Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Dombuiḋeaċas na Níuduiġeaḋ.

1 Tuilleaṁ fós, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ,

2 Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.

3 Do ḃí Israel na náomṫaċt don TIĠEARNA, agus na ṗrimidil dá ḃiseaċ: sgriosfuiġear gaċ a sluigeann é; tiucfuiḋ olc ċuca, a deir an TIĠEARNA.

4 Eístiġ ré focal an TIĠEARNA, a ṫiġ Iácob, agus a uile ṁuinnteara ṫiġe Israel:

5 Marso a deir an TIĠEARNA, Cred an téagceart fúaradar ḃur naiṫre ionnamsa, as ar imṫiġeadar a ḃfad úaim, agus ar ṡiúḃladar ar lorg díoṁaóinis, agus as a ndéarnaḋ dioṁaoin íad?

6 Agus ní dúḃradar, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA noċ ṫug a níos sinn ó ċriċ na Hégipte, do ṫréoruiġ sinn ṫrid an dioṫraṁ, agus tré ḟearann bán fásuiġ, agus tre ṫir ṫarta, agus scáile an ḃáis, tré ḟearann naċ ar ġaḃ aonduine ṫríd, agus naċ ar áitreiḃ aonduine.

7 Agus ṫug mé siḃ go tír ṫóirṫeaṁuil, diṫe a toruiḋ agus a maiṫeasa; aċt a nuáir ṫangaḃair a steaċ, do ṫruáilleaḃair mo ḋúṫaiġ, agus do rinneaḃair aḋḟúaṫṁaireaċd dom oiġreaċd.

8 Ní duḃradar na sagairt, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA? agus an drong láṁuiġeas an dliġeaḋ nior aiṫniġeadar mé: do ċionntuiġeadar fós na háoḋaireaḋa am aġaiḋ, agus do ṫairġiriodar na fáiġe tré Ḃáal, agus do leanadar neiṫe naċ ttarḃuiġionn.

9 Uimesin taigeoruiḋ mé fós riḃ, a deir an TIĠEARNA, agus re cloinn ḃur ccloinne taigeoruiḋ mé.

10 Oír éirġiḋe tar oiléanuiḃ Ċittim, agus féuċuiḋ; agus cuiriḋ fios go Cedar, agus measuiḋ go diṫċiollaċ, agus féuċuiḋ an ḃfuil a leiṫéid sin do ní.

11 Nar ṁalartuiġeadar na geinte dée, naċ ḃfuil ar aon ċor na ndéeiḃ? aċd dáṫruiġeadar mo ḋaóinesi a nglóir ar ní naċ ttarḃuiġionn.

12 Biṫí iongantaċ, a neaṁa fán níse, agus biṫí úaṁnaċ go haḋḟúaṫṁar, biṫí go ro ḋuḃaċ, a deir an TIĠEARNA.

13 Oír ḋá olc do rinneadar mo ḋaóinesi; do ṫréigeadar misi tobar na nuisgeaḋ mbéo, agus do ṫoċladar ḋóiḃ féin tiubruide, tiubruide briste naċ ccongṁann uisge.

14 ¶ An seirḃíseaċ Israel? an scláḃuiḋe é rugaḋ san ḃaile? cred as ar milleaḋ é?

15 Do núalladar na leoṁuin óga air, agus do ṫógḃadar a nguṫ súas, agus do rinneadar fásaċ da ḋúṫaiġ: atáid a ċaiṫreaċa dóite gan áitreaḃṫuiġ.

16 Mar an gcéadna do ḃrisiodar clann Noṗ agus Tahapanes baiṫis do ċinn.

17 Naċ ar ṫuill tusa so ḋuit féin, annsa náit ar ṫréig tú do Ṫiġearna DIA, a nuáir do ṫréoruiġ sé annsa tsliġe ṫú?

18 ¶ Agus a nois cred atá agad re a ḋéanaṁ a sliġe na Hégipte, dól uisce Sihor? nó cred atá agad re ḋéanaṁ a sliġe na Hassíria, dól uisce na haḃanna?

19 Smaiċteoċuiḋ holc féin ṫú, agus imḋeargfuiḋ do sċleaṁnuġaḋ tar hais ṫú; bíoḋ a ḟios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searḃ an ní mar ṫréig tú an Tiġearna do ḊIA, agus naċ ḃfuil meaglasa ionnad, a deir an Tiġearna DIA na slóġ.

20 Oír do ḃris mé do ċuing ón tsean aimsir, agus do ḋóiṫ mé do ċuiḃreaċ; agus a dúḃairt tú, Ní ṡáireoċa mé; an tionad ar ṡeaċráin tú ar a nuile ċnoc árd agus faói gaċ aonċrann glas ag déanaṁ meirdreaċuis.

21 Ṫairis sin do ṗlannduiġ mé ṫú ad ḟíneaṁuin úasail, síol fírinneaċ go hiomlán: ciondus maiseaḋ as a ḃfuil tú ar niompóġ ċugam a bplannda andúṫċais fíneaṁna coiṁiġṫe?

22 Oír bíoḋ go niġfea ṫú féin a nítir, agus móran sóip do ġaḃáil ċugad, ṫairis sin atá hégceart ar na ċoṁarṫuġaḋ am ḟíaḋnuisi, a deir an Tiġearna DIA.

23 Ciondus ḟéadas tú a ráḋ, Ní ḃfuilimsi salaċ, ní ḋeaċuiḋ mé a ndiáiġ Ḃaalim? feuċ do ṡliġe annsa ġleann, tuig cred do rinne tú: is dromedari lúaṫ ag imṫeaċtann a sliġṫiḃ ṫú.

24 Assal fíaḋta ġnáṫuiġeas an fásaċ, ṫáiringeas súas an ġáoṫ ar a ṫoil féin; ionaḋ cúisfaḋ cía ḟéadas a ḟilleaḋ ar ais? gaċ a níarrann é ní ċoirfid íad féin; ann a ṁí do ġeaḃuid é.

25 Connuiṁ do ċos ó ḃeiṫ gan ḃróga, agus do ṗíobán ó ṫart; aċd a dúḃairt tú, Ní ḃfuil dóiġ ann: ní ḃfuil, óir do ġráḋuiġ mé coiṁṫiġiḋ, agus leanfa mé íad.

26 Aṁuil ḃíos náire ar an mbiṫeaṁnaċ a nuáir beirṫior air, is marsin atá náire ar ṫiġ Israel; íad féin, a ríġṫe, a bprionnsaḋa, agus a sagairt, agus a ḃfáiġe,

27 Ag ráḋ ré smotán, Is tú maṫair; agus ré cloiċ, Is tú do ġein mé: óir diompoiġeadar a ndruim riomsa, agus ní hé a naġaiḋ: aċd a nám a mbuáiḋearṫa déuruid, Eiriġ, tárṫuiġ sinn.

28 Aċt cáit a ḃfuilid do ḋée do rinne tú ḋuit féin? éirġedís, má ḟéaduid dot ṫárṫáil a nam do ḃuáiḋearṫa: óir is do réir uiḃre do ċaiṫreaċ atáid do ḋée, a Iúdah.

29 Cred an fáṫ as a ttagarṫuiḋe riomsa? do ṗeacuigeaḃair uile am aġaiḋ, a deir an TIĠEARNA.

30 Is go díoṁaóin do ḃuáil me ḃur cclann; níor ġaḃadar smaċt ar biṫ: ḃur ccloiḋeaṁ féin do ṁarḃ ḃur ḃfáiġe, aṁuil leoṁan millteaċ.

31 O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?

32 An ḃféadann maiġdionn a seóid do ḋearmad, nó an ḃean núaḋṗósta a cúlaiḋ? giḋeaḋ do ḋearmadar mo ḋaóine misi láeṫe gan áireaṁ.

33 Cred as a ccóiriġionn tú do ṡliġṫe díarruiḋ gráḋa? uimesin do ṫeagaisc tú mar an ccéadna do na droċḋaoiniḃ do ṡliġṫe.

34 Mar an ccéadna do fríṫ ann do sciortuiḃ fuil na nanmann mboċd neiṁċiontaċ: ní lé toċailt fúair mé é, aċt orra so uile.

35 ¶ Ṫairis sin a deir tú, Do ḃríġ gó ḃfuilim neiṁċiontaċ, go dearḃṫa filliḋ a ḟearg úaim. Féuċ, taigeora mé riot, do ḃríġ go nabair tú, Níor ṗeacuiġ mé.

36 Cred as a ttéid tú an ċoṁḟad sin timċioll do ṁalairt do ṡliġeaḋ? biáiḋ fós náire ort tres a Négipt, mar do ḃí náire ort tres a Nassíria.

37 A seaḋ, raċa tú amaċ úaṫa, agus do láṁa ar do ċeann: óir do ḋisbeaguiḋ an TIĠEARNA do ḋoṫċuis, agus ní ḃéara tú biseaċ ionta.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan