Ieremiah 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIX. Tarrgir ar ġorta, agus ċlaoi núaṫḃasaċ na Niudúiġeaḋ. 1 Is marso a deir an TIĠEARNA, Imṫiġ agus faġ buidéal críaḋ potadóir, agus glac do ṡeanóiriḃ an ṗobail, agus do ṡeanóiriḃ na sagart, 2 Agus imṫiġ amaċ go gleann ṁic Hinnom, noċ atá aig dul a steaċ an ġeata ṡoir? agus fúagair annsin na bríaṫra inneosas misi ḋuit; 3 Agus abair, Eistiġsi bríaṫra an TIĠEARNA, a ríġṫe Iúdah, agus a áitreaḃṫaċ Ierusalem; Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé olc air a náitsi, noċ giḋ bé ar biṫ ċluinfios, tormánfuid a ċlúasa. 4 Do ḃríġ gur ṫréigeadar misi, agus go ndeárnadar a náitse coiṁiġṫeaċ, agus gur loisgeadar túis innte do ḋéeiḃ oile, noċ nár ḃaiṫnid ḋóiḃ féin nó ḋá naiṫriḃ, nó do ríġṫiḃ Iúdah, agus gur líonadar a náitsi lé fuil neiṁċiontuiġ; 5 Do ċuireadar súas fós áite árda Ḃaal, do loscaḋ a mac lé teine mar ofrála loisge do Ḃáal, noċ naċ ar áiṫin misi, agus naċ ar laḃras, agus naċ ttáinic ann minntinn. 6 Ar a naḋḃarsin, féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA, naċ goirfiġear Toṗet do náitsi ní sa ṁó, nó Gleann ṁic Hinnom, aċd Gleann a náir. 7 Agus do ḋéana mé coṁairle Iúdah agus Ierusalem díoṁaóin annsa náitsi; agus do ḃéara mé orra tuitim leis an ccloiḋeaṁ roiṁe a náṁuid, agus lé láiṁ na druinge iarrus a mbás: agus do ḃéara mé a ccuirp dá mbeiṫ na mbíaḋ ag éunuiḃ a naiéir, agus ag beáṫuiġiḃ na talṁan. 8 Agus do ḋéana mé an ċaṫairsi uáigneaċ, agus na sgige; líġfiḋ gaċ nile ḋuine dá ngéaḃa ṫairis agus do ḋéana sé sgige do ḃríġ a huile ṗláġasan. 9 Agus do ḃéara misi orra feóil a mac diṫe, agus feóil a ninġean, agus íosuiḋ gaċ uile ḋuine ḋíoḃ feóil a ċarad annsa ċampa agus annsa ċrúaḋóig, lé ccuiṁgeoċuid a náṁuid, agus an drong íarrus a mbás, orra. 10 Annsin bristiḋ tú an búidéal a raḋarc na ndaóine ṫéid leat, 11 Agus a déara tú ríu, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Eaḋon is marso ḃrisfios mé an pobalso agus an ċaṫairsi, mar ḃrisios neuċ soiġṫeaċ an ṗotadóra, naċ féidir a ḋéanaṁ slán a rís: agus aḋlocuid síad a Ttoṗet, nó go raiḃ gan áit aḋluicṫe ann. 12 Is marso do ḋéana mé ris a náitsi, a deir an TIĠEARNA, agus ré na háitreaḃṫaċaiḃ, agus do ḋéana mé fós a ccaṫair mar Ṫoṗet: 13 Agus sáileoċṫar tiġṫe Ierusalem, agus tiġṫe ríġṫe Iúdah, mar áit Ṫoṗet, ar son na nuile ṫeaġ dar loisgeadar túis ar a mullaċuiḃ do ṡluáġ neiṁe uile, agus ar ḋóirteadar amaċ ofrála diġe do ḋéeiḃ oile. 14 Annsin ṫáinic Ieremiah ó Ṫoṗet, mar ar ċuir an TIĠEARNA é dfaiġeadóireaċt; agus do ṡeas sé a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA; agus a dúḃairt sé ris an bpóbal uile, 15 Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé ar an ccaṫruiġsi agus air a bailtiḃ uile a nuile olc dár ḟúagair mé na haġaiḋ, do ḃríġ gur ċrúaḋuiġeadar a múinéil, ċor naċ ccluinfidís mó ḃríaṫra. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society