Ieremiah 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. An nádur daónna ag faġail loċd do ḃiseaċ luċt an uilc, agus d'anṡóḋ na nsaói. 1 Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt? 2 Do ṗlannduiġ tú íad, fásuid fós, do ġlacadar preaṁ: do ḃeirid toraḋ: agus atá tusa a ngar iona mbéul, agus a ḃfad ó na ndúḃanuiḃ. 3 Aċt is aiṫnid duitsi, a ṪIĠEARNA, misi: do ċonnairc tú mé, agus do ḋearḃ tú mo ċroiḋe leaṫ riot: tarruing amaċ íad aṁuil caóiriġ ċum a náir, agus gléus íad fa ċoṁair laói an ṁarḃṫa. 4 Gá fad ḃías an tír ag caói, agus luiḃ gaċ áonṁaġa ag críonaḋ, do ḃríġ uilc na druinge ċoṁnuiġeas ionnta? do caiṫeaḋ na beaṫuiġe, agus na héin; do ḃríġ go ndúḃradar, Ní ḟaicfiḋ sé ar ccríoċ ḋeiġionaċ. 5 ¶ Má rioṫ tú leís na coisiġiḃ, agus gur ċoireadar ṫú, annsin ciondus ḟéadas tú coimbling re heaċaiḃ? agus má ċoireadar ṫú a ttír na síoṫċána, ann ar ċuir tú do ḋóṫċus, cred maiseaḋ do ḋéana tu a nanfa Iordán? 6 Oír do fríṫ do ḋearḃráiṫre féin, agus fós tiġ haṫar go meaḃlaċ ortsa; aseaḋ, do ġoiriodar iomad ad ḋiáiġ: ná creid íad, bíoḋ go laiḃeoraidís bríaṫra breáḋa riot. 7 ¶ Do ṫréig mé mo ṫiġ, dfág mé moiġreaċt; ṫug mé gráḋ manma a láiṁ a náṁad. 8 Atá moiġreaċt daṁsa aṁuil leoṁan san ḃforaóis; coṁairciḋ sí amaċ am aġaiḋ: uimesin dfúaṫuiġ mé í. 9 Atá moiġreaċt daṁsa aṁuil éun breac, atáid a néunluiṫ fá ccuáirt na haġaiḋ; tigiḋ siḃsi, cruinniġiḋ uile ḃeaṫaċa an ṁaġa, tigiḋ do ṡlugaḋ. 10 Do ṁill iomad áoḋaireaḋ mo ġárrḋa fíneaṁna, do ṡaltradar mo ċoṁroinn faói ċosuiḃ, do rinneadar mo ċoṁroinn ṡolásaċ na ḟasáiġ uáigneaċ. 11 Do rinneaḋ áonránaċ é, agus ar mbeiṫ uáigneaċ ḋó caóiniḋ sé ċugamsa; do rinneaḋ na fásaċ an dúṫuiġ uile, do ḃríġ naċ ccuireann áonduine iona ċroiḋe é. 12 Ṫangadar sgriosdóiriḋe ar gaċ uile áit áird ar feaḋ a nfásuiġ: óir sliugfiḋ cloiḋeaṁ an TIĠEARNA ó aóinċionn don dúṫaiġ go nuige an ccionn oile don dúṫaiġ: ní ḃfuiġe feóil ar biṫ síoṫċáin. 13 Do ṡíolċuireadar cruiṫneaċd, aċd beanfuid síad dosáin: do ċuireadar íad féin ċum sáoṫair, aċ ní ṫairḃeoċuid síad; agus biáiḋ náire orra do ḃríġ ḃur ccíosa ar son féirge ḟíoċṁuire an TIĠEARNA. 14 ¶ Is marso a deir an TIĠEARNA a naġaiḋ mo ḋroċċoṁarsan uile, ḃeanas ris a noiġreaċd noċ ṫug mé ar mo ṗobal Israel doiġreaċtuġaḋ; Féuċ, tairreonga mé amaċ as an ndúṫaiġ íad, agus tairreonga mé amaċ tiġ Iúdah ó na measc sin. 15 Agus tiucfa a ccríċ, tar éis a ttairrngṫe amaċ ḋaṁ go ḃfillfiḋ mé, agus go mbía truáiġe agam ḋóiḃ, agus gottiuḃra mé a rís, gaċ uile ḋuine ḋíoḃ ċum a oiġreaċta, agus gaċ áonduine ċum a ḋúiṫċe. 16 Agus tiucfa á geríċ, má ḟóġlomuid síad go dúṫraċtaċ sliġe mo ṗobail, do ṁionnuġaḋ fám ainmsi, Mairiḋ an TIĠEARNA; mar do ṁúineadarsan dom ḋaóiniḃsi mionnuġaḋ fa Ḃáal, annsin suiḋeoċṫar íad a lár mo ṗobail. 17 Aċt muna nuṁluiġid síad, tairreonga mé ṫríd amaċ as a ḃreaṁuiḃ agus scriosfeaḋ me an cineaḋ sin, a deir an TIĠEARNA. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society