Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Hosea 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Ceangail Ċríosd re na Eagluise, agus gaċ einni ré Día.

1 Abraiḋsi ré ḃur ndearḃráiṫriḃ, Ammi; agus ré ḃur ndeirḃṡeaṫraċaiḃ, Ruhamah.

2 Tagraiḋ ré ḃur maṫair, tagraiḋ: óir ní hí mo ḃeansa í, ní mó is misi a fearsa: ar a naḋḃarsin cuireaḋ sí uáiṫe a stríopaċus as a raḋarc amaċ, agus a haḋaltrannas ó idir a cíoċuiḃ;

3 Deagla go noċtfuinnsi tárnoċd í, agus go ccuirfinn í do nós an laói a rugaḋ í, go ndéanuinn aṁuil fásaċ í, agus go ndéanuinn aṁuil fearann tirim í, agus go muirfinn lé tart í.

4 Agus ní ḃiáiḋ truáiġe agum dá cloinn; óir isiad clann an stríopaċuis.

5 Oir do rinne a maṫair meirdreaċus: an ḃean do ġein íadsan do rinne sí ní gráineaṁuil: óir a duḃairt sí, Leanfa mé a ndiáiġ máosgráḋ, do ḃeir ḋaṁ marán agus muisge, molann agus mo lion, mola agus mo ḋeoċ.

6 Uime sin, féuċ, falfa mé súas do ṡliġe lé droiġionuiḃ, agus do ḋéana mé balla, go naċ ḃfuiġe sí a casáin.

7 Agus leanfa sí a ndiáiġ a háosgráḋ, aċt ni ḃéara sí orra; agus iarrfuiḋ sí íad, aċt ní ḃfuiġe sí íad: annsin a déara sí, Imeoċa mé agus fillfiḋ mé ċum mo ċéidḟir; óir do bfeárr do ḃáḋ agam a núair sin ná a nois.

8 Oír ní raiḃ a ḟios aice go ttug mé ḋi arḃar, agus fíon, agus ola, agus gur ḟoirlion mé a hór agus a hairgiod, noċ do ġléasadarsan do Ḃáal.

9 Uimesin fillfiḋ mé, agus do ḃéara mé marḃar liom iona am féin, agus mfíon iona am féin, agus ḃéara mé liom molann agus mo lion tugaḋ dfolaċ a tárrnoċduiġ.

10 Agus anois foillseoċa mé a húallaċus a raḋarc a háos gráḋa, agus ní ṡáorfuiḋ duine ar bioṫ í as mo láiṁ.

11 Do ḃéara mé fós air a sólás uile sgur, a laéṫe féusta, a rée núaḋa, agus a sabbóide, agus a féusdaḋ sollamonta uile.

12 Agus millfe mé a fíneaṁna agus a ccrainn fíge, dá ndúḃairt sí, Isíad so mo ċoiḃṫesi ṫugadar máos gráḋa ḋaṁ: agus do ḋéana mé foraóis díoḃ, agus íosuiḋ beaṫuiġ an ṁaċaire íad.

13 Agus aigeora mé láeṫe Ḃáalim uirre, ionar loisg sí túis dóiḃ, agus ann ar ḋeaġṁaisiġ si í féin le na clúasḟáinniḃ agus le na séuduiḃ, agus do ċuáiḋ sí a ndiáiġ a háosgráḋa, agus do ḋearmuid sí misi, a deir an TIĠEARNA.

14 ¶ Uime sin, féuċ, bréugfa mé í, agus do ḃéara mé do nfásaċ í, agus laiḃeóra mé go muinntearḋa ría.

15 Agus do ḃéara mé gárraḋa a fíneaṁna ḋí as sin, agus gleann Aċor mar ḋorus dóṫċuis: agus do ḋéana sí céol annsin, mar a láeṫiḃ a hóige, agus aṁuil an lá ṫánic sí súas amaċ as criċ na Hégipte.

16 Agus is aṁluiḋ ḃías annsa ló sin, a deir an TIĠEARNA, go ngoirfiḋ tú Mfear ḋíomsa; agus naċ ngoirfiḋ tú Bahali ní is mo ḋíom.

17 Oír do ḃéara mé anmanna Ḃaalim amaċ as a béul, agus ní cuiṁneoċṫar as a nainm ní is mó íad.

18 Agus annsa ló sin do ḋéana mé cunnraḋ ḋóiḃ ré beaṫaċaiḃ an ṁaċaire, agus ré héunlaiṫ neiṁe, agus ré neiṫiḃ snáiḋeaċ na talṁan: agus brisfe mé an boġa agus an cloiḋeaṁ agus an caṫ as an ttalaṁ amaċ, agus do ḃéara mé orra luiġe síos go suáiṁneaċ.

19 Agus pósfa mé ṫusa riom fein go bráṫ: fós pósfa mé riom féin ṫú a nionnracus, a mbreiṫeaṁnus, agus a ccinéul ġráḋaċ, agus a ngrásaiḃ.

20 Ceangóla mé fós riom ṫú a nionnracus: agus aiṫeonuiḋ tú an TIĠEARNA.

21 Agus tiucfa á ccríċ annsa ló sin, go ccluinfe misi, a deir an TIĠEARNA, cluinfiḋ mé na neaṁa, agus cluinfid sin an talaṁ,

22 Agus cluinfiḋ an talaṁ an tarḃar, agus an fíon, agus a nola, agus cluinfid síadsan Iesreel.

23 Agus síolċuirfiḋ mé riom annsa talaṁ í, agus do ḋéana mé grása uirre naċ ḃfuáir grása; agus a déara mé ris an ndruing naċ raiḃ mo ṗobal, Is tú mo ṗobal; agus a déaruid síadsan, Is tú mo Ḋía.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan