Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Gu ḃfuil an duine a laiṁ Dé, mar an ċriaḋ a láiṁ an ṗotadóra.

1 An ḃriaṫar noċ ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, ġa ráḋ,

2 Eíriġ, imṫiġ síos go tiġ an ṗotadóra, annsin do ḃéara mé ort mo ḃríaṫra do ċlos.

3 Annsin do ċuáiḋ mé síos go tiġ an ṗotadóra, agus, féuċ, doibriġ sé obair ar na roiṫléanuiḃ.

4 Agus do milleaḋ an soiṫeaċ do rinne sé do ċriáiḋ a láiṁ an ṗotadóra: annsin do rinne sé a rís é na ṡoiṫeaċ oile, mar do ċouncus don ṗotadóir a ḋéanaṁ.

5 Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ,

6 O a ṫiġ Israel, naċ ḃféaduimsi a ḋéanaṁ riḃsi, mar an bpotadóir? a deir an TIĠEARNA, Féuċ, martá an ċré a láiṁ an ṗotadóra, is marsin atáṫaóise am láiṁse, a ṫiġ Israel.

7 Gíḋ bé am a laiḃeora mé attaoḃ ċiniḋ, agus a ttáoḃ rioġaċd, do ṫarruing súas, agus do leagaḋ síos, agus dá scrios;

8 Má ḟilleann an cineaḋsin, a naġaiḋ ar ḟúagair mé, ó na nolc, biáiḋ aiṫreaċus orumsa ó nolc do ḃreaṫnuiġ mé do ḋéanaṁ na naġaiḋ.

9 Agus giḋ bé am a laiḃeora mé a ttáoḃ ċiniḋ, agus a ttáoḃ rioġaċda, dá ccur súas agus dá bplanndúġaḋ;

10 Má ní sin olc ann mo raḋarcsa, naċ úiṁleoċuid dom ġúṫ, annsin biáiḋ aiṫreaċus orum fan maiṫ, le ndúḃairt mé go ndéanuinn tarḃa ḋóiḃ.

11 ¶ Déana a nois ar a náḋḃarsin, láḃair ré fearuiḃ Iúdah, agus ré háitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is mar so a deir an TIĠEARNA; Féuċ, do ċum mé olc ann ḃur naġaiḋsi, agus do ṫionnscuin mé smuáintiġṫe ann ḃur naġaiḋ: filliḋ anois gaċ uile ḋuine aguiḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus déanuiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa maiṫ.

12 Agus a dúḃradarsan, Ní ḃfuil dóiġ ar biṫ: aċt imeoċam do réir ar ttoile féin, agus do ḋéana gaċ áon do réir ḃreaṫnuiġṫe a droċċroiḋe féin.

13 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA: Fíafruiġiḋse a nois a measg na ngeinteaḋ, cía ċúaláiḋ a leiṫéid so do neiṫiḃ: do rinne maiġdion Israel ní ro aḋḟúaṫṁar.

14 An ḃfuigfe duine mo ṁaġsa ar ċarruic, nó ar ṡneaċda Lebanon? an ttréigfiġear na huisgeaḋa reaṫa, ar son na nuisceaḋ ḃfúar ccoiṁiḋṫeaċ, ṫig as áitiḃ oile?

15 Do ḃríġ gur ḋearmuid mo ṗobal mé, do loisgeadar túis lé díoṁaóineas, agus ṫugadar orra tuisleaḋ iona sliġṫiḃ as na seanċasánuiḃ, do ṡiúḃal a ccasánuiḃ, sliġeaḋ nar teilgeaḋ súas;

16 Do ḋéanaṁ a ndúiṫċe uáigneaċ, agus na sgige ḃioṫḃúan; biáiḋ gaċ áonduine dá ngéaḃa re na táoḃ lán diongnaḋ, agus croiṫfiḋ á ċeann.

17 Scabfuiḋ mé íad mar buḋ leis an ngaóiṫ a noir roiṁe an náṁuid; taisbeanfuiḋ mé an cúl dóiḃ, agus ní hí a naġaiḋ, a ló a ttruáiġṁéile.

18 ¶ Annsin a dúḃradarsan, Tigiḋ, agus déanam coṁairle a naġaiḋ Ieremiah; óir ní ṁuġoċuiḋ an dliġeaḋ ón tsagart, nó coṁairle ó neagnuiḋe, nó an ḃríaṫar ón ḃfáiġ. Tigiḋ, agus buáiliom é leis an tteangaiḋ, agus ná tugam aire déanḟocal dá ḃríaṫruiḃ.

19 Taḃairse aire ḋaṁsa, a ṪIĠEARNA, agus éist ré gúṫ na droinge ċeannairgios riom.

20 An ccúiteoċṫar maiṫ le holc? óir do ṫoċladar poll dom anam. Cuiṁniġ gur ṡeas mé ad ḟíaġnuise do laḃairt maiṫiosa ar a son, diompóġ ṫfeirgesi úaṫa.

21 Ar a naḋḃarsin seaċuid súas a cclann don ġorta, agus dóirt amaċ a ḃfuil lé neart an ċloiḋiṁ; agus folṁuiġṫear a mná fa na ccloinn, agus bídís na mbaintreaḃaċuiḃ; agus cuirṫear a ḃfir ċum báis; marḃṫar a ndaóine óga leis an ccloiḋeaṁ sau ccaṫ.

22 Cluintear coṁairc as a ttiġṫiḃ, a nuáir do ḃéara tusa díorma go hobann orra: óir do ṫoċladar failċis dom ġaḃáilsi, agus dfoluiġeadar líonta dom ċosuiḃ.

23 Giḋeaḋ, a ṪIĠEARNA, atá fios a ccoṁairle uile agad am aġaiḋsi dom ṁarḃaḋ: ná maiṫ a néigceart, agus ná scrios a bpeacaḋ amaċ as do raḋarc, aċt maḋmuiġṫear íad ad ḟíaḋnuisi; déan marso ríu a naimsir ṫfeirge.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan