Heṗesiánaċ 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II Olcus staid ḋuine ó nádur, 13 aċd gu rug Críosd a ḃfogus do ḋeaġ-ḃeaṫa, 18 agus do Ḋía é. 1 Agus dó ḃeóḋuiġ sé siḃse, ar mbeiṫ díḃ marḃ a gcionntuiḃ agus a bpeacuiġiḃ; 2 Ann a raḃaḃair a nallód ag siuḃal do réir nóis an tsáoġailse, do réir an ṗrionnsa agá ḃfuil cúṁaċda a naiéir, agus na sbiorúide óibriġeas a nois a gcloinn na heasúṁlaċda: 3 Agá raḃamairne uile mar an gcéudna nar gcoinḃearsaid a nallód a nainṁíanuiḃ na colla, ag taḃairt a tóla féin don ċoluinn agus do na smuáintiġiḃ; agus do ḃámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éaḋon mar ċáċ. 4 Aċd Día, noċ atá saiḋḃir a dtrócaire, tré na ṁórġráḋ lér gráḋuiġ sé sinn, 5 Ar mbéiṫ ḋúinn fós marḃ tré ċionntuiḃ, do ċóiṁḃeóḋuiġ sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuiḃ ṡlánaiġṫear siḃ; 6 Agus do ċomṫóg sé súas, agus do ċomṡuiġiḋ sé sinn air neaṁ a Niósa Críosd: 7 Ionnus go ḃfoillseóċaḋ sé sna haimsearuiḃ atá ċum teaċda saiḋḃreas rolíonṁar a ḃrás tré ṁaiṫeas ḋár dtáoḃne a Níosa Críosd. 8 Oír as tré ġrás atá siḃ ar ḃur slánuġaḋ tré ġrás atá siḃ ar ḃur slánuġaḋ tré ċreideaṁ; agus ní uáiḃ féin so: aċd tioglacaḋ Dé: 9 Ní ó oibriġṫiḃ, deagla go ndéanaḋ áonduine uáill as féin. 10 Oír as sinne a obairsion, air a gcrúṫuġaḋ a Níosa Críosd ċum déaġoibriġeaḋ, noċ do ullṁuiġ Día roiṁ láiṁ, ċum sinne do ṡiuḃal ionnta. 11 Uime sin bíoḋ ar coiṁne aguiḃ, ar mbeiṫ ḋaóiḃ a nallód ḃur Gcineaḋaċuiḃ sa ḃfeóil, da ngoirṫí an Neaṁṫimċillġearraḋ ris an druing da ngoirṫear an Timċillġearraḋ do níṫear lé laṁuiḃ sa ḃfeóil; 12 Go raḃaḃair sa naimsirsin a néuġṁais Ċríosd, ar mbeiṫ ḋáoiḃ gan buáin aguiḃ ré maiṫeas puibliḋe Israél, agus ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ do ċonnarṫuiḃ na geallaṁna, ar mbeiṫ díḃ gan muiniġin, agus gan Día ar biṫ aguiḃ san tsáoġal: 13 Aċd a nois a Níosa Críosd atá siḃse ḃi ar uáiriḃ neaṁċóṁgaracg ar ḃur ndéunaṁ coṁgaraċ tré ḟuil Ċríosd. 14 Oír as eision ar síoṫċáinne, noċ do rinne áon dinn aráon, agus do ḃris síos balla méaḋónaċ na teóruinne; 15 Ar gcur a naiṁdeanuis ar gcúl dó tré na ḟeóil, éaḋon reaċd na naiṫeantaḋ maille ris na hórduiġṫiḃ; ionnus go ndéanaḋ sé áonduine aṁáin núaḋ do ḋías ann féin, ag déunaṁ sioṫċána; 16 Agus go ndéanaḋ réiḋ ar áon íad ré Día náonċorp tres an gcroiċ, lér ċuir sé an naiṁdeanas ar gcúl: 17 Agus ar dteaċd ḋó do ṡoisgéil sé sioṫċáin diḃse náċ raiḃ na ċoṁgar, agus don druing do ḃí na ċoṁgar. 18 Oír is trídsion atá ar sliġe ar áon ré dul steaċ ċum a Naṫar a náoin Spioruid. 19 Uime sin ní ḃfuiltí ní sa ṁó ḃur gcoiṁiġṫeaċuiḃ ná ḃur gcoigcríoċuiḃ, aċd ḃur luċd áonċaiṫreaċ do na náoṁuiḃ, agus ḃur luċ tiġe Dé; 20 Ar mbeiṫ díḃ áitiġṫe ar ḟonndameint na nabsdal agus na ḃfáiġeaḋ, ar mbeiṫ Díosa Críosd féin na ċloiċ ċinn ag an ccuáinne; 21 As a ḃfásann an teaguis uile súas ar mbeiṫ ḋó go ceart ceanguilte ḋa ċéile annsan ċum ḃeiṫ na ṫeampoll náoṁṫa sá Dtiġearna: 22 Ann a ḃfuil siḃse mar an gcéudna ar ḃur gcomṫógḃáil súas ionnus go mbíaḋ siḃ ḃur dteaġuís ċoṁnuiḋe ag Día trés an Spioruid. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society