Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV. Díarr Día gan ġuiḋe arson na ndaóine droċċoinġill úd, a nam na goria.

1 Focal an TIĠEARNA noċ ṫáinic go Ieremiah a dtáoḃ na gorta.

2 Atá Iúdah ag caoi, agus do laguiġeaḋ a geataḋa; atáid dúḃ go talaṁ; agus do ċuáiḋ éiġioṁ Ierusalem súas.

3 Agus do ċuireadar a nuáisle a cclann ḃeag ċum na nuisceaḋ: ṫángadar ċum na claisiḃ, agus ní ḃfúaradar uisge; dḟilleadar gon a soiġṫiġiḃ folaṁ; do ḃádar náireaċ imṡníoṁaċ, agus dfóluiġeadar a ccinn.

4 Do ḃríġ go ḃfuil an talaṁ scoilte, óir ní raiḃ fearṫuinn ar biṫ san talaṁ, do ḃí náire ar na treaḃṫairiḃ, agus dfóluiġeadar a ccinn.

5 Aseaḋ fós, rug a neilid láoġ ar an maċaire, agus do ṫréig sí é, do ḃríġ naċ raiḃ féur ann.

6 Agus do ṡeasadar na hassail ḟíaḋta ann a náitiḃ árda, do ṫairngeadar súas an ġáoṫ aṁuil dragúin; dfailliġiodar a súile do ḃríġ naċ raiḃ féur ann.

7 ¶ O a ṪIĠEARNA, mátá go ḃfíaġnuiġid ar nuilc ar naġaiḋ, déansa é ar son hanma féin: óir is iomadaṁuil ar míoċoinġiolla; do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋsi.

8 O a ḋóṫċuis Israel, a ṡlánaiġṫeóir a nam buáiḋearṫa, cred as a mbeiṫeá ad ċoiṁiġṫeaċ annsa tír, agus do nós ḋuine ar slíġe ḟillios do leaṫtaoiḃ dfanṁuin ar feaḋ aonoiḋċe aṁáin?

9 Cred as a mbeiṫeá mar ḋuine ar na ċriṫeagluġaḋ, mar ḋuine ċuṁaċtaċ naċ bféadann coḃruġaḋ? giḋeaḋ, a ṪIĠEARNA, atá tú ann ar lár, agus as hainm goirṫear sinn; na fág sinn.

10 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA ris an muinntirsi, Marso do ġráḋuiġeadar dul ar seaċrán, níor ċongṁadar ar ais a ccosa, uimesin ní ġaḃann an TIĠEARNA ċuige íad; cuiṁneoċuiḋ sé anois a loċta, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacuiḋe.

11 Ann sin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Ná guiḋ ar son na muinntiresi ċum maiṫiosa.

12 A núair ṫroiscfid síad, ní éistfiḋ misi a ccoṁairc, agus a nuáir ṫáirgfid ofráil loisge agus íoḋbairt, ní ġéaḃa mé íad: aċt muirfiḋ mé leis an ccloiḋeaṁ íad, agus leis an ngorta, agus leis an bpláiġ.

13 ¶ Annsin a dúḃairt misi, Ah a Ṫiġearna DIA! féuċ, a deirid na fáiġe ríu, Ní ḟaicfiḋe an cloiḋeaṁ, agus ní ḃía gorta aguiḃ; aċt do ḃéara misi síoṫċáin ḋaingion díḃ annsa náitsi.

14 Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riom, Tairrġirid na fáiġe bréaga am ainmsi: ní mé do ċur náim íad, ní mó is mé dáiṫin díoḃ, ní mó do laḃair mé ríu: tairrġirid díḃsi fis neiṁḟírinneaċ agus geasadóireaċt, agus neiṁní, agus cealg a ccroiḋe féin.

15 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na ḃtáġ ṫairrġirios am ainmsi, agus naċ mé do ċiur uáim íad, ṫairis sin go nabruid, Ní ḃía cloiḋeaṁ nó gorta san tírse; Le cloiḋeaṁ agus le gorta ṫuitfid na fáiġesi.

16 Agus teilgfiġear amaċ a sráidiḃ Ierusalem an drong dá ndéanaid síad fáiḋéadóireaċt do ḃriġ na gorta agus an ċloiḋiṁ; agus ní ḃfuiġid síad duine aḋlacus íad féin, a mná, nó a mic, nó a ninġeana: óir dóirtfiḋ misi a nolc féin orra.

17 ¶ Uimesin déura tú an focalso ríu; Sildís mo ṡúile sios a ndéoruiḃ do ló agus doiḋċe, agus ná scuirdís: óir do briseaḋ maiġdion inġean mo ṁuinntire maille ré briseaḋ mór, lé buille ro niṁneaċ.

18 Má ṫéiġim amaċ san maċaire, féuċ annsin na mairḃ leis an ccloiḋeaṁ! agus má ṫéiġim a steaċ san ccaṫruiġ, annsin féuċ an luċt atá tinn lé gorta! a seaḋ, imṫiġ an fáiġ aráon agus an sagart timċioll fá ccuáirt go fearuinn naċ aiṫnid ḋóiḃ.

19 Ar ṫréig tú Iúdah ṫríd amaċ? ar ḟúaṫaiġ hanam Sion? cred fár ḃuáil tú sinn, agus gan ċaḃair ar ḃiṫ oruinn? do ḃi súil aguinn re síoṫċáin, agus ní ḃfuil maiṫ ar biṫ annsin; agus re ham tárṫála, agus féuċ búaiḋreaḋ!

20 Adṁuiġmid, a ṪIĠEARNA, ar nolc, agus éigceart ar naiṫreaḋ: óir do ṗeacuiġeamar ad aġaiḋsi.

21 Ar son hanma, ná gráin, ná teilg síos caṫaóir do ġlóire: cuiṁniġ, ná bris do ċunnraḋ rinn.

22 An ḃfuil áon a measc dioṁaóinis na ngeinteaḋ do ḃéaraḋ fearṫuinn? nó an ḃféuduid na neaṁa fearṫuinn do ṫaḃairt úaṫa? naċ tusa féin é ar TTIĠEARNA Día? uimesin feiṫfiom ort: óir as tú do rinne na neiṫesi uile.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan