Hosea 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Do ní trócaire Dé, seasṁaċ na daoine filleas leis. 1 Oh a Israel, fill ċum an TIĠEARNA do Ḋía; óir ṫuit tú lead éigceart. 2 Glac ċugad bríaṫra, agus fill ċum an TIĠEARNA: abair ris, Beir uáinn a nuile éicceart, agus gaḃ ċugad go grásaṁuil sinn: marsin do ḃéaram uáinn laóiġ ar bpuisíneaḋ. 3 Ní ċáoṁnoċaiḋ Assur sinn; ní ḋéanam marcuiġeaċt air eaċaiḃ: ní mó a déaram ní is mó le hobair ar láṁ, Is siḃsi ar ndéne: óir is ionnadsa do ġeiḃ an dílleaċda trócaire. 4 ¶ Sláineoċa mé a sleaṁnuiġṫe siar, bíáiḋ gráḋ agum orra go toileaṁuil: óir dfill mfearg úaḋ. 5 Biáiḋ mé mar an ndruċt Dísrael: fásfuiḋ sé mar an lile, agus cuirfiḋ sé a ḟréaṁa amaċ aṁuil Lebanon. 6 Leaṫnoċuid a ḃeangáin, agus biáiḋ a sgíaṁ aṁuil crann ola, agus a ḃolaḋ aṁuil Lebanon. 7 Fillfid an drong áitreaḃus faoi na scáile, aiṫḃeoċuid aṁuil an tarḃar, agus fásfuid mar an ḃfíneaṁuin: biáiḋ a ḃolaḋ aṁuil fion Lebanon. 8 A déara Eṗraim, Créd atá agam ré a ḋéanaṁ ní is mó ré hioḋaluiḃ? do ċúaluiḋ mé, agus dairiġ mé é: is cosṁuil mé ré crann ġlas giuṁais. Is uáimse fríṫ do ṫoraḋsa. 9 Cía is críonna, agus tuigfe sé na neiṫese? glic, agus aiṫeona sé íad? óir is díreaċ sliġṫe an TIĠEARNA, agus siuḃoluid na fíréin ionta: aċt tuitfid na ciontuiġ ionta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society