Ieremiah 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII. Méud an anraṫ, dóċus do ċur a nduine, 9 no a geroiḋe cealgaċ. 1 Ata peacaḋ Iúdah ar na scríoḃaḋ lé péann íaruinn, agus lé rinn diamond: atá sé greanta ar ċlár a gcroiḋe, agus ar ċorruiḃ ḃur naltóraċ; 2 An feaḋ ċúiṁniġid a cclann ar a naltóruiḃ agus air a ngarránuiḃ ag na crannuiḃ glasa ar na cnocaiḃ árda. 3 O mo ṡlíaḃ annsa ṁaġ, do ḃéara mé do ṁaóin agus do ṡaiḋḃrios uile don ċreiċ, agus háite árda ċum peacaiḋ, ar fad do ṫéorann uile. 4 Agus deileoċṫar ṫusa, ṫusa féin, ód óiġreaċt noċ ṫug misi ḋuit; agus do ḃéara mé ort fóġnaṁ dot náṁuid annsa tír naċ feas duit: óir do lasaḃair teine ann mfeirg loisgfios go bráṫ. 5 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Go maḋ malluiġṫe an fear ḋoṫċusuiġios a nduine, agus do ní a neart dfeóil, agus agá nimṫiġionn a ċroiḋe ón TIĠEARNA. 6 Oír biáiḋ sé cosṁuil ris an ḃfráoċ annsa ḃfasaċ, agus ní ḟaicfiḋ sé a nuáir ṫiucfas maiṫ; aċt áiteoċuiḋ sé na háite dóite annsa ḃfásaċ, a ḃfearann ṡailte agus gan áitreaḃ. 7 Is beannuiġṫe an duine ḋóṫċusuiġios annsa TIĠEARNA, agus gur bé an TIĠEARNA a ṁuiniġinn. 8 Oír biáiḋ sé aṁuil crann plannduiġṫe láiṁ ris na huisceaḋuiḃ, agus ṡíneas amaċ a ḟréaṁa láiṁ ris an tsrúṫ, agus naċ ḋfaicfiḋ a núair ṫig an teasḃaċ, agus biáiḋ a ḋuille glas; agus ni ḃiáiḋ cúramaċ a mbiíaḋuin an tarta, ní mó scuirfios sé do ṫáḃairt tórinḋ. 9 ¶ Atá an croiḋe cealgaċ ós cionn gaċ uile neiṫe, agus ro urċóideaċ: cía ḟéadas a ḟios do ḃeiṫ áige? 10 Misi an TIĠEARNA scrúduim an croiḋe, dearḃuim na duḃáin, eaḋon do ṫaḃairt dá gaċ uile ḋuine do réir a ṡliġṫeaċ, agus do réir toruiḋ a ġníoṁ. 11 Aṁuil luiġios an ṗatruisc air a huiġiḃ, agus naċ gcuirionn íad; marsin an té do ġeiḃ saiḋḃrios, agus naċ lé ceart, fuigfiḋ sé íad a lár a láeṫeaḋ, agus iona ċríċ ḋeiġionuiġ biaiḋ sé na amadán. 12 ¶ Is caṫaóir árd ġlórṁar ó ṫosaċ áit ar sanctóra. 13 O a ṪIĠEARNA, a ḋóṫċuis Israel, biáiḋ náire ar gaċ a ttréigiona ṫusa, agus na daoine ḋeileoċus riomsa béid scrioḃṫa annsa talaṁ, do ḃríġ gur ṫréigeadar an TIĠEARNA, tobar na nuisgeaḋ mbéo. 14 Slánuiġ mé, a ṪIĠEARNA, agus biáiḋ mé slán; sáor mé, agus biáiḋ mé sáorṫa: óir is tú mo ṁolaḋ. 15 ¶ Féuċ, a deirid síad riomsa, Cáit a ḃfuil bríaṫar an TIĠEARNA? tigeaḋ sí a nois. 16 Ar mo ṡonsa, níor ḋeifriġ mé ó ḃeiṫ am aoḋaire dot leanṁuinsi: ní mó do ṫoiliġ mé an lá mairgneaċ; atá a ḟios agadsa: do ḃí an ní ṫáinic amaċ as mo ḃéul ceart ad ḟíaġnuisi. 17 Ná bí ad úaṫḃas ḋaṁsa: is tú mo ḋóṫċus a ló a nuilc. 18 Claóiḋtear an drong inġreamas mé, aċt ná claóiḋtear misi: líoṫuiġṫear íadsan, aċt ná líoṫuiġṫear mísi: taḃair lá a nuilc orrasan, agus sgrios íad lé sgrios dúbalta. 19 ¶ Is marso a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa; Imṫiġ agus seas a ngeata ċloinne an ṗobail, iona ttigid ríġṫe Iúdah a steaċ, agus iona ttigid amaċ, agus a ngeataḋuiḃ Ierúsalem uile. 20 Agus abair riu, Eistiġ ré bréiṫir an TIĠEARNA, siḃsi a ríġṫe Iúdah, agus a Iúdah uile, agus a uile áitreaḃṫaċa Ierusalem, noċ ṫéid a steaċ annsna geataḋuiḃsi: 21 Is marso a deir an TIĠEARNA: Tagaiḋ aire ḋíḃ féin, agus ná biomċraiḋ úalaċ a ló na saoire, agus ná tugaiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ Ierúsalem íad; 22 Agus ná hiomċraiḋ úalaċ amaċ as ḃur ttiġṫiḃ a ló na saóire, agus ná déanuiḋ obair ar biṫ, aċd náoṁuiġiḋ lá na saóire, mar do aiṫin misi dá ḃur naiṫriḃ. 23 Aċt níor áontniġeadarsan, agus níor ċláonadar a cclúas, aċt do rinneadar a muinéil seasṁaċ, ċor naċ ccluinfidís, agus naċ géaḃaidís teagasc. 24 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, má éistiġe go dúṫraċtaċ riomsa (a deir an TIĠEARNA), gan úalaċ do ḃreiṫ ṫríd ġeatuiḋiḃ na caiṫreaċso a ló na saóire, aċt lá na saóire do náoṁaḋ, gan obair ar biṫ do ḋéanaṁ ann; 25 Annsin raċuiḋ a steaċ a ngeataḋuiḃ na caiṫreaċso riġṫe agus prionnsniḋe ag suiḋe ar ċaṫaóir Ḋáiḃi, ag marcuiġeaċd a ccarbadaiḃ agus ar eaċaiḃ, íad féin, agus a bprionnsaḋa, fir Iúdah, agus áitreaḃṫaċa Ierúsalem: agus fanfuiḋ an ċaṫairsi go bráṫ. 26 Agus tiucfuid síad ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus ó na háitiḃ timċioll Ierúsalem, agus ó ḟearann Ḃeniamin, agus ón réiteaċ, agus ón tslíaḃ, agus ón deisceart, ag taḃairt ofrálaċ luisge, agus íoḋbarṫaċ léo, agus ofrálaċ ḃíḋ, agus túis, agus ag taḃairt íoḋbarṫaċ molta, go tiġ an TIĠEARNA. 27 Aċt ċeana muna néistiġse riomsa do náoṁaḋ laé na saóire, agus gan úalaċ diomċur, ag dul a steaċ a ngeataḋuiḃ Ierusalem a ló na saóire; annsin deargfa mé teine iona geataḋuiḃ, agus loisgfiḋsí pálás Ierúsalem, agus ní múċfuiġear í. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society