Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Hosea 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


CAIB. I. Los trom‐ḃreṫeaṁnus Dé do ṫaisbeanaḋ arson ioḋolaḋraḋ, diarraḋ ar Hosea, meirdreaċ do ġaḃail na mnaói.

1 Briaṫar an TIĠEARNA, noċ ṫáinic go Hosea, ṁac Beeri, a láeṫiḃ Ussiah, Iotam, Ahas, Heseciah, ríġṫe Iúdah, agus a láeṫiḃ Ieroboam ṁic Ioas ríġ Israel.

2 ¶ Tosaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA tre Hosea. Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Hosea, Imṫiġ, gaḃ ċugad bean stríopaċuis agus clann stríopaċuis: óir do rinne an tír stríopaċuis mór, ag deaġail ris an TTIĠEARNA.

3 Marsin dimṫiġ sé agus ṫug Gomer inġean Ḋiblaim; noċ do toirrċeaḋ, agus rug mac ḋó.

4 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Goir Iesreel dainm ḋe; óir fós ar feaḋ uáine bige, agus diġeola misi fuil Iesreel air ṫiġ Iehu, agus do ḃéara mé air rioġaċd ṫiġe Israel cosg.

5 Agus tiucfuiḋ a ccriċ annsa lósin go mbrisfiḋ mé bóġa Israel a ngleann Iesreel.

6 ¶ Agus do toirrċeaḋ a rís í, agus rug sí inġean. Agus a duḃairt Día ris, Goir Lo‐ruhamah dainm ḋi: óir ní ḃiáiḋ truáiġe agam ní sa ṁó do ṫiġ Israel; aċt cuirfiḋ mé a múġa ṫríd amaċ íad.

7 Aċt biáiḋ truáiġe agum do ṫiġ Iúdah, agus tárrṫeċa mé íad maille ris an TTIĠEARNA a Ndía, agus ní lé bóġa, nó lé cloiḋeaṁ, ṫárrṫoċus mé íad, nó lé caṫ, nó lé heaċaiḃ, nó lé marcslúaġ.

8 ¶ Anois a núair do ċoisc sí Loruhamah, do toirrċioḋ í, agus rug sí mac.

9 Annsin a duḃairt Día, Goir Loammi dainm ḋe: Oir ní siḃ mo ṗobalsa, agus ní buḋ mé ḃur Ndía.

10 ¶ Gidbeaḋ biáiḋ uiḃir ċlainne Israel aṁuil gaineaṁ na fairge, naċ féidir do ṫoṁas nó dáireaṁ; agus tiucfa a ccríċ, annsa náit a ndúḃraḋ ríu, Ní siḃsi mo ḋaóinesi, annsin a déarṫar ríu, Is siḃsi mic an Dé ḃí.

11 Annsin cruinneoċṫar clann Iúdah agus elann Israel a naóinḟeaċd, agus cinnfid aóinċionn dóiḃ féin, agus tiucfuid súas as an ttír: óir buḋ mór lá Iesreel.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan