Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Heṗesiánaċ 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VI Ríaġlaiġte tiġeaḋais. 10 agus náoṁairm ċoṫuiġṫe na beaṫa coġṫaċsa.

1 A ċlann, bíġiḋ úṁal dá ḃur naiṫriḃ agus da ḃur maiṫriḃ sa Dtíġearna: óir as coir so.

2 Taḃair onóir dod aṫair agus dod ṁaṫair; (noċ as é ċéud áiṫne maille ré geallaṁuin;)

3 Ionnus go mbíaḋ raṫ ort, agus go mbíaḋ fad-sáoġuil agad ar an dtalaṁ.

4 Agus, a aiṫreaċa, ná brosduiġe ḃur gclann ċum feirge: aċd tógḃuiḋ súas íad a dteagusg agus a ḃfoirċeadal an Tíġearna.

5 A ṡearḃḟoġantuiġiḋ, bíġiḋ úṁal dá ḃur maiġisdriḃ do réir na féola, maille ré faitċeas agus ré crioṫnuġaḋ, a ḃfíorġloine ḃur gcroiḋeaḋ, aṁuil do ḃíaḋ siḃ, do Ċríosd;

6 Ní ag déunaṁ seirḃíse don tsúil, mar an luċd do ní toil na ndáoine; aċd mar ṡearḃḟoġantuiġiḃ Ċríosd, ag déunaṁ toil Dé ó ċróiḋe;

7 Maille ré deagṫoil ag déunaṁ seirḃíse, aṁuil do Tíġearna, agus ní do ḋáoiniḃ:

8 Ar mbéiṫ a ḟeasa aguiḃ giḋ bé maiṫ do ḋéunas gaċ áon, go ḃfuiġe sé a lúaiḋeaċd ón Dtíġearna, más dáor nó sáor é.

9 Agus, a ṁaiġisdri, déunuiḋse na neiṫer céudna ḋóiḃsion, ag cur bagair ar gcúl: ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ go ḃfuil ḃur Maiġisdir féin air neaṁ mar an gcéudna; agus naċ ḃfuil féuċuin do ṗearsuinn seaċ a ċéile aige.

10 Fá ḋeóiġ, a ḋearḃráiṫreaċa, bíġiḋ neartṁar sa Dtíġearna, agus a gcúṁaċd a neirtsion.

11 Cuiriḋ iomuiḃ armáil Dé go huiliḋe, ionnus go maḋ féidir liḃ seasaṁ a naḋuiġ ṡliġṫeadóireaċd an Díaḃail.

12 Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, aċd ré húaċdaranuiḃ, ré cúṁaċduiḃ, ré prionnsuiḋiḃ an doṁuin ḋorċaduis an tsáoġailse, ré droċsbioraduiḃ, noċ atá sna hionaduiḃ árda.

13 Uime sin glacuiḋ ċuguiḃ armáil Dé go huiliḋe, ċum go maḋ-féidir liḃ cur na naḋuiġ a ló an ríaċdanuis, agus seasaṁ ar gcríoċnuġaḋ, na nuile neiṫeann dáoiḃ.

14 Uime sin seasuiḋ, ar mbeiṫ dá ḃur leasraċuiḃ ar na gcreasluġaḋ ré firinne, agus ar gcur éidiġ uċda na fíreantaċda iomuiḃ;

15 Agus brogan ullṁuiġṫe ṡoisgéil na sioṫċána fá ḃur gcosaiḃ;

16 Agus tar gaċ uile ní, glacuiḃ ċuguiḃ, sgíaṫ an ċreidiṁ, tré na dtucfuiḋ ḋíḃ uile ġáeṫe tinntiġe na droċsbioruidedo ṁúċaḋ.

17 Agus gaḃuiḋ ċuguiḃ clogud na sláinte, agus cloiḋeaṁ na Sbioruide, eaḋon bríaṫar Dé.

18 Ar mbeiṫ díḃ ag úrnuiġe do ṡíor ré gaċ áoin ġné úrnuiġe agus aṫċuinġe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gaċ uile ḃúanas agus ġuiḋe ar son na nuile náoṁ;

19 Agus ar mo ṡonsa, ionnus go dtiuḃarṫáoi ḋaṁ cumas laḃarṫa, a nosglaḋ mo ḃéil maille ré danaċ, ċum seicreide an tsoisgéil do ḟoillsiuġaḋ ḋaṁ.

20 Dá ḃfuilim um ṫeaċdaire a ngéiḃeann: ionnus go ndéunuinn danaċd laḃarṫa as, mar as éigean daṁ láḃairt.

21 Aċd ionnus go mbíaḋ fios aguiḃse air na neiṫiḃ ḃeanas riomsa, agus créd do nim, foillseóċuiḋ Tiċicus, dearḃráṫair gráḋaċ agus minisdir díleas sa Dtíġearna, na huile neiṫe ḋiḃ:

22 Noċ do ċur mé ċuguiḃ a dtimċioll a náḋḃairse féin, ionnus go mbíaḋ fios na neiṫeann ḃeanus rinne aguiḃse, agus go dtíuḃraḋ cóṁḟurtaċd dá ḃur gcróiḋṫiḃ.

23 Sioṫċáin ris na dearḃráiṫriḃ, agus gráḋ maille ré creideaṁ, ó Ḋía Aṫar agus on Dtíġearna Iósa Críosd.

24 Grása maille ris na huile ḋáoiniḃ ġráḋuiġeas ar Dtíġearna Iósa Críosd maille ré neaṁṫruáilleaḋ. Amén.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan