Hosea 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Atá pionas iomarcaċ Israel, 15 na raḃaḋ do Iudah. 1 Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċlann Israel: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA ré luċt áitreiḃe na tíre, do ḃríġ naċ ḃfuil fírinne, nó trócaire, nó éolus Dé annsa tír. 2 Brisid síad amaċ lé mionnuiḃ, lé bréaguiḃ, le marḃaḋ, lé goid, lé déanaṁ aḋaltranais, agus beanuiḋ fuil re fuil. 3 Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge. 4 Giḋeaḋ ná ceanairgeaḋ duine ar biṫ, agus ná hiomaiṫḃireaḋ sé neaċ oile: óir atá an pobalso aṁuil an drong ċrioncánas ris an tsagart. 5 Uimesin tuitfiḋ tú annsa ló, agus tuitfiḋ an fáiḋ maille leaċd san noiḋċe, agus scriosfuiḋ mé do ṁaṫair. 6 ¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa. 7 Aṁuil do ṁéaduiġeadar, is marsin do ṗeacuiġeadar am aġaiḋsi: uimesin do ḃéara mé a nglóir ar náire. 8 Iṫid síad súas peacaḋ mo ḋaóine, agus cuirid a ccroiḋe air a néigceart. 9 Agus aṁuil an pobal, is mar sin ḃías an sagart: agus smaiċteoċa misi íad ar son a sliġṫeaċ, agus do ḃéara mé luáiḋeaċt a ngnioṁ ḋóiḃ. 10 Oír íosuid síad, agus ní ḃiáiḋ go lór aca: do ḋéanuid stríopaċuis, agus ní ḟoirlíonfuid síad: do ḃríġ gur léigeadar ḋíoḃ aire do ḃeiṫ aca ar an TIĠEARNA. 11 Beiriḋ stríopaċus agus fíon agus fíon núaḋ an ċroiḋe leis. 12 ¶ Iarruid mo ḋaóine coṁairle air a smotánuiḃ, agus foillsiġiḋ a mbata ḋóiḃ: óir ṫug spiorad an stríopaċuis orra dul air seaċrán, agus do ċúadar do stríopaċus ó ḃeiṫ faói na Ndía. 13 Ioḋbruid síad air ṁúlluiġiḃ na slíaḃ, agus loisgid túis air na cnocaiḃ, fáoi ḋairġiḃ agus ṗoblar agus ṡleaṁán, do ḃríġ gur ṁaiṫ a scáiṫsin: uimesin do ḋéanuid ḃur ninġiona stríopaċus, agus do ḋéanuid ḃur mná pósta aḋaltranas. 14 Ní smaiċteoċa misi ḃur ninġiona a nuáir do ḋéanuid stríopaċus, nó ḃur mná posda an tan do ḋéanuid aḋaltrannas, óir atáid féin déaluiġṫe le stríopaċaiḃ, agus íoḋbruid re meirdreaċaiḃ: uimesin tuitfid na daóine naċ ttuigeann. 15 ¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopaċus, ṫairis sin ná ciontuiġeaḋ Iúdah; agus ná tígiḋse go Gilgal, narab mó raċtaói súas go Bet‐aḃen, agus ná mionnuiġiḋ, Mairiḋ an TIĠEARNA. 16 Oír sleaṁnuiġiḋ Israel ar ais aṁuil seaċḃuiḋ ṡleaṁnuiġios air a hais: anois bíaḋfuiḋ an TIĠEARNA íad aṁuil úan a náit ḟairsing. 17 Do ceanglaḋ Eṗraim lé hioḋaluiḃ: léig ḋó féin. 18 Atá a ndeoċ searḃ: do rinneadar stríopaċus a ccoṁnuiḋe: gráḋuiġid a húaċtaráin maille ré náire, Tugaiḋ uáiḃ. 19 Do ċeangail an ġáoṫ súas í iona scíaṫánuiḃ, agus biáiḋ náire orra do ḃríġ a níoḋbarṫa. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society