ḃríaṫar? cía ċoṁarṫuiġ a ḃríaṫar, agus do ċúaluiḋ í? 19 Féuċ, do ċuáiḋ gáoṫ ġuáirdéain amaċ ón TTIĠEARNA a ndíḃḟeirg, eaḋon gaoṫ ġarḃ ġuáirdéain: tuitfiḋ sí go doilġiosaċ ar ċeannuiḃ na ndroċḋaóine. 20 Ní ḟillfiḋ fearg an TIĠEARNA, nó go ccríoċnuiġiḋ sé, agus go ccoiṁlíonuiḋ sé smuáintiġṫe a ċroiḋe: measfuiḋesi sin go diongṁalta annsna láeṫiḃ déiġionaċa. 21 Ní misi do ċuir na fáiġesi uáim, giḋeaḋ do riṫiodar: níor laḃair mé ríu, giḋeaḋ do ṫairrġireadar. 22 Aċt da seasaidis ann mo ċoṁairlesi, agus go ttiuḃraidís ar mo ḋaóiniḃ mo ḃriaṫra déisteaċd, annsin dfillfedis íad ó na ndroiċsliġe, agus ó uilc a ngníoṁ. 23 An Día a ngar misi, a deir an TIĠEARNA, agus naċ Día mé a ḃtad uáit? 24 An ḃféadann áonduine e féin dfolaċ a náitiḃ uaigneaċa naċ ḃfaidfiḋ misi é? a deir an TIĠEARNA. Naċ lionomsa neaṁ agus talaṁ, a deir an TIĠEARNA. 25 Do ċúala mé cred a dúḃradar na fáiġe, noċ ṫairrġirios bréaga ann mainmsi, ġa ráḋ, Daisling mé, daisling mé. 26 Ga fad ḃías so a gcroiḋṫiḃ na ḃfáġ ṫairrġirios bréaga? a seaḋ, atáid na ḃfáiġiḃ ceilge a ccroiḋe féin; 27 Noċ ṡaóileas a ṫaḃairt ar mo ṗobal mainm do ḋearmad le na naislingṫiḃ noċ innisios gaċ áonduine da ċoṁarsoin, aṁuil do ḋearmadar a naiṫre mainm ar son Ḃaal. 28 An fáiġ agá mbí aisling, inniseaḋ aisling; agus an té agá ḃfuil mfocalsa, laḃraḋ sé mo ḃríaṫar go fírinneaċ. Cred é buáin na cáṫa ris an ccruiṫneaċt? a deir an TIĠEARNA. 29 Naċ ḃfuil mo ḃríaṫarsa cosṁuil re teine? a deir an TIĠEARNA; agus cosṁuil ré hórd ḃrisios an ċarruic na bloḋuiḃ? 30 Uimesin, féuċ, a deir an TIĠEARNA, atáimsi a naġaiḋ na ḃfáġ, ġadas mo ḃríaṫra gaċ aon díoḃ ó na ċoṁarsoin. 31 Féuċ, atáim a naġaiḋ na ḃfáġ, a deir an TIĠEARNA, ḃláṫuiġios a tteanga, agus a deir, A dúḃairt sé. 32 Féuċ, atáim a naġáiḋ na druinge ṫairrġirios brionglóide bréagaċa, a deir an TIĠEARNA, agus innisios íad, agus do ḃeir ar mo ṗobal seaċránuġaḋ le na mbreaga, agus le na néattruime; agus ní misi do ċuir uáim íad, nó daiṫin díoḃ: ar a naḋḃarsin ní ṫairḃeoċuid síad don ṗobalso ar éanċor, a deir an TIĠEARNA. 33 ¶ Agus a nuáir ḟíafroċus an pobalso, nó fáiġ, no sagart, díotsa, ġa ráḋ, Cred é úalaċ an TIĠEARNA? déara tú ríu annsin, Cred an túalaċ? Eaḋon tréigfiḋ mé siḃse, a deir an TIĠEARNA. 34 Agus ar son a nfáġa, agus an tsagairt, agus an ṗobail, a déarus, Ualaċ an TIĠEARNA, cúairteoċa mé ar an ḟearsin agus a ṫiġ. 35 Is marso a déarṫaóisi gaċ uile ḋuine re na ċoṁarsoin, agus gaċ áon re na ḋearḃraṫair, Cred do ḟreagair an TIĠEARNA? agus, Cred a dúḃairt an TIĠEARNA? 36 Agus ní ṫiucfuiḋe ṫar úalaċ an TIĠEARNA ní sa ṁó: óir buḋ úalaċ do gaċ áonduine a ḟocal féin; óir do ċláonaḃair bríaṫra an Dé ḃí, TIĠEARNA na slóġ ar Ndíane. 37 Is marso a déara tú ris an ḃfáiġ, Cred do ḟreagair an TIĠEARNA ḋuit? agus, Cred do laḃair an TIĠEARNA? 38 Aċt ó dearṫaóise, Ualaċ an TIĠEARNA; uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Do ḃríġ go nabarṫaói an focalso, Ualaċ an TIĠEARNA, agus gur ċuir misi fios ċugaiḃ, ġa ráḋ, Ní aibeorṫaói, Ualaċ an TIĠEARNA; 39 Ar a náḋḃarsin, féuċ, Misi, eaḋon Misi dearmoda mé siḃ ṫríd amaċ, agus tréigfiḋ mé siḃ, agus an ċaṫair ṫug mé ḋaóiḃ féin agus da ḃur naíṫriḃ, agus teilgfiḋ mé amaċ as mo laṫair siḃ: 40 Agus do ḃéara mé scannail ṡíorruiḋe oruiḃ, agus náire ṡíoṫḃúan, naċ dearmodṫar. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society