Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXII. Coṁairle attaoḃ leanṁuin na córa; noċ is buaine, 10 no fuil úasol, 13 tiġe úallaċ, 20 no neart rí.

1 Is marso a deir an TIĠEARNA, Imṫiġ síos go tiġ ríġ Iúdah, agus laḃair an focalsa annsin,

2 Agus abair, Eist briaṫra an TIĠEARNA, a ríġ Iúdah, noċ ṡuíġios ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ṫusa, agus do ṡeirḃísiġ, agus do ṁuinntir ṫéid a steaċ annsna geataḋuiḃ.

3 Is marso a deir an TIĠEARNA; Déanuiḋ breiṫeaṁnus agus fíréantaċ, agus sáoruiḋ an díoġḃálaċ as láiṁ an diḃḟeirgiḋ: agus nadé anuiḋ éagcóir, na déanuiḋ éigion ar an ccoiṁṫiġeaċ, ar an ndilleaċda, no air an mbaintreaḃuiġ, agus ná dóirtiḋe fuil neiṁċiontaċ annsa náitsi.

4 Oír má niṫí an níse ḋáríriḃ, annsin tiucfa a steaċ a ngeataḋuiḃ an tiġesi ríġṫe ag suiḋe ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ag marcuiġeaċt a gcarbaduiḃ agus ar eaċuiḃ, é féin, agus a ṡeirḃísiġ, agus a ṁuinntir.

5 Aċt muna néistiḋe na bríaṫraso, mionnuiġim ṫríom fein, a deir an TIĠEARNA, go mbíaiḋ an tiġse na ḟásaċ.

6 Oír is marso a deir an TIĠEARNA ré tiġ ríġ Iúdah; Is tú Gilead agamsa, agus ceann Lebanon: aċt go deiṁin do ḋéana mé fásaċ ḋíot, agus caiṫreaċa ann naċ mbiáiḋ áitreaḃaḋ.

7 Agus gléusfa mé millteóiriḋe ad aġaiḋ, gaċ uile ḋuine le na airm: agus géarrfuid síad síos do ṡéadair toġṫa, agus teilgfid san teine íad.

8 Agus géaḃuid mórán Rineaḋaċ tar an ccaṫruiġsi, agus a déaruid síad gaċ aonduine re na ċoṁarsain, Cred fa ndéarna an TIĠEARNA marso ris an ccaṫruiġ ṁóirsi?

9 Annsin freagoruid síad, Do ḃríġ gur ṫréigiodar cunnraḋ an TIĠEARNA a Ndía, agus gur aḋradar dée oile, agus go ndéarnadar seirḃís dóiḃ.

10 ¶ Ná guiliḋsi arson an ṁairḃ, agus ná caóiniḋ é: aċt guiliḋ go géur ar son an té imṫiġios: óir ní ṫiucfa sé ní sa ṁó, ní ḟaicfiḋ sé a ṫír ḋúṫaiġ.

11 Oír is marso a deir an TIĠEARNA a ttaoḃ Ṡallum ṁic Iosiah ríġ Iúdah, noċ do ríoġaiḋ a náit Iosiah a aṫair, noċ do ċuáiḋ as a náitsi; Ní fbillfiḋ sé ann ní sa mó:

12 Aċt do ġeaḃa sé bás annsa náit a rugadar a láiṁ é, agus ní ḟaicfiḋ sé an tirsi ni is mó.

13 ¶ A ṁairg don tí do ní foirgneaḋ a ṫiġe re héicceart, agus a ṡeomraḋa lé héaccóruiḃ; ġlacus seirḃís a ċoṁarsan gan túarustal, agus naċ ttaḃair ḋó ar son a ṡáoṫair;

14 Noċ a deir, Do ḋéana mé ḋaṁ tiġ fairsing agus seomraḋa leaṫna, agus ġearras fuinnéoga amaċ ḋó; agus ċuṁduiġios le séadar é, agus ṗinndealas é lé ḃermilion.

15 An mbía tú ad ríġ, do ḃríġ go cclúḋuiġionn tú ṫú féin ann séadar? naċ ar iṫ, agus naċ ar iḃ haṫair, agus naċ déarnuiḋ sé breiṫeaṁnus, agus ceart, annsin do ḃáḋas go maiṫ aige?

16 Do rinne sé breiṫeaṁnus ar ċúis an ḃoiċt agus a neasḃuiġiḋ; annsin do ḃáḋas go maiṫ aige: naċ ar ḃé so misi daiṫniuġaḋ? a deir an TIĠEARNA.

17 Aċt ní ḃfuilid do ṡúilesi nó do ċroiḋe aċd ar son do ṡainte féin, agus do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġe, agus ċum sáruiġṫe, agus foiréigin, da ḋéanaṁ.

18 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah; Ní ċaóinfid síad é, Uċ a ḋearḃráṫair! nó, Uċ a ḋeirḃṡíur! ní ċaóinfid ar a ṡon, Uċ a ṫiġearna! nó, Uċ a ġlóirsion!

19 Aḋlóċṫar é le haḋlacaḋ assail, ar na ṫarruing agus ar na ṫeilgion amaċ tar ġeataḋuiḃ Ierusalem.

20 ¶ Imṫiġ súas go Lebanon, agus éiġ; agus tóig súas do ġúṫ ann Básan, agus coṁairc ó na sliġṫiḃ: óir do scriosaḋ háos gráḋa uile.

21 Do laḃair misi riot ann do ṡonus; aċt a dúḃairt tú, Ní éistfiḋ mé. Do bé so do ḃéasa ód óige, naċ ar úṁluiġ tú dom ġúṫ sa.

22 Iosuiḋ an ġáoṫ súas hinnḃior uile, agus imeoċuid háos gráḋa a mbraiġdionas: go deiṁin annsin biáiḋ tusa náireaċ agus claoiḋte ar son huile ċiontaḋ.

23 O áitreaḃaċ Lebanon, do ní do nead a séadruiḃ, cioḋ a ġrásaṁla ḃías tú a nuáir ṫiucfas na doiġṫe ort, an ṗían aṁuil bean ré nioḋnuiḃ!

24 Fa mar ṁairim, a deir an TIĠEARNA, giḋ go mbíaḋ Coniah ṁac Iehoiacim ríġ Iúdah na ṡignéd ar mo ḋeasláiṁ, ṫairis sin do ṫairreongainn as sin ṫú;

25 Agus do ḃéara mé ṫú a láiṁ na muinntire íarrus do ḃás, agus a láiṁ na druinge a ḃfuil eagla a ngnúise ort, eaḋon a láiṁ Nebuċadressar ríġ ná Babilóine, agus a láiṁ na Ccaldéanaċ.

26 Agus teilgfiḋ mé amaċ ṫú, agus do ṁaṫair noċ do rug ṫú, go tír oile, naċ innte rugaḋ ṫú; agus annsin do ġeaḃṫaói bás.

27 Aċt ní ḟillfid síad, ċum na tíre ionar mían léo filleaḋ.

28 An é an fearso Coniah an tioḋal briste tarcuisneaċ? an soiṫeaċ gan dúil ar biṫ ann é? cred as ar teilgeaḋ amaċ íad, é féin agus a ṡlioċt, agus ar teilgeaḋ íad don tír naċ aiṫnid dóiḃ?

29 O a ṫáluiṁ, a ṫáluiṁ, a ṫáluiṁ, cluin bríaṫra an TIĠEARNA.

30 Is marso a deir an TIĠEARNA, Scríoḃuiḋsi an fearso gan ċlainn, duine naċ béara biseaċ iona láeṫiḃ: óir ní buḋ deiġḃisiġ aoinneaċ dá ṡlíoċd, ag suiġe air ċaṫaóir Ḋáiḃi, agus ag ríaġluġaḋ ní as mó ann Iúdah.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan