Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XV. Ġéaḃadar breiṫeaṁnas gan trócaire, líon ḃias dásaċdaċ dán a bpeacaḋ.

1 Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.

2 Agus tiucfa a ccríċ, má deirid síad riotsa, Cáit a raċam amaċ? annsin inneosa tú ḋóiḃ, Is marso a deir an TIĠEARNA; An ṁéid atá fa ċoinne an ḃáis, ċum báis; agus an ṁéid atá fa ċoinne an ċloiḋiṁ, don ċloiḋeaṁ; agus an ṁéid atá fa ċoinne na gorta, don ġorta; agus an ṁéid ata fa ċoinne an ḃraiġdinis, ċum braiġdinis.

3 Agus óirdéoċuiḋ misi ceiṫre sóirt ós a ccionn, á deir an TIĠEARNA: an cloiḋeaṁ do ṁarḃaḋ, agus na madruiḋ do réubaḋ, agus éunlaiṫ a naiéir, agus ainṁintiḋ na talṁan, do ṡlugaḋ agus do ṁarḃaḋ.

4 Agus cuirfiḋ mé dfíaċaiḃ a náṫruġaḋ ann gaċ uile rioġaċt san doṁan, ar son Ṁanasseh ṁic Heseciah ríġ Iúdah, ar son na néiṫeann do rinne sé ann Ierúsalem.

5 Oír cía agá mbía truáiġe ḋuit, a Ierúsalem? nó cía ḋéanas doilġios riot? nó cía raċas do leaṫṫaoiḃ dfiafruiġe ciondus ḃías tú?

6 Do ṫréig tú misi, a deir an TIĠEARNA, do ċuáiḋ tú ar ccúl: uimesin sínfiodsa mo láṁ amaċ ad aġaiḋ, agus scríosfa mé ṫú; atáim coirṫe daiṫreaċus.

7 Agus cáiṫfiḋ mé íad le sgoigneán a ngeataḋuiḃ na tíre; fóilṁeoċa mé íad fa na cclainn, millfiḋ mé mó ḋaoine, ó nar ḟilleadar ó na sliġtiḃ.

8 Atáid a mbaintreaḃṫaċa ar na ḃfoirlíonaḋ ḋaṁ ós cionn ġainiṁ na fairge: ṫug mé millteóir orra a naġaiḋ ṁaṫar na nogánaċ, san meaḋón laói: ṫug mé air tuitim go hobann uirre, agus criṫeaglaċa ar na ccaṫruiġ.

9 Anḃfainniġ an ḃean rug móirṡeisior: do ḟaóiḋ a spiorad aiste; do ċuáiḋ a grían faói agus an lá ann fós: fuáir sí náire agus do claóiḋeaḋ í: agus seaċoduiġ mé an ċuid oile ḋíoḃ don ċloiḋeaṁ a ḃfíaġnuise a náṁad, a deir an TIĠEARNA.

10 ¶ A ṁairg ḋaṁsa, mo ṁaṫáir, go rug tú am ḟear coinntinne mé agus am ḟear ceannairge don talaṁ uile! ní ṫug mé áirleagaḋ ar úsúireaċt, ní mó ṫugadar daoíne ḋaṁ ar úsúireaċt; giḋeaḋ malluiġiḋ gaċ aonduine aca mé.

11 A duḃáirt an TIĠEARNA, Go deiṁin biáiḋ sé go maiṫ ag ṫfuiġioll; go deiṁin cuirfiḋ mé dfiaċaiḃ ar an náṁuid ḃeíṫ go maiṫ leaċd a nam a nuilc agus a nam aindise.

12 An mbrisfiḋ íarann an tíarann a ttuáiġ agus an ċruáiḋ?

13 Do ḃéara mé do ṁaóin agus hionnṁuis don ċreiċ gan lúaċ, agus sin ar son huile ṗeacaiḋ, ann himliḃ nile.

14 Agus do ḃéara mé ort imṫeaċt led náṁuid go tír naċ feas duit: óir do las teine a mḟeirg, noċ loisgfios oruiḃsi.

15 ¶ O a ṪIĠEARNA, atá a ḟios agad: cuiṁniġ orumsa, agus tárr dom ḟéuċuin, agus dioġail mé ar mo luċt inġreama; ná beir as mé a ḃfoiġid ḟada do ḋeaġ‐ṁéinse: bíoḋ a ḟios agad gurab ar do ṡonsa dfulaing mé masla.

16 Do fríṫ do ḃríaṫra, agus a dúaiġ misi íad; agus do ḃí do ḃríaṫra ḋaṁsa na ġáirdeaċus agus na lúaṫġáir dom ċroiḋe, óir do gaireaḋ hainmsi orum, a ṪIĠEARNA Día na slóġ.

17 Níor ṡuiġ mé a noireaċtus an luċd magaiḋ, agus níor ġáirdiġ mé; do ṡuiḋ mé ar leiṫ do ḃríġ do láiṁese: óir do líon tú mé lé feirg.

18 Cred as a ḃfuil mó ṗían bioṫḃúan? agus mó ċneaḋ dóileiġis, ḋíultas ḃeiṫ leiġiosta? an mbiáiḋ tú ḋaṁsa ṫríd amaċ aṁuil duine breagaċ, agus aṁuil uisgeaḋa ḟáilliġios?

19 ¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Má ḟilleann tú, annsin do ḃéura mé líom a rís ṫú, seasfa tú am ḟíaġnuisi: agus má ḃeirionn tú an mórlúaiċ ón ttruáilliġṫe, biaiḋ tú aṁuil mo ḃéul fein: fillidíssion ċugadsa; aċt ná fillsi ċucasan.

20 Agus do ḋéana misi ḋíotsa don ṁuinntirsi balla cúṁdaiġ práis: agus troidfid riotsa, aċd ní ḃéuruid buáiḋ ort: óir atáimsi leaċd dot ċáḃair agus dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.

21 Agus sáorfa mé ṫú as láiṁ an droċḋuine, agus fúaisgeola mé ṫú as láiṁ a núaṫḃásaiġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan