Ieremiah 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Coiṁċeangal Dé re fearaiḃ Iudah. 1 An ḃríaṫar noċ ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, ġa ráḋ, 2 Eístiġsi briaṫra an ċunnarṫaso, agus laḃruiḋ re fearuiḃ Iúdah, agus re háitreaḃaċaiḃ Ierusalem; 3 Agus aḃairsi ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel; Go maḋ malluiġṫe an té naċ nuṁluiġionn do ḃríaṫraiḃ an ċunnarṫasa, 4 Noċ daiṫin mé da ḃur naiṫriḃ ann sa ló a ttug mé amaċ íad as críċ na Hégipte, ó nfuirnís íaruinn, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus déanuiḋ íad, do réir a nuile ní aiṫeonas mé ḋíḃ: marsin buḋ siḃsi mo ṗobalsa, agus buḋ misi ḃur Ndíasa: 5 Ċor go ccoiṁlíonfa mé na mionna ṫug mé dá ḃur naiṫriḃ, fearann do ṫaḃairt dóiḃ ag líonaḋ le mil agus lé bainne, mar atá sé a niuġ. Annsin do ḟreagair misi, agus a dúḃairt mé, Bíoḋ marsin, a ṪIĠEARNA. 6 Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Fúagair na bríaṫraso uile a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Eistiġsi bríaṫra an ċunnarṫaso, agus déunuiḋ íad. 7 Oír do ḋearḃ misi go dúṫraċdaċ dá ḃur naiṫriḃ annsa ló a ttug mé aníos íad as críċ na Hégipte, go nuige an lósa, ag éirġe go moċ agus ag mionnuġaḋ, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġúṫ. 8 Giḋeaḋ níor úṁluiġeadar, ní mó do ċláonadar a cclúas, aċt do ṡiúḃail gaċ aon díoḃ a smuáineaṁ a ndroċċroiḋe féin: uimesin do ḃéara mé orra uile ḃríaṫra an ċunnarṫaso, noċ daiṫin mé do ḋéanaṁ; aċt ní ḋeárnadar íad. 9 Agus a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Do fríṫ feall idir ḟearuiḃ Iúdah, agus idir áitreaḃṫaċuiḃ Ierusalem. 10 Dfilleadar ar a nais ar éigceartuiḃ a naiṫreaḋ rompa, noċ do ḋíult mo ḃríaṫarsa déisteaċt; agus do ċúadar a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ: do ḃris tiġ Israel, agus tiġ Iúdah mo ċunnraḋ noċ do rinne mé ré na naiṫriḃ. 11 ¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, do ḃéara mé olc orra, naċ bá heidir léo do ṡeaċna; agus da mbeiṫ go ngoirfidis ċugam, ní ċluinfe mé íad. 12 Ann sin imeoċuid caiṫreaċa Iúdah agus áitreaḃṫaċa Ierúsalem, agus éiġfid ar na déeiḃ dá nofráluid túis: aċd ní ċuiṁdeoċuid síad íad ar áonċor a naimsir a ndonuis. 13 Oír is do réir uiḃre do ċaiṫreaċa do ḃádar do ḋée, a Iúdah; agus do réir uiḃre sráidionn Ierusalem do ċuireaḃair súas altóra don ní náireaċ sin, eaḋon altóra do losgaḋ túise do Ḃaal. 14 Uimesin ná guiḋsi ar son an ṗobailsi, agus ná tóig súas coṁairc nó urnuiġ ar a son: óir ní éistfiḋ misi íad annsa nam a néiġfid síad ċugam ar son a mbuáiḋearṫa. 15 Cred atá ag mo ġráḋaċ re a ḋéanaṁ ann mo ṫiġsi, ó rinne sí aḋḟuaṫṁaireaċda re móran, agus gur imṫiġ a nfeóil náoṁṫa úait? a nuáir do ní tú olc, is ann sin do ġáirdiġios tú. 16 Do ġoir an TIĠEARNA hainm, Crann glas ola, breáġḋa, agus do ṫoraḋ maiṫ: le fuáim giorruic ṁóir do ḋearg sé teine air, agus do briseaḋ a ġéaga. 17 Oír dfúagair TIĠEARNA na slóġ, do ṗlannduiġ ṫusa, olc ad aġaiḋ, ar son uilc ṫiġe Israel agus uilc ṫiġe Iúdah, noċ do rinneadar na naġaiḋ féin dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge a nofráil túise do Ḃáal. 18 ¶ Agus ṫug an TIĠEARNA a ḟios daṁsa, agus atá a ḟios agam: annsin do ṫaisbéin tú a ngníoṁa ḋaṁ. 19 Aċt do ḃí mé cosṁuil ré luḃán nó re daṁ ḃeirṫior ċum a ṁarḃṫa; agus ní raiḃ a ḟios agam gur ṫionscnadarsan tionnscnaḋ am aġaiḋ, ġa ráḋ, Scriosam an crann maille re na ṫoraḋ, agus gearram amaċ é as tír na mbéo, ċor naċ ccuiṁniġṫear a ainm ní sa ṁó. 20 Aċt, a ṪIĠEARNA na slóġ, a ḃreaṫnuiġios go ceart, ḋearḃus na duḃáin agus an croiḋe, faicimsi do ḋioġaltas orrasan: óir is duitsi dfoillsiġ mé mo ċúis. 21 Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA re muinntir Anatot, noċ íarrus do ḃás, ġa ráḋ, Ná tairrġir a nainm an TIĠEARNA, go naċ néagair re ar láiṁne. 22 Ar a naḋḃarsin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Féuċ, smaiċteoċa misi íad: muirfiġear na daóine óga ris an ccloiḋeaṁ; éugfuid a mic agus a ninġiona ré gorta: 23 Agus ní ḃiáiḋ fuiġioll díoḃ: óir do ḃéara misi olc ar ḟearuiḃ Anatot, eaḋon blíaḋuin a ccúarta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society