Ieremiah 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Nar ċuirṫear a ccoṁḟad re na ċeile Día biṫḃeó, agus íoḋoil déanta do smotán. 1 Eistiġsi an focal a deir an TIĠEARNA ríḃ, a ṫiġ Israel: 2 Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná foġlomuiġ sliġe na ngeinteaḋ, agus ná bíoḋ anḃuáin oruiḃ fa ċoṁarṫuiḃ neiṁe; óir atáid na geinte anḃuáineaċ ṫríoṫa sin. 3 Oír atáid gnáṫa an ṗobail díoṁaóin: óir gearruiḋ aon amaċ crann as an ḃforaois, obair láṁ a noibriġe, leis an ttuáiġ. 4 Maisiġid é le hairgiod agus le hór; ceangluid síad é le tairngiḃ agus le geannairiḃ, go naċ corruiġionn sé. 5 Bíd díreaċ súas mar an ccrann pailme, aċt ní laḃruid siad: is éigin a niomċar, do ḃríġ naċ ḃféaduid siuḃal. Ná bíṫí eaglaċ rompa; óir ní ṫig ḋíoḃ olc do ḋéanaṁ, ní mó fós atá ionta maiṫ do ḋéanaṁ. 6 Do ḃríġ naċ ḃfuil áon cosṁuil riotsa, a ṪIĠEARNA; atá tú mór, agus is mór hainm a ccuṁaċt. 7 Cía ar naċ bía heaglasa, a Ríġ na ccineaḋaċ? óir is riotsa ḃeanas sin: do ḃríġ naċ ḃfuil áon a measc uile ḋaóine críonna na gcineaḋaċ, agus iona rioġaċtuiḃ uile, cosṁuil riotsa. 8 Aċt atáid uile go léir brúideaṁuil agus amadánaċ: atá an smotán na ḟoġluim díoṁaóinis. 9 Túgaḋ airgiod ar na leaṫnúġaḋ amaċ ó Ṫarsis, agus ór ó Uṗas, obair a nfir oibre, agus láiṁe an ċéard óir: gorm agus dearg a néaduiġe: is oibreaċa láṁ ḋaoine críonna íad uile. 10 Aċt isé an TIĠEARNA an Día fíre, isé an Día biṫḃéo, agus an ríġ siorruiḋe é: crioṫnoċuiḋ sé an talaṁ re na ḟeirg, agus ní ḟéadfuid na geinte a a ṁíċéadfa dfúlang. 11 Is marso a déara siḃ ríu, Na dée naċ déarna na neaṁa nó an talaṁ, sgriosfuiġear íad ón ttalaṁ, agus ó faói na neaṁuiḃsi. 12 Do rinne sé an talaṁ le na ċuṁaċt, sé do ḋaingniḋ an talaṁ lé na eagna, agus do ṡín amaċ na neaṁa le na ġliocus. 13 A nuáir ċuirios sé a ġúṫ amaċ, atá iomad uisgeaḋ annsna neaṁuiḃ, agus do ḃeir sé ar na deaṫuiġiḃ dul súas ó ċorruiḃ na talṁan; do ní sé tinnteaċ maille ré fearṫuinn, agus do ḃeir sé an ġáoṫ amaċ as a ionad taisgiḋ. 14 Is ḃrúideaṁuil gaċ uile ḋuine íona éolus féin: do claóiḋeaḋ gaċ uile ċumadóir ann a íoṁáiġ ġreanta: óir is neiṁḟírinne a íoṁáiġ leaġṫa, agus ní ḃfuil ánal ar biṫ ionnta. 15 Is dioṁaóineas íad, agus obair na nearráideaċ: millfiġear íad a nam a ccúarta. 16 Ní cosṁuil roinn Iácob riú: óir is éision cumadóir na nuile neiṫeann; agus isé Israel slat a oiġreaċda: Isé a ainm TIĠEARNA na slóġ. 17 ¶ Cruinniġ súas hearraḋa as an dúṫaiġ, a áitreaḃṫuiġ an daingin. 18 Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, teilgfiḋ mé amaċ áitreaḃṫaċa na tíre ar a nuáirsi, agus ḃéara mé a ccuṁgaċ íad, go nairiġid marsin é. 19 ¶ Mo ṫruáiġe misi do ḃríġ mo luit! atá mo ċneaḋ niṁneaċ: aċt a dúḃairt mé, Is doiliġ so go deiḃin, aċt caiṫfiḋ mé a ḟulang. 20 Do milleaḋ mo ṫabernacuil, agus do briseaḋ mo ċórdaḋa uile: dimṫiġ mó ċlann amaċ asam, agus ní ḃfuilid ann: ní ḃfuil áon do ṡínfeaḋ mo lóistín amaċ ní as mó, agus do ċuirfeaḋ mo ċúirtíne súas. 21 Oír atáid na háoḋuiriġe brúideaṁuil, agus níor íarradar an TIĠEARNA: uimesin ní ḃéuruid síad biseaċ, agus scabfuiġear a ttréada uile. 22 Féuċ, ṫáinic fúaim an tormáin, agus coṁċorruġaḋ mór ón tuáisceart, do ḋéanaṁ caiṫreaċ Iúdah áonránaċ, agus na húaṁaiġ ḋragún. 23 ¶ O a ṪIĠEARNA, atá a ḟios agam naċ ann féin atá sliġe an duine: ní hannsa duine ṡiúḃluiġios atá díorġaḋ a ċoiscéimeaḋ. 24 A ṪIĠEARNA, smaċtuiġ mé, aċt maille re breiṫeaṁnus; ní ann ṫfeirg: deagla go ndeanta neiṁní ḋíom. 25 Dóirt amaċ do ḋíḃḟearg ar na geintiḃ dá naċ aṫnid ṫú, agus ar na muinntearuiḃ naċ goirionn air hainm: óir a dúadar súas Iácob, agus do ṡluigiodar é, agus do ċaiṫeadar é, agus do rínneadar a áitreaḃ uáigneaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society