Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Hosea 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI. Searmóin ṡoillier ṡolasaċ a ttáoḃ aiṫreaċus.

1 Deanam, agus filleam ċum an TIĠEARNA: óir isé do ḃris, agus leiġiosuiḋ sé sinn; isé do ḃuáil, agus ceingeola sé súas sinn.

2 A ccionn dá lá aiṫḃeóġa sé sinn: annsa treas lá tóigfe sé súas sinn, agus mairḟiom iona raḋarc.

3 Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.

4 ¶ O a Eṗraim, cred do ḋéana mé riot? O a Iúdah, créad do ḋéana mé riotsa? óir atá ḃur maiṫ aṁuil néull maidne, agus imṫiġiḋ roiṁe mar an ndrúċt ṁóċ.

5 Uime sin do ġeárr mé íad léis na faiġiḃ; do ṁarḃ mé íad lé bríaṫruiḃ mo ḃéil: agus atáid do ḃreiṫeaṁnuis mar an solus ṫéid amaċ.

6 Oír do ḋúiliġ mé trócaire, agus ní híoḋbuirt; agus eólus Dé ní sa ṁó ná ofráil loisge.

7 Aċt do ṡáruiġeadarsan mar ḋaóiniḃ, an ċunnraḋ: annsin do rinneadar go fealltaċ am aġaiḋse.

8 Is caṫair Gílead don druing oibriġios éigceart; agus atá sí ar na truáilleaḋ le fuil.

9 Agus aṁuil ḟeiṫios cuideaċda ṡladṁoireaḋair ḋuine, aṁluiḋ si n marḃuid cuideaċda ṡagart annsa tsliġe dáontoil: óir do níd síad úallaċus.

10 Do ċonnairc mé ní gráineaṁuil a ttiġ Israel: atá stríopaċus Eṗraim annsin, do truáilleaḋ Israel.

11 Mar an ccéadna, a Iúdah, do ṡuiġiḋ sé foġṁar ḋuitsi, a nuáir do iompoiġ misi daóirsine mo ṗobail.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan