Ieremiah 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX. Tairrġir um ḃás ṗassur; neaċ do ḃuail Ieremiah agus ċuir a ccip é; 7 le gearan Ieremiah. 1 Anois do ċúaluiḋ Passur ṁac Immer an sagart, noċ do ḃí fós na ṗrioṁúaċtarán a ttiġ an TIĠEARNA, gur ṫairrġir Ieremiah na neiṫesi. 2 Annsin do ḃuáil Passur an fáiġ Ieremiah, agus do ċuir sé annsna ccip é do ḃí a náirdġeata Ḃeniamin, noċ do ḃí láiṁ ré tiġ an TIĠEARNA. 3 Agus tárla ar na ṁáraċ go ttug Passur Ieremiah amaċ as na cipiḃ. Annsin a dúḃairt Ieremiah rís, Ní Passur do ġoir an TIĠEARNA dainm ḋiot, aċt Magor‐missabib. 4 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḋéana mé úaṫḃás díot ḋuit féin, agus dot ċáirdiḃ uile: agus tuitfid siad lé ccloiḋeaṁ a námbad, agus do ċífid do ṡúilesi sin: agus do ḃéara mé Iúdah uile a laiṁ ríġ na Babilóine, agus do ḃeara se a mbraġdionas íad ċum na Babiloine, agus muirfiḋ sé íad leis an ccloiḋeaṁ. 5 Seaċóduiġ mé fós neart na caiṫreaċso uile, agus a huile ṡáoṫar, agus a huile neiṫe mórluáiġ, agus uile ionnṁus ríġ Iúdah do ḃéara mé a láiṁ a náṁad, noċ ċreaċfus íad, agus ġlacfus íad, agus ḃéarus léo don Ḃabilóin íad. 6 Agus raċa tusa, a Ṗassur, agus an ṁéid ċoṁnuiġeas ann dó ṫiġ a mbraiġdionas: agus raċa tú don Ḃabilóin, agus annsin do ġeaḃair bás, agus is ann haḋlócṫar ṫú, ṫú féin, agus do ċáirde uile, dar ṫairrġir tú bréaga. 7 ¶ O a ṪIĠEARNA, do ṁeall tú mé, agus do ḃí mé meallta: ís treise ṫú ná misi, agus rug tú buáiḋ: atáim a ttarcuisne gaċ áonla, bí gaċ uile ḋuine ag magaḋ orum. 8 Oír ó nam ar laḃair mé, do ġoir mé go hárd, do ġoir mé éigion agus dioġḃáil; do ḃríġ go ndéarnaḋ masla ḋaṁsa do ḃréiṫir an TIĠEARNA, agus magaḋ, láeṫeaṁuil. 9 Ann sin a duḃairt mé, Ní ṫiucfa mé ṫairis, agus ni laiḃéora mé ní sá ṁó iona ainm. Aċt do ḃí a ḟocal am ċroiḋe aṁuil teine loisgneaċ íaḋta súas am ċnáṁuiḃ, agus do ḃí mé coirṫe le hiomċar, agus níor ḟéud mé fuireaċ. 10 ¶ Oir do ċúala mé míoċlú ṁóráin, eagla air gaċ áon taóiḃ. Aiṫris, a deirid siad, agus aiṫreosaimne é. Atá mo luċt aiṫeanta uile ag foraire air mo ḃacuiġe, ġa ráḋ, Do bféidir go meallfuiḋe é, agus béuruimne buáiḋ air, agus do ḋéanam ar ndioġaltas air. 11 Aċt atá an TIĠEARNA liomsa mar áon cuṁaċtaċ úaṫḃásaċ: uimesin tuisliġfid luċd minġreama, agus ní ḃéuruid buáiḋ: agus biáiḋ náire ṁór orra; óir ní ḃéuruid síad biseaċ: ní dearmodṫar go bráṫ a milleaḋ síorruiḋe. 12 Aċt, a TIĠEARNA na slóġ, ḋearḃus an firéun, agus do ċí na dúḃáin agus an croiḋe, faicim do ḋioġaltas oria: óir as duit doscuil mé mo ċúis. 13 Canuiḋsi don TIĠEARNA, moluiḋ an TIĠEARNA: óir do ṡáor sé anum an ḃoiċd ó láiṁ luċd déanta a nuilc. 14 ¶ Go maḋ malluiġṫe an lá iona rugaḋ mé, narab beannuiġṫe an ló a rug mo ṁáṫair mé. 15 Go maḋ malluiġṫe an té ṫug scéula ċum mo aṫar, ġa ráḋ, Rugaḋ leanaṁ mic ḋuit; agá ḋéanaṁ ro lúaṫġáireaċ. 16 Agus bíoḋ an fearsin mar ná caiṫreaċaiḃ do scrios an TIĠEARNA, agus naċ déarna aiṫriġe: agus cluineaḋ sé an ċoṁairc ar maidin, agus an ġáir san meaḋón laoi; 17 Do ḃríġ nar ṁarḃ sé misi ón mbroinn; nó go mbeiṫ mo ṁaṫair na huáiġ agam, agus a brú do ḃeiṫ torraċ orum a ccoṁnuiḋe. 18 Cred fa ttáinic mé amaċ as an mbroinn dfaicsin saóṫair agus doilġis, ċor go ccríoċnoċṫaói mo láeṫe maille re náire? |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society