Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Hosea 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Tiocfaiḋ braiġdionas go cinnte ar Israel arson a bpeacaḋa fúaṫṁur.

1 Na gáirdiġ, a Israel, tré ṡólás, aṁuil daóine oile: óir do ċuáiḋ tú lé stríopaċus ód Ḋía, do ġraḋuiġ tú luáiġeaċd air gaċ uile urlár arḃa.

2 Ní ḃeaṫoċuiḋ an lár, agus daḃaċ a nfíona íad, agus failleoċuiḋ an fíon núaḋ inte.

3 Ní áitreoċuid síad a ndúṫaiġ an TIĠEARNA; aċt fillfiḋ Eṗraim don Négipt, agus íosfuid neiṫe neaṁġlana san Nassíria.

4 Ní ofráilfid síad ofráil ḟíona don TIĠEARNA, ní mó ḃéid dúileaṁuil dósan: biáiḋ a níoḋbarṫa ḋóiḃ féin aṁail arán na ngúḃṫaċ; biáiḋ an ṁéid íosas de sin salaċ: óir ní ṫiucfuiḋ a narán ar son a nanma go tiġ an TIĠEARNA.

5 Cred do ḋéantaói san ló ṡollamanta, agus a ló ḟéusta an TIĠEARNA?

6 Oír, féuċ, dimṫiġeadar do ḃríġ a naiḋṁillte: cruinneoċuiḋ an Négipt súas íad, aḋlocuiḋ Memṗis íad: na háite taitneaṁaċa dá nairgiod, sealḃoċuid neanntóga íad: béid droiġne iona ttiġṫiḃ.

7 Ṫangadar láeṫe an ċoiriġṫe, ṫangadar léaṫe an luáiġeaċta; aiṫeonuiḋ Israel é: is amadán an fáiḋ, atá an duine spioradalta ar buile, ar son iomuid héigceart, agus a naḋḟúaṫa ṁóir.

8 Do ḃí fear faire Eṗraim a ḃfoċair mo Ḋé: aċt is paintéar seaḃcóra an fáiḋ iona uile ṡliġṫiḃ, agus is fúaṫ a ttiġ a Ḋé é.

9 Do ṫruailleadar íad féin go doṁain aṁuil a láeṫiḃ Ġibeah: uimesin cuiṁneoċa sé a néigceart, coireoċa sé a bpeacaḋ.

10 Fúair mé Israel aṁuil grápuiḋe annsa ḃfásaċ; do ċonnairc mé ḃur naiṫre aṁuil an ċéad abuiḋ annsa ċrann fíge iona ċéad aimsir: aċt do ċúadar go Baal‐peor, agus do ḋealċadar íad féin ċum na náire sin; agus do ḃádar a ngráineaṁlaċda amuil mar do ġráḋuiġeadar.

11 Ar son Eṗraim, eitilfiḋ a nglóir úaṫa aṁuil éun, ón ḃreiṫ, agus ón ḃroinn, agus ón ġeineaṁuin.

12 Bíoḋ go ttiuḃraidís a cclann súas, ṫairis sin, scoiṫfiḋ misi íad, iondus naċ ḃfágṫar duine ar bioṫ ḋíoḃ: aseaḋ, fós, a ṁairg ḋóiḃ an tan ḋéileoċus misi riú!

13 Atá Eṗraim, aṁail do ċonnairc mé Tírus, ar na ṗlannduġaḋ a náit aóiḃinn: aċt do ḃéaruiḋ Eṗraim a clann don ṁarḃṫóir.

14 Taḃair ḋóiḃ, a ṪIĠEARNA: créud do ḃéara tú ḋóiḃ? taḃair ḋóiḃ brú ċaillte, agus cíċe seasga.

15 Atáid a ccionta uile a Ngilgal: óir is ann sin do ḟúaṫaiġ mé íad: ar son uilc a ngníoṁ díbeora mé as mo ṫiġ íad, ní ġráiḋeoċa mé íad ní sa ṁó, atáid a bprionusaḋa uile easurramaċ.

16 Do huáileaḋ Eṗraim, do tiormuiġeaḋ súas a ḟréuṁ, ni ṫiuḃraiḋ sé toraḋ ar bioṫ úaḋ: aseaḋ, mátá go nginfeaḋar úaṫa, muirfiḋ misi toraḋ gráḋaċ a mbronn.

17 Teilgfiḋ mo Ḋía seaċad íad, do ḃriġ nar éistiodar ris: agus béid na seaċránaċaiḃ a measc na gcineaḋaċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan