Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Ieremiah 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil I. Ieremiah ar na ġairm. 11 Fúair sé ḋá ṫaisbéunaḋ ó Ntiġearna.

1 Briaṫra Ieremiah ṁic Hilciah, do na sagartuiḃ do ḃí ann Anatot a ttír Ḃeniamin:

2 Gus a ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA a laéṫiḃ Iosiah ṁic Ammon ríġ Iúdah, annsa treas blíaḋuin déag da rioġaċt.

3 Ṫáinic mar an gcéadna a láeṫiḃ Iehoiacim ṁic Iosia ríġ Iúdah, go deireaḋ a naóinḃliaḋuin déug Ṡedeciah ṁic Iosiah ríġ Iúdah, go breiṫ Ierusalem ar siuḃal a mbraiġdionas an cúigeaḋ mí.

4 ¶ Annsin ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ,

5 Suil do ċum mé ṫú annsa mbolg do ḃí ṫfios agam; agus suil ṫáinic tú amaċ as a mbroinn do náoṁuiġ mé ṫú, agus dórduiġ mé ṫú ad ḟáiġ do na cineaḋaċuiḃ.

6 Annsin a duḃairt misi, Oh, a Ṫiġearna DIA! féuċ, ní ḟéaduim laḃairt: óir is leanaḃ mé.

7 Aċt a duḃairt an TIĠEARNA liom, Ná habair, is leanaḃ mé: óir raċa tú ċum gaċ neiṫe gus a ccuirfiḋ misi ṫú, agus giḋ bé ní aiṫeonas mé ḋíot déara tú é.

8 Ná bíoḋ eagla a naiġṫeaċ ort: óir atáimsi maille riot dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.

9 Annsin do ċuir an TIĠEARNA a láṁ amaċ, agus do ḃeain rem ḃéul. Agus a dúḃairt an TIĠEARNA riom, Féuċ, do ċuir mé mo ḃríaṫra ad ḃéul.

10 Féuċ, do ċuir mé ṫú a niuġ ós cionn ċineaḋaċ agus ós cionn rioġaċt, do ṫoċuilt amaċ, agus do leagaḋ síos, agus do ṁilleaḋ, agus do scrios, agus dfoirgneaḋ, agus do plannduġa.

11 ¶ Tuilleaṁ fós ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugam, ġa ráḋ, A Ieremiah, cred do ċí tú? Agus a duḃairt misi, Do ċím slat almoinne.

12 Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Is maiṫ do ċonnairc tú: óir deifreoċuiḋ misi mo ḃríaṫar da ċoiṁlíonaḋ.

13 Agus ṫáinic focal an TIĠEARNA an dara huáir ċugam, ġa ráḋ, Cred ċí tú? Agus a duḃairt misi, Do ċím pota fiuċaiḋ; agus a aġaiḋ leaṫ ris an ttuaisceart.

14 Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Amaċ as an ttuaisceart ḃrisfeas olc ar a nuile áitreaḃṫaċ san tír.

15 Oír, féuċ, goirfiḋ misi uile ṁuinnteara rioġaċt an tuáisceirt, a deir an TIĠEARNA; agus tiucfuid síad, agus suiġfid gaċ aon díoḃ a ċaṫaoir ríoġa a ndul a steaċ ġeata Ierusalem, agus a naġaiḋ a ballaḋa uile fa ccuáirt, agus a naġaiḋ ċaiṫreaċ Iúdah uile.

16 Agus foíllseoċuiḋ mé mo ḃreiṫeaṁnus na naġaiḋ a ttáoḃ a nuile olc, noċ do ṫréig misi, agus do loisc túis do ḋéeiḃ oile, agus do aḋair oibreaċa a láṁ féin.

17 ¶ Criosluiġ ṫusa ar a naḋḃarsin do leasraċ súas, agus éiriġ, agus laḃair ríu a nuile ní dá naiṫeonuiḋ misi ḋíot: na bíoḋ anḃfainne ort ré na naiġṫiḃ, deagla go cclaóiḋfuinn ṫusa rompasan.

18 Oír, féuċ, do rinne mé ḋíot a niuġ caṫair ḋaingean, agus posta íarruinn, agus ballaḋa práis a naġaiḋ na tíre go hiomlán, a naġaiḋ ríġṫe Iúdah, a naġaiḋ a prionnsaḋ, a naġaiḋ a sagart, agus a naġaiḋ ḋaóine na tíre.

19 Agus troidfid síad ad aġaiḋ, aċt ní ḃéaruid buáiḋ ort; óir atáimsi ad ḟoċair dot ṡáoraḋ, a deir an TIĠEARNA.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan